Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Infant Classes

Caighdeán 1: Cearta an Pháiste

Chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta gach páiste, is cóir go gcuirtear ar a c(h)umas roghanna a dhéanamh agus a bheith gníomhach as a stuaim féin mar rannpháirtí agus comhpháirtí ina c(h)uid forbartha agus foghlama féin.

Comhpháirt 1.1 | Comhpháirt 1.2 | Comhpháirt 1.3



Bíonn deis ag gach páiste roghanna a dhéanamh, cuirtear ar chumas gach páiste cinnidh a dhéanamh, agus bíonn meas ar na roghanna agus ar na cinnidh sin.

Deis Mhachnaimh

1.1.1

Cén dóigh a ndéanann tú mothú rialaithe an pháiste maidir lena h/eispéiris agus g(h)níomhaíochtaí laethúla a chothú? Féach 5.3 / 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna don pháiste roghanna a bheith aici/aige agus cinntí a dhéanamh
  • Dúshláin do na múinteoirí/an scoil chun meas a bheith acu ar roghanna agus chinntí an pháiste
  • Cothromaíocht a fháil idir gníomhaíocht a roghnaíonn an páiste (treoraithe) agus gníomhaíocht a roghnaíonn an múinteoir (treoraithe)
  • A chinntiú go bhfuil leibhéal an rogha oiriúnach don pháiste
  • Deiseanna don pháiste gníomhaíochtaí a phleanáil
  • A chur ar chumas páistí ag a bhfuil deacrachtaí teanga agus cumarsáide a bpleananna a roinnt
  • Dúshláin do na múinteoirí maidir le cur ar chumas páistí le riachtanais speisialta (m. sh., scileanna cumarsáide, luaileacha, &rl.) roghanna a bheith acu agus cinntí a dhéanamh
  • Deiseanna don pháiste a p(h)leananna agus g(h)níomhaíochtaí féin a athbhreithniú
  • Freastal ar shuimeanna an pháiste sa ghnáthamh laethúil

Comhpháirt 1.2 Bíonn deiseanna ag gach páiste agus cuirtear ar chumas gach pháiste bheith ina cheannaire, tús a chur le gníomhaíocht, bheith neamhspleách mar is cuí, agus tacaítear le gach páiste fadhbanna a réiteach.

Deis Mhachnaimh

1.2.1

Cén dóigh a soláthraítear deiseanna don pháiste laistigh den ghnáthamh laethúil chun tús a chur le gníomhaíochtaí í/é féin agus a bheith neamhspleách mar is cuí? Féach 7.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna chun fadhbanna a thagann os comhair an pháiste le linn ghníomhaíochtaí agus ghnáthaimh an lae a réiteach
  • Na fadhbanna a dtagann tú i ngleic leo lena chinntiú, mar cheist ghnáthaimh, go nglacann an páiste treoir agus go gníomhaíonn sí/sé leis na leibhéil chuí neamhspleáchais
  • Cás nuair a roghnaigh, d'eagraigh agus ghlac an páiste treoir i ngníomhaíocht ar thacaigh tusa an próiseas agus ar chuir tú béim ar a rath Féach 7.3
  • Tacú le gníomhaíocht ar chuir páiste tús léi don pháiste le míchumas
  • Deiseanna a sholáthar don pháiste chun aire a thabhairt dá g(h)iúirléidí féin agus do ghiúirléidí an tseomra ranga/na scoile
  • A chur ar chumas an pháiste aire a thabhairt di/dó féin
  • An Chomhpháirt seo a chur i bhfeidhm trí shúgradh istigh agus amuigh
  • An Chomhpháirt seo a ionchroprú isteach in amanna béile/sneaice agus amanna glanta suas

Comhpháirt 1.3 Cuirtear ar chumas gach pháiste páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghnáthamh laethúil, i ngníomhaíochtaí, i gcomhráite agus in imeachtaí ar bith eile de réir mar is cuí, agus tuigeann an duine fásta go bhfuil an páiste ina pháirtí aici/aige.

Deis Mhachnaimh

1.3.1

Cén dóigh a gcuireann tú ar chumas gach páiste (an páiste le riachtanais speisialta san áireamh) a bheith rannpháirteach lena p(h)iaraí? Féach 5.1


1.3.2

Cén dóigh a gcinntíonn tú go nglacann gach páiste páirt sna gníomhaíochtaí roinnte a oireann dá m(h)eon féin? Féach 5.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacú le rannpháirtíocht gach páiste i ngrúpghníomhaíocht
  • Deacrachtaí a tharlaíonn i measc páistí le linn grúpghníomhaíochta a bhainistiú
  • Measúnú a dhéanamh maidir leis an am le hidirghabháil a dhéanamh i súgradh páistí chun cuidiú a thairiscint dóibh Féach 6.6
  • A chinntiú go bhfuil an páiste mar pháirtí dá f(h)oghlaim féin i gcónaí
  • Dúshláin duitse maidir le breathnú ar an bpáiste mar pháirtí
  • Deis a thabhairt don pháiste tús a chur le gníomhaíocht agus cuireadh a thabhairt do pháistí eile páirt a ghlacadh
  • Sofhreagracht agus íogaireacht a thaispeáint don pháiste nuair a bhíonn tú gafa léi/leis Féach 5.4