Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 5: Idirghníomhartha

Chun idirghníomhartha cuiditheacha (leanbh/leanbh, leanbh/duine fásta agus duine fásta/duine fásta) a chothú, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas soiléirithe a leagann béim ar luach an phróisis agus atá bunaithe ar mheas cómhalartach, páirtíocht chomhionann agus comhthuiscint.

Comhpháirt 5.1 | Comhpháirt 5.2 | Comhpháirt 5.3 | Comhpháirt 5.4 | Comhpháirt 5.5 | Comhpháirt 5.6

Comhpháirt 5.1 - Bíonn ar chumas gach pháiste idirghníomhú lena c(h)omhaoisigh agus le páistí nach bhfuil ar chomhaois léí/leis i mbeirteanna, i ngrúpaí beaga agus uaireanta i ngrúpaí móra.

Deis Mhachnaimh

5.1.1

Cén dóigh a léiríonn do phleanáil acmhainneacht an pháiste chun foghlaim i gcomhoibre le páistí eile? Féach 6.6 Féach 7.4


5.1.2

Le linn an ghnáthaimh laethúil, cad iad na deiseanna a bhíonn ag gach páiste chun idirghníomhú a dhéanamh le páistí eile nó le grúpaí beaga de pháistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Socruithe suíochán
  • Leagan amach an spáis Féach 2.1
  • Láithreacha gníomhaíochta difriúla Féach 2.5 / 2.6
  • Amanna béile/sneaice
  • Amanna glanta suas
  • Am pleanála
  • Lasmuigh/laistigh

5.1.3

Cad iad na socruithe atá ann le cur ar chumas páistí meascadh le páistí d'aoiseanna eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Pleanáil Uile-Scoile
  • Deiseanna teagmhála le deartháireacha/deirfiúracha/cairde/páistí eile
  • Páistí níos sine 'ag cuidiú' le páistí níos óige
  • Ócáidí roinnte

5.1.4

Cén dóigh a riarann tú obair ghrúpa laistigh de do sheomra ranga?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Obair ghrúpa mhór a riar sa dóigh go dtig le gach páiste a chur leis
  • An méid ama a chaitheann an páiste i ngníomhaíochtaí grúpa mhóir/iomláin a íosmhéadú
  • Gníomhíochtaí oiriúnacha do ghníomhaíochtaí grúpa mhóir/iomláin
  • A chur ar chumas an pháiste éirim agus toilteanas chun labhairt agus comhoibriú le páistí eile a fhorbairt

Comhpháirt 5.2 - Faigheann gach páiste tacaíocht chuí chun a chur ar a c(h)umas idirghníomhú go dearfach le páistí eile.

Deis Mhachnaimh

5.2.1

Cad é do ról maidir le tacaíocht a thabhairt don pháiste le bheith idirghníomhach le páistí eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)


5.2.2

Cén cineál idirghníomhaíochtaí comhoibrithe idir páiste agus páiste eile nó páistí eile a thug tú faoi ndeara agus a bhraith tú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foghlaim
  • Comhrá
  • Caidrimh
  • Cuidiú lena chéile
  • Idirbheartaíocht
  • Comhghéilleadh
  • Roinnt
  • Uainíocht
  • Caismirt
  • Argóint

5.2.3

Cad iad na straitéisí atá ann chun caismirtí idir pháistí a riar?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht a thabhairt don pháiste a bhfuil deacracht aige idirghníomhú le páistí eile
  • Cásanna ina mbeadh caismirt san idirghníomhú
  • Cuidiú le páistí caismirtí a réiteach iad féin gan tusa a bheith ag cur réiteach orthu (m. sh., idirbheartaíocht, comhghéilleadh, éisteacht, mothúcháin a ainmniú, mothúcháin a aithint, &rl.)
  • Treoir agus smacht tacaíoch a chur ar fáil
  • Ionchais réadúla a léiriú d'aois agus d'fhorbairt aonair an pháiste

5.2.4

Cén dóigh a gcuireann tú ar chumas páiste a bhíonn ag súgradh leis féin i gcónaí idirghníomhú le páistí eile?


5.2.5

Cad iad na bealaí a n-éascaítear páistí chun oibriú le chéile i ngrúpaí beaga?


Comhpháirt 5.3 - Úsáideann an duine fásta gach gné de ghnáthaimh an lae (gnáthaimh fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon) chun idirghníomhú go tuisceanach agus go measúil leis an páiste.

Deis Mhachnaimh

5.3.1

Cad iad na deiseanna a ghlacann tú chun idirghníomhú leis an bpáiste go dearfa?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Beannachtaí
  • Gnáthaimh chúraim
  • Amanna sneaice agus béile
  • Idirghníomhaíochtaí duine le duine
  • Gníomhaíochtaí grúpaí beaga
  • Gníomhaíochtaí grúpaí móra
  • Am glanta suas
  • Am súgartha
  • Comhrá teagmhasach
  • Gníomhaíochtaí pleanála
  • Amhránaíocht agus rannaireacht
  • Cluichí

5.3.2

Cén dóigh a n-úsáideann tú na deiseanna leanúnacha seo?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Éisteacht
  • Teagmháil súl
  • Labhairt leis an bpáiste - ní faoin bpáiste
  • Mothúcháin an pháiste a bhreathnú
  • Íogaireacht agus cineáltas a léiriú
  • Idirghníomhú a dhéanamh ar feadh am ábhartha
  • A bheith oiriúnach d'aois agus d'fhorbairt an pháiste
  • Spraoi
  • Forbairt agus foghlaim an pháiste a bhreathnú
  • Leanúint de threoir an pháiste

5.3.3

Cén dóigh a dtig le hidirghníomhaíochtaí neamhbhriathartha cineáltas agus tacaíocht a léiriú?


5.3.4

Cén dóigh a dtig leat a chinntiú go mothaíonn an páiste sábháilte leat? Féach 9.6


Comhpháirt 5.4 - Bíonn stíl idirghníomhaithe an duine fhásta dírithe ar phróiseas seachas ar fhorthorthaí agus tá cothromaíocht sa stíl sin idir labhairt agus éisteacht. Tugtar rogha freagraí don pháiste, agus mealltar an páiste chun úsáid níos leithne a bhaint as an teanga. Leantar tuairimí agus suimeanna an pháiste, agus cuirtear dúshláin chuí roimh an bpáiste.

Deis Mhachnaimh

5.4.1

Cad iad na bearta a thig leat a ghlacadh chun an seans go mairfidh na hidirghníomhartha idir tú féin agus an páiste ar feadh méid fónta ama a mhéadú?


5.4.2

Agus tú ag coinneáil na hidirghníomhaíochta idir tú féin agus an páiste ar siúl ar feadh méid fónta ama cad é a thairgeann an próiseas don pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cumas idirghníomhaíochta reatha an pháiste
  • Acmhainneacht an pháiste
  • Comhthéacs na hidirghníomhaíochta
  • Caidreamh éisteora/cainteora
  • Tuiscint an aosaigh ar úsáid teanga, foghraíochta, &rl. an pháiste
  • Réim airde
  • Cumarsáid
  • Deiseanna d'fhorbairt teanga Féach 14.2

5.4.3

Más infheidhme, cén dóigh a n-athraíonn tú do stíl idirghníomhaíochta sa dóigh go mbeidh sí oiriúnach do ghníomhartha páiste le riachtanais speisialta?


5.4.4

Cén dóigh a dtig le do chuid freagraí tacú le páiste i dtreo foghlama agus brí úire?


5.4.5

Cén dóigh a n-úsáideann tú réamhfhoghlaim an pháiste chun tacú le "déanamh brí"?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Suimeanna an pháiste
  • Eispéiris an pháiste
  • Réamhfhoghlaim an pháiste (m. sh., ranna, scéalta, daoine, teaghlach, &rl.)

5.4.6

Agus tú ag idirghníomhú le páiste aonair nó grúpa páistí, cad iad na dúshláin atá ann duit chun a chinntiú gurb é an páiste a dhéanann an chuid is mó den chaint?


5.4.7

Cén tionchar a bhíonn ag méid an ghrúpa (beag/mór) ar an méid cainte a dhéanann tú féin?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Toirt
  • Tuin
  • Cóimheas cainte an mhúinteora:pháistek

5.4.8

Cad a bhreathnaíonn tú agus tú ag éisteacht le hidirghníomhaíochtaí páistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Úsáid teanga an pháiste
  • Struchtúr abairtí
  • Cumarsáid neamhbhriathartha

5.4.9

An dtig leat sampla a thabhairt d'idirghníomhaíocht le páiste inar lean tú treoir an pháiste?


5.4.10

An dtig leat sampla a thabhairt d'idirghníomhaíocht a thosaigh tú féin?


5.4.11

Nuair a athbhreithníonn tú idirghníomhaíocht a bhí agat le páiste/grúpa páistí, cad iad na hathruithe, más ceann ar bith, a dhéanfá ar do stíl idirghníomhaíochta?


5.4.12

I do chuid idirghníomhaíochtaí leis an bpáiste, cad iad na tréithe próisis a gcuireann tú béim orthu?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tráchtanna agus ceisteanna oscailte
  • Aird dhearfach
  • Fanacht leis an bpáiste smaointe a chruthú
  • Freagraí forbartha a spreagadh
  • Teanga thuairisciúil a spreagadh
  • Suimeanna an pháiste a scrúdú

5.4.13

Cad é a bhíonn tú ag iarraidh a bhaint amach trí do chuid freagraí ar an bpáiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Freagra forbartha ón bpáiste
  • Comhoibriú
  • Treoir
  • Dul i gcomhar le chéile
  • Idirbheartaíocht
  • Tuiscint
  • Dearbhú
  • Féiniúlachtaí dearfacha
  • Mothú muintearais
  • Feasacht chultúrtha
  • Dúshlán
  • Soiléiriú
  • Freagairt
  • Tráchtanna a thabhairt

5.4.14

I gcomhthéacs an dá deis mhachnaimh roimhe seo, cad iad na dúshláin atá ann maidir le hidirghníomhú ar an mbealach seo le páiste nó grúpa páistí?


5.4.15

Má sainaithníodh dúshláin, cad iad na straitéisí is féidir a fhorbairt chun na dúshláin seo a bhaint amach?


Comhpháirt 5.5 - Bíonn idirghníomhaithe na ndaoine fásta atá laistigh den suíomh, nó a bhfuil baint acu leis an suíomh, ina sampla measa, tacaíochta agus chomhpháirtíochta don pháiste.

Deis Mhachnaimh

5.5.1

Cén dóigh a léiríonn do chuid idirghníomhartha le tuismitheoirí meas cairdiúil agus comhpháirtíocht? Féach 3.3 Féach 11.5


5.5.2

Má oibríonn tú mar chuid d'fhoireann (m. sh., múinteoirí naíonán eile, cúntóirí seomra ranga, cúntóirí riachtanas speisialta, &rl.), cad iad na dílseachtaí dearfacha a léirítear sa dóigh ina n-oibríonn baill foirne le chéile? Féach 10.5

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Freagracht don fhoireann
  • Tiomantas
  • Cuidiú aonair a aithint
  • Smaointe a roinnt
  • Tacú le feabhas/tionscnamh
  • Dul i gcomhar le chéile agus comhoibriú
  • Comhchomhairle
  • Meas proifisiúnta
  • Rúndacht
  • Éisteacht
  • Tacaíocht
  • Iontaofacht
  • Laigeachtaí/láidreachtaí a aithint
  • Feasacht chultúrtha

5.5.3

Cén tionchar a bhíonn ag nádúr na n-idirghníomhartha idir mhúinteoirí/aosaigh laistigh den scoil ar fhoghlaim agus fhorbairt an pháiste?


5.5.4

An bhfuil deiseanna ann don pháiste chun idirghníomhartha dearfacha a léiríonn múinteoirí/aosaigh a bhreathnú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhoibriú
  • Cuidiú
  • Uainíocht
  • Léiriú cineáltais
  • Fadhbréiteach

Comhpháirt 5.6 - Tá beartas soiléir scríofa agus nósanna imeachta dá réir ann atá ina mbunús ag an gcleachtas idirghníomhaithe sa suíomh.

Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

5.6.1

Cad a deir polasaí na scoile faoi idirghníomhartha idir páistí agus aosaigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Iompar maith a chur chun cinn
  • Iompar do-ghlactha
  • Buanchruthú diúltach Féach 14.2 / 14.3
  • Bulaíocht
  • Réiteach caismirtí
  • Freagracht agus bainteacht tuismitheoirí
  • Freagracht na scoile
  • Comhsheasmhacht
  • Cuimsiú
  • Feasacht chultúrtha

5.6.2

Cén dóigh a bhfuil na páistí bainteach i gcumadh agus cur i bhfeidhm polasaí ar iompar maith? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tuairim na bpáistí faoi idirghníomhartha dearfacha
  • Páistí ag cur síos caighdeán
  • Fóram páistí ar iompar/ idirghníomhartha/rialacha
  • Tuiscint pháistí maidir le buntáistí iompair dhearfaigh
  • Idirghníomhartha dearfacha a athneartú
  • Iompar dearfach a thabhairt faoi ndeara

5.6.3

Cad iad na gnáthaimh atá ann chun déileáil le hiompar do-ghlactha ó pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cód Araíonachta
  • Plé
  • Ionbhá a chur chun cinn
  • Iarmhairtí a thuiscint
  • Tacaíocht fhadtéarmach
  • Teagmhais a dhoiciméadú
  • Tacaíocht ó chomhoibrithe
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi rudaí
  • Bainteacht tuismitheoirí
  • Am seithimh/am sosa

5.6.4

Cad iad na gnáthaimh atá ann chun déileáil le bulaíocht? Féach 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhar cláir fhrithchlaontachta
  • Polasaí/clár sainiúil ar fhrithbhulaíocht
  • Tabhairt ar thuismitheoirí a bheith bainteach
  • Tacaíocht don íobartach/íobartaí
  • Tacaíocht don pháiste nó pháistí a rinne an bhulaíocht

5.6.5

Cén dóigh a ndéanann do pholasaí idirghníomhartha idir baill foirne agus páistí a shainaithint?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Meas
  • Comhpháirtíocht
  • Comhoibriú
  • Dul i gcomhar lena chéile

5.6.6

Cad iad na gnáthaimh atá ann chun a chinntiú go mbíonn múinteoirí/aosaigh ábalta idirghníomhartha a dhéanamh le páistí de réir do pholasaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tosaíocht do líon beag i Ranganna na Naíonán
  • Bainistiú ama
  • Pleanáil scoile/seomra ranga

5.6.7

Cén dóigh a ndéanann cleachtas i do sheomra ranga do pholasaí a léiriú agus do ghnáthaimh a chur i bhfeidhm?