Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 14: Féiniúlacht agus Muintearas

Má táthar chun féiniúlachta dearfacha agus mothúchán láidir mhuintearais a chur chun cinn, is cóir go mbeadh polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas ann atá sainmhínithe go soiléir. Cuireann siad seo ar chumas gach páiste agus duine fhásta féiniúlacht mhuiníneach maidir leo féin agus maidir leis an ngrúpa a fhorbairt agus tuiscint agus meas dearfach a bheith acu ar fhéiniúlacht agus ar chearta daoine eile.

Comhpháirt 14.1 | Comhpháirt 14.2 | Comhpháirt 14.3

Comhpháirt 14.1 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le feiniúlachtaí dhearfacha agus mothúchán láidir mhuintearais laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Féach 10.1

Deis Mhachnaimh

14.1.1

Cad iad na polasaithe agus gnásanna laistigh de do scoil a bhaineann le cur chun cinn féiniúlachtaí dearfacha agus muintearas dearfach ar mhaithe leis na páistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cuimsiú
  • Frithidirdhealú/frithchlaontacht
  • Rochtain
  • Bulaíocht
  • Bainistiú iompair
  • Earcaíocht

14.1.2

Cén tionchar a bhíonn ag na polasaithe agus na gnásanna seo ar chleachtas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Raon na bpáirtithe leasmhara atá bainteach sna próisis maidir leis na polasaithe agus na gnásanna a fhoirmiú Féach 4.1
  • Próisis chun na polasaithe agus na gnásanna seo a athbhreithniú agus a nuashonrú
  • A chinntiú go dtuigeann agus go leanann gach duine na polasaithe agus na gnásanna

Comhpháirt 14.2 - Cuireann an suíomh féiniúlacht mhuiníneach chun cinn sa dhuine aonar agus sa ghrúpa trí thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe oiriúnacha a sholáthar taobh istigh den suíomh.

Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5

Deis Mhachnaimh

14.2.1

Cén dóigh a léiríonn agus a gcuireann timpeallacht do scoile agus do sheomra ranga cultúr agus cúlra gach páiste chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Íomhánna de shaol an teaghlaigh/phobail (m. sh., grianghraif, póstaeir, pictiúir pháistí, &rl.)
  • Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, boscaí cóirithe suas, bréagáin saoil bhig, &rl.)
  • Bogearraí ríomhairí
  • Leabhair agus ábhair
  • Léiriú patrún agus íomhánna buanchruthacha a sheachaint (m. sh., inscne, cultúr, aois, cumas, &rl.)
  • Claontacht a sheachaint (m. sh., inscne, dath, cine, comhcheangal creidimh, struchtúr teaghlaigh, stádas socheacnamaíoch, &rl.) laistigh de ghníomhaíochtaí

14.2.2

Cén dóigh a gcuireann na heispéiris a sholáthraítear don pháiste sa scoil agus sa seomra ranga grúpa muiníneach agus féiniúlacht chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Na múinteoirí/aosaigh a spreagadh chun a bheith feasach ar a gcreideamh, luachanna agus manaí féin maidir le héagsúlacht Féach 5.5 Féach 11.2
  • Sofhreagracht, íogair na múinteoirí/aosach maidir le féiniúlacht agus cearta gach páiste laistigh den seomra ranga agus scoil Féach 1.1 Féach 5.2
  • Teanga (Gaeilge, chéad teanga an pháiste, ábhair/eolas ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, cumarsáid a chur chun cinn idir páistí a labhraíonn Béarla agus páistí nach labhraíonn Béarla, straitéisí chun páistí a spreagadh chun iad féin a chur trasna go briathartha agus go neamhbhriathartha, ag cinntiú go gcuirtear ainm gach páiste in aithne agus go bhfuaimnítear mar is ceart é) Féach 5.2
  • Straitéis a bheith ann chun tacú le chéad teanga an pháiste agus í a choinneáil agus í nó é ag foghlaim teanga eile (m. sh., leabharlann acmhainní oiliúna/foirne, comharthaí agus lipéid sa chéad teanga, teagmháil le teaghlaigh, &rl.)
  • Feasacht a spreagadh thart ar bhealaí difriúla maireachtála (m. sh., cumraíocht teaghlaigh, cineálacha tithíochta, suímh gheografacha, &rl.)
  • Ceiliúradh (m. sh., breithlaethanta, féiltí, ócáidí tábhachtacha i saol an pháiste, &rl.)
  • Tuismitheoirí a spreagadh agus thacú leo maidir le gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt le gach duine laistigh den seomra ranga (m. sh., oidis bhia, insint scéalta, nósanna agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
  • A chinntiú go bhfuil na teicníochtaí measúnaithe saor ó chlaontacht chultúir agus inscne Féach 7.6

14.2.3

Cad iad na bealaí ina gcuireann cleachtas do sheomra ranga agus do scoile féin-ardmheas chun cinn i measc na bpáistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Daingean i gcaidrimh Féach 9.6
  • Mothú muintearais a chur chun cinn
  • Cosc ar chur ar idirdhealú/bhulaíocht Féach 5.6
  • Feidhm agus freagracht a chur ar fáil do pháistí Féach 1.2
  • Cumas a fhorbairt
  • A chinntiú go dtig le páistí idirghníomhú le patrúin d'aosaigh dhearfacha óna gcúlra cultúrtha, eitneach nó cúlra eile laistigh den seomra ranga agus scoil Féach 5.5

