Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Ranganna na Naíonán

Reamhra

Fáilte go dtí lámhleabhar Síolta, An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige (CNC). Faoi iamh sa lámhleabhar seo tá na Prionsabail, na Caighdeáin, na Comhpháirteanna Cáilíochta agus na Deiseanna Mhachnaimh atá ina bpríomhchuid de Síolta.

Caighdeán 1: Cearta an Pháiste

Chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta gach páiste, is cóir go gcuirtear ar a c(h)umas roghanna a dhéanamh agus a bheith gníomhach as a stuaim féin mar rannpháirtí agus comhpháirtí ina c(h)uid forbartha agus foghlama féin.

Caighdeán 2: Timpeallachtaí

Timpeallachtaí saibhre, lasmuigh agus laistigh (idir ábhair agus trealamh), bíonn siad dea-choimeádta, sábháilte, solúbtha agus oiriúnach ó thaobh forbartha de. Bíonn siad ar fáil don pháiste agus éasca le teacht orthu. Tairgeann siad réimse éagsúil eispéireas dúshlánach, spreagúil don pháiste.

Caighdeán 3: Tuismitheoirí agus Teaghlaigh

Chun meas a léiriú ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh agus chun ról a thabhairt dóibh, is cóir go mbeadh cur chuige gníomhach comhpháirtíochta ann agus, mar fhianaise air sin, go mbeadh raon próiseas, polasaithe agus nósanna imeachta ann atá fógraithe go soiléir agus fáil orthu go héasca, agus atá curtha i bhfeidhm.

Caighdeán 4: Comhairliúchán

Má táthar chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn chuile dhuine rannpháirteach i gcinneadh a ghlacadh, tá gá le comhairliúchán a chuireann rannpháirtíocht chun cinn, a lorgaíonn dearcaidh agus tuairimí páistí, tuismitheoirí, lucht foirne, agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, a éisteann leo agus a ghníomhaíonn dá réir.

Caighdeán 5: Idirghníomhartha

Chun idirghníomhartha cuiditheacha (leanbh/leanbh, leanbh/duine fásta agus duine fásta/duine fásta) a chothú, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas soiléirithe a leagann béim ar luach an phróisis agus atá bunaithe ar mheas cómhalartach, páirtíocht chomhionann agus comhthuiscint.

Caighdeán 6: Súgradh

Chun súgradh a chur chun cinn, is cóir neart ama a bheith ag gach páiste chun dul i mbun an saol mórthimpeall uirthi/air a thriall, chun bheith cruthaitheach agus chun brí a bhaint as an saol, i gcuideachta páistí eile nó daoine fásta a ghlacann páirt i mbealach tacúil, nó ina (h)aonar mar is cuí. Ba chóir na deiseanna chuige seo a bheith le fáil go réidh, a bheith oiriúnach ó thaobh forbartha de agus ba chóir acmhainní maithe a bheith ann dóibh.

Caighdeán 7: Curaclam

Chun forbairt agus foghlaim iomlánaíoch gach páiste a spreagadh, is cóir curaclam nó clár a chur i bhfeidhm atá infhíoraithe, solúbtha, a bhfuil cur chuige leathan aige agus cur síos scríofa le fáil air.

Caighdeán 8: Pleanáil agus Meastóireacht

Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta breathnóireachta, pleanála, gnímh agus meastóireachta a dhéanamh go rialta.

Caighdeán 9: Sláinte agus Leas

Chun sláinte agus leas an pháiste a chur chun cinn, is gá í/é a shábháil ó dhochar, bia cothaitheach a sholáthar di/dó, deis a thabhairt di/dó, a scíth a ligean mar is cuí, agus caidreamh muiníneach, measúil a dhéanamh léi/leis.

Caighdeán 10: Eagrú

Má táthar chun acmhainní a eagrú agus a bhainistiú go héifeachtach, tá gá le comhaontú scríofa maidir le fealsúnacht agus, mar thaca leis sin, polasaithe agus nósanna imeachta, a chuirtear in iúl go soiléir, chun cleachtas a threorú agus a mhúnlú.

Caighdeán 11: Cleachtas Gairmiúil

Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.

Caighdeán 12: Cumarsáid

Chun go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann ar mhaithe leis an pháiste, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus gnímh a chuireann roinnt eolais agus faisnéise chun cinn go gníomhach i measc páirtithe leasmhara cuí, le meas agus le rúndacht.

Caighdeán 13: Aistrithe

Chun leanúnachas eispéireas a chinntiú do gach páiste, is gá polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais a bheith ann a bhfuil sé mar aidhm acu aistrithe a láimhseáil go comhthuisceanach. Is cóir go mbeadh na príomhchaidrimh buanseasmhach agus go mbeadh cumarsáid taobh istigh de shuímh agus ó shuíomh go suíomh. Is gá, chomh maith, eolas ábhartha a thaifeadadh agus a chur ar aghaidh (le cead na dtuismitheoirí), agus is gá na tuismitheoirí agus daoine gairmiúla cuí a bheith rannpháirteach go dlúth.

Caighdeán 14: Féiniúlacht agus Muintearas

Má táthar chun féiniúlachta dearfacha agus mothúchán láidir mhuintearais a chur chun cinn, is cóir go mbeadh polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas ann atá sainmhínithe go soiléir. Cuireann siad seo ar chumas gach páiste agus duine fhásta féiniúlacht mhuiníneach maidir leo féin agus maidir leis an ngrúpa a fhorbairt agus tuiscint agus meas dearfach a bheith acu ar fhéiniúlacht agus ar chearta daoine eile.

Caighdeán 15: Reachtaíocht agus Rialú

Is gá gach rialachán agus ceanglas reachtúil ábhartha a chomhlíonadh, nó dul tharstu.

Caighdeán 16: Rannpháirteachas an Phobail

Chun rannpháirteachas an phobail a chur chun cinn, is gá gréasáin agus ceangail a chruthú agus, mar fhianaise air sin, polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a bheith ann a mhéadaíonn ar theagmháil gach duine fásta agus gach páiste leis an bpobal mór, agus a thacaíonn leis an dteagmháil sin.

Aguisín