Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Inrochtaineacht


Sa Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, táimid tiomanta do rochtain gach duine ar an eolas ar an suíomh gréasáin seo a chumasú. Chuige seo, tá suíomh gréasáin Síolta deartha againn de réir treoirlínte atá leagtha amach ag Cuibhreannas an Ghréasáin Domhanda.


Agus an suíomh seo á thógáil againn, tá XHTML & CSS úsáidte againn agus tá siad forbraithe againn de réir treoirlínte TIG.

  • Tá leathanaigh tapaidh le híoslódáil, is cuma cé acu leathanbhanda nó móideim atá á úsáid agat
  • Bailíochtaíonn na leathanaigh go léir mar XHTML 1.0 trasdula, rud a fhágann go n-oibríonn siad le mórán brabhsálaithe éagsúla, sean agus nua.
  • Ní úsáideann an suíomh seo ach méideanna coibhneasta téacs, rud a ligeann do úsáideoirí an cló a athrú go héasca trína mbrabhsálaí a úsáid.
  • Muna dtacaíonn do bhrabhsálaí nó do ghléas brabhsálaithe le CSS, is féidir inneachar gach leathanaigh a léamh mar sin féin.
  • Cuimsíonn na híomhánna go léir a úsáideadh sa suíomh seo tréithe ALT (téacs malartach) tuairisciúla. Tá grafaic mhaisiúla áirithe ann a chuimsíonn tréithe ALT neamhnitheacha.
  • Feidhmíonn na leathanaigh go léir gan Script Java. Tá gnéithe áirithe ann, áfach, de leithéid Seiceáil Earráidí ar an bhFoirm Cuir Eolas ar Ais, nach bhfuil le fáil ach nuair atá Script Java cumasaithe.

Nóta ar an bhFormáid PDF

Tá cuid den eolas ar an suíomh seo ar fáil i bhformáid PDF chun léamh agus priontáil níos éasca as líne a chumasú. Níl doiciméid PDF inrochtana i gcónaí, áfach (ach amháin i gcás doiciméid PDF a cruthaíodh leis an mbogearra Adobe Acrobat is nua). Tharlódh gur cruthaíodh doiciméid áirithe sula raibh an bogearra seo ar fáil.


Tá Léitheoir Adobe Acrobat riachtanach do na doiciméid PDF ar an suíomh seo. Íoslódáil Léitheoir Adobe Acrobat anseo: Adobe Acrobat Reader.


Cothabháilfear inrochtainacht an tsuímh seo ar bhonn leanúnach. Déanfaimid monatóireacht chomh maith ar fhorbairtí agus ar athruithe i dtreoirlínte inrochtaineachta agus ar an gcleachtas is fearr dearadh idirlíon.