14.2.4

Cén dóigh a bhfrithbheartaíonn an seomra ranga agus an scoil focail nó gnímh idirdhealaithe? Féach 5.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ionannú agus ionbhá a dhéanamh le páistí agus aosaigh a ndeachaigh idirdhealú agus ciníochas i bhfeidhm orthu
  • Múinteoirí/aosaigh a spreagadh chun cásanna deacra a phlé
  • Tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí/aosaigh chun eispéiris dheacra maidir le ciníochas agus idirdhealú a shárú
  • Foráil forbartha gairmiúla leanúnaí Féach 11.4

14.2.5

Cad iad na gnéithe de chleachtas na scoile agus an tseomra ranga a chuireann meas agus tuiscint ar dhifríocht chun cinn sna réimsí seo a leanas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cine
  • Eitneacht
  • Ballraíocht den Lucht Siúil
  • Cuma
  • Reiligiún
  • Teanga
  • Cúlra teaghlaigh
  • Insne
  • Aois
  • Cumas

Comhpháirt 14.3 - Cuireann an suíomh comhthuiscint dhearfach agus meas ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile chun cinn trí thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe oiriúnacha a sholáthar taobh istigh den suíomh.

Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5

Deis Mhachnaimh

14.3.1

Cén dóigh a gcuireann timpeallacht na scoile agus an tseomra ranga tuiscint agus meas dearfach chun cinn ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Íomhánna do shaol an teaghlaigh/phobail (m. sh., grianghraif, póstaeir, pictiúir pháistí, &rl.)
  • Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, boscaí cóirithe suas, bréagáin saoil bhig, &rl.)
  • Bogearraí ríomhairí
  • Leabhair agus ábhair
  • Léiriú patrún agus íomhánna buanchruthacha a sheachaint (m. sh., inscne, cultúr, aois, cumas, &rl.)
  • Claontacht a sheachaint (m. sh., inscne, dath, cine, comhcheangal creidimh, struchtúr teaghlaigh, stádas socheacnamaíoch, &rl.) laistigh de ghníomhaíochtaí

14.3.2

Cén dóigh a gcuireann na heispéiris a sholáthraítear don pháiste sa scoil agus sa seomra ranga féiniúlacht ghrúpa agus féiniúlacht páiste aonair mhuiníneach chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Na múinteoirí/aosaigh a spreagadh chun a bheith feasach ar a gcreideamh, luachanna agus manaí féin maidir le héagsúlacht Féach 5.5 Féach 11.2
  • Sofhreagracht, íogair na múinteoirí/aosach maidir le hionannas agus cearta gach páiste laistigh den seomra ranga agus scoil Féach 1.1 Féach 5.2
  • Teanga (Gaeilge, chéad teanga an pháiste, ábhair/eolas ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, cumarsáid a chur chun cinn idir páistí a labhraíonn Béarla agus páistí nach labhraíonn Béarla, straitéisí chun páistí a spreagadh chun iad féin a chur trasna go briathartha agus go neamhbhriathartha, ag cinntiú go gcuirtear ainm gach páiste in aithne agus go bhfuaimnítear mar is ceart é) Féach 5.2
  • Straitéis a bheith ann chun tacú le chéad teanga an pháiste agus í a choinneáil agus í nó é ag foghlaim teanga eile (m. sh., leabharlann acmhainní oiliúna/foirne, comharthaí agus lipéid sa chéad teanga, teagmháil le teaghlaigh, &rl.)
  • Feasacht a spreagadh thart ar bhealaí difriúla maireachtála (m. sh., cumraíocht teaghlaigh, cineálacha tithíochta, suímh gheografacha, &rl.)
  • Ceiliúradh (m. sh., breithlaethanta, féiltí, ócáidí tábhachtacha i saol an pháiste, &rl.)
  • Tuismitheoirí a spreagadh agus thacú leo maidir le gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt le gach duine laistigh den seomra ranga (m. sh., oidis bhia, insint scéalta, nósanna agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
  • A chinntiú go bhfuil na teicníochtaí measúnaithe saor ó chlaontacht chultúir agus inscne Féach 7.6

14.3.3

Cad iad na bealaí ina gcuireann cleachtas do sheomra ranga agus do scoile féin-ardmheas chun cinn i measc na bpáistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Daingean i gcaidrimh Féach 9.6
  • Mothú muintearais a chur chun cinn
  • Cosc ar chur ar idirdhealú/bhulaíochtFéach 5.6
  • Feidhm agus freagracht a chur ar fáil do pháistíFéach 1.2
  • Cumas a fhorbairt
  • A chinntiú go dtig le páistí idirghníomhú le patrúin d'aosaigh dhearfacha óna gcúlra cultúrtha, eitneach nó cúlra eile laistigh den seomra ranga agus scoil Féach 5.5

14.3.4

Cén dóigh a bhfrithbheartaíonn an seomra ranga agus an scoil focail nó gnímh idirdhealaithe? Féach 5.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ionannú agus ionbhá a dhéanamh le páistí agus aosaigh a ndeachaigh idirdhealú agus ciníochas i bhfeidhm orthu
  • Múinteoirí/aosaigh a spreagadh chun cásanna deacra a phlé
  • Tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí/aosaigh chun eispéiris dheacra maidir le ciníochas agus idirdhealú a shárú
  • Foráil forbartha gairmiúla leanúnaí Féach 11.4

14.3.5

Cad iad na gnéithe de chleachtas na scoile agus an tseomra ranga a chuireann meas agus tuiscint ar dhifríocht chun cinn sna réimsí seo a leanas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cine
  • Eitneacht
  • Ballraíocht den Lucht Siúil
  • Cuma
  • Réiligiún
  • Teanga
  • Cúlra teaghlaigh
  • Inscne
  • Aois
  • Cumas