An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun súgradh a chur chun cinn, is cóir neart ama a bheith ag gach páiste chun dul i mbun an saol mórthimpeall uirthi/air a thriall, chun bheith cruthaitheach agus chun brí a bhaint as an saol, i gcuideachta páistí eile nó daoine fásta a ghlacann páirt i mbealach tacúil, nó ina (h)aonar mar is cuí. Ba chóir na deiseanna chuige seo a bheith le fáil go réidh, a bheith oiriúnach ó thaobh forbartha de agus ba chóir acmhainní maithe a bheith ann dóibh.
Comhpháirt 6.1 | Comhpháirt 6.2 | Comhpháirt 6.3 | Comhpháirt 6.4 | Comhpháirt 6.5 | Comhpháirt 6.6 | Comhpháirt 6.7
Comhpháirt 6.1 - Caitheann an páiste tréimhse shuntasach ag súgradh/ag taiscéal sa suíomh, agus bíonn siad seo agus gníomhaíochtaí spraoiúla eile lárnach sa ghnáthamh laethúil.
Deis Mhachnaimh
6.1.1Cén chuid den ghnáthamh laethúil a thugtar do shúgradh, cibé acu gníomhaíochtaí struchtúrtha, tionscanta ag aosach nó páiste, laistigh nó lasmuigh, &rl. atá i gceist? Féach 2.5 / 2.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.2 - Nuair a bhíonn an páiste ag súgradh/ag taiscéal, bíonn an trealamh agus na h-ábhair a sholáthraítear ar fáil gan bhac agus iad inrochtana go héasca di/dó.
Deis Mhachnaimh
6.2.1Cén dóigh a n-eagraíonn tú do stóráil sa dóigh go mbíonn ábhair nó trealamh ar bith a sholáthraítear do sheisiún faoi leith le fáil go héasca ag an bpáiste? Féach 2.2
Nuair a sholáthraíonn tú sraith ar leith trealaimh nó ábhar, an mbíonn siad ar fáil do na páiste uile?
Nuair a sholáthraíonn tú an trealamh nó na hábhair, an dtig leis an bpáiste rud ar bith a úsáid sna réimsí gníomhaíochtaí a sholáthraíonn tú (m. sh., an fhoireann taeghréithre a thabhairt go dtí an doirteal, &rl.)?
Cad iad na socruithe faoi leith atá riachtanach don pháiste le riachtanais speisialta, go háirithe páiste le míchumas fisiciúil, chun infhaighteacht agus inrochtaineacht ar an trealamh agus na hábhair a sholáthraítear a chinntiú?
Comhpháirt 6.3 - Bíonn na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste i gcomhréir lena a c(h)éim fhorbartha, fágann siad an páiste saor chun máistreacht agus bua a bhaint amach, agus tugann siad dúshlán don pháiste aistriú go céim nua foghlama agus forbartha.
Deis Mhachnaimh
6.3.1Cén cineál súgartha a bhfuil an páiste gafa leis faoi láthair?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad é an raon deiseanna a sholáthraíonn tú don pháiste sa dóigh go mbeidh sí/sé ábalta an cinéal seo súgartha a imscrúdú go hiomlán? Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.1 Féach 7.4
Cén dóigh a dtugann na deiseanna seo mothú smachta agus mothú go bhfuil siad cumasach don pháiste? Féach 1.2
Ag cur céim forbartha reatha an pháiste san áireamh, cén mionchoigeartú ar na deiseanna reatha a thabharfaidh an seans don pháiste tuilleadh forbartha agus foghlama a bhaint amach?
Comhpháirt 6.4 - Bíonn flúirse fearas agus ábhar don pháiste i ngach achar foghlama agus ag gach gníomhaíocht sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
6.4.1Cén dóigh a gcinntíonn tú go mbíonn go leor rudaí agus ábhar súgartha cuí i ngach réimse súgartha/scrúdaithe do gach páiste a bhíonn ansin? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.5 - Spreagann na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste í/é chun taiscéal, chun a bheith cruthaitheach agus chun a bhfuil foghlamtha aici/aige cheana a úsáid le bríonna nua a chruthú.
Deis Mhachnaimh
6.5.1Cad iad na rudaí súgartha oscailte a chuireann tú ar fáil a spreagann an páiste chun áiríonna difriúla sa timpeallacht, laistigh agus lasmuigh a scrúdú? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.6 - Bíonn deiseanna ag an bpáiste súgradh/taiscéal le páistí eile, nó le daoine fásta atá rannpháirteach, tacúil, nó ina (h)aonar de réir mar is cuí.
Deis Mhachnaimh
6.6.1Cé chomh minic is a ghlacann tú páirt i súgradh leis an bpáiste?
Cén cineál páirte a ghlacann tú ann?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na straitéisí is féidir a úsáid chun tacú le páiste a bhféadfadh deacrachtaí a bheith aici/aige 'fáil isteach' ag súgradh le páistí eile agus coinneáil ag súgradh leo nó a d'fhéadfadh a bheith fágtha as an súgradh i gcónaí, agus chun í/é a chumasú?
An dtig leat smaoineamh ar ócáid nuair a bhí an páiste ag iarraidh a bheith ag súgradh léi/leis féin?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.7 - Pleanáiltear deiseanna súgartha/taiscéalta i gcomhar le pleanáil don churaclam/clár a chur i bhfeidhm, agus athraítear agus oiriúnaítear iad d'fhonn riachtanais athraitheacha foghlama agus forbartha a shásamh.
Deis Mhachnaimh
6.7.1Cén dóigh a bhfreastalaíonn pleanáil don fhoghlaim trí shúgradh ar an bpáiste aonair, ar an seomra ranga/scoil, ar an gcomhthéacs áitiúil agus ar riachtanais faoi leith? Féach 7.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a dhéantar pleanáil do shúgradh agus chur i bhfeidhm? Féach 7.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a ndéantar doiciméadú agus athbhreithniú pleanála a bhainistiú? Féach 7.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)