Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 10: Eagrú

Má táthar chun acmhainní a eagrú agus a bhainistiú go héifeachtach, tá gá le comhaontú scríofa maidir le fealsúnacht agus, mar thaca leis sin, polasaithe agus nósanna imeachta, a chuirtear in iúl go soiléir, chun cleachtas a threorú agus a mhúnlú.

Comhpháirt 10.1 | Comhpháirt 10.2 | Comhpháirt 10.3 | Comhpháirt 10.4 | Comhpháirt 10.5 | Comhpháirt 10.6 | Comhpháirt 10.7

Comhpháirt 10.1 - Tá ráiteas nó sraith ráiteas cuimsitheach leagtha amach ag an suíomh a dhéanann cur síos go soiléir ar an bhfís, ar na luachanna agus ar na prionsabail atá ina mbunús don tseirbhís, agus ina n-inspioráid do gach gné dá cleachtas.

Deis Mhachnaimh

10.1.1

Cad iad na gnéithe riachtanacha is cóir a áireamh i ráiteas fealsúnachta do do scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dearcadh páistí agus forbairt pháistí a chuireann do chleachtas ar an eolas agus a threoraíonn é Féach 7.1
  • Na croíluachanna ba chóir na múinteoirí agus aosaigh atá ag obair le páistí a threorú Féach 11.2
  • An dóigh a sainaithníonn agus a gcuireann tú síos ar na heispéiris a sholáthraíonn tú do pháistí agus teaghlaigh i ranganna na naíonán
  • Do pheirspictíochtaí ar ról tuismitheoirí agus teaglach i rang na naíonán Féach 3.2 / 3.3
  • Torthaí rannpháirtíochta i do rang do pháistí agus a dteaghlaigh

Comhpháirt 10.2 - Tá réimse polasaithe agus nósanna imeachta taifeadta go soiléir ag an suíomh a chuimsíonn gach gné de chleachtas sa suíomh. Forbraítear iad seo agus cuirtear in iúl go cuí iad do na páirtithe leasmhara go léir.

Deis Mhachnaimh

10.2.1

Cad iad na polasaithe agus nósanna imeachta atá i do scoil?


10.2.2

Cén dóigh a bhfaigheann tú dearcaí agus ionchur na bpáirtithe leasmhara uile i bhforbairt na bpolasaithe agus nósanna imeachta? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ionchur ar scríobh/ullmhú do pholasaí agus nósanna imeachta a iarraidh
  • Na páirtithe leasmhara atá bainteach
  • Na dearcaí seo a bhailiú agus a aistriú go dtí na cáipéisí polasaí
  • Comhaontú a fháil ar an ábhar

10.2.3

Cén dóigh a gcuireann do cháipéisí ar pholasaithe agus nósanna imeachta cleachtas in iúl don scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Táithíocht ag gach múinteoir/aosach sa timpeallacht ar na cáipéisí seo
  • A n-úsáid mar bhonn do ghnáthaimh agus cleachtas laethúil sa scoil
  • Athbhreithniú rialta chun a chinntiú go leanann siad de bheith ábhartha do chleachtas Féach 8.4

Comhpháirt 10.3 - Láimhseáltar acmhainní airgeadais taobh istigh den suíomh go hábalta, éifeachtach agus ar chuma a dhéanann cinnte de go mbíonn an tseirbhís inmharthana.

Deis Mhachnaimh

10.3.1

Cad iad na córais atá ag an scoil agus, nuair is ábhartha, ag an múinteoir chun a chinntiú go bhfuil na taifid airgeadais cruinn agus coinnithe go maith?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cuntasaíocht, ioncam agus caiteachas, sonraisc agus admhálacha
  • Tuarastail, duillíní pá, P60anna
  • Cánachas, tuairisceáin ioncaim
  • Cuntais iniúchta

10.3.2

Cad iad na próisis a úsáidtear chun staid airgeadais na scoile a athbhreithniú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ullmhú buiséad
  • Imréiteach seachtainiúil, ceathrúnach agus bliantúil de chaiteachas buiséid
  • Próisis chun athbhreithniú nó athleasú ar bhuiséid a dhéanamh

10.3.3

Cén dóigh a gcinntíonn do scoil go bhfuil an t-eolas agus scileanna riachtanacha inti le leanúint de bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Scileanna bainistíochta airgeadais an phríomhoide/bhainisteora
  • Rochtain a fháil ar chomhairle agus thacaíocht phroifisiúnta (e.g, cuntasóir, iniúchóir)
  • Deiseanna chun cistiú, cuidiú deontais, fóirdheontais, tiomsú airgid, agus urraíocht a fháil

Comhpháírt 10.4 - Tugtar meas, taca agus spreagadh do gach duine fásta sa suíomh ina rólanna agus ina bhfreagraíochtaí faoi leith.

Deis Mhachnaimh

10.4.1

Cad iad na próisis atá ann chun a chinntiú go mbaintear amach agus go gcumhdaítear cearta múinteoirí/aosach mar fhostaithe?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Clárú fostóra agus fostaithe, conarthaí fostaíochta, uaireanta oibre, saoire, tuarastail, IMAT, ASPC
  • Próisis earcaíochta (m. sh., jabthuairiscí, nósanna imeachta agallaimh, &rl.)
  • Nósanna imeachta ilsmachta/gearán, athbhreithniú

10.4.2

Cén dóigh a gcinntíonn an scoil go mbíonn mionteagasc iomlán ag gach múinteoir/aosach ar a rólanna agus freagrachtaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Jabthuairiscí, anailís scileanna
  • Próisis ionduchtaithe do mhúinteoirí/aosaigh úra
  • Uainchláir agus tascanna laethúla/seachtainiúla
  • Próisis rannpháirtíocht daltaí agus mhaoirseachta
  • Ról agus maoirseacht saorálaithe (m. sh., tuismitheoirí)
  • Straitéisí cumarsáide (m. sh., cruinnithe foirne, nuachtlitir, clár fógraí &rl.)

10.4.3

Cén dóigh a léirítear meas agus a dtugtar tacaíocht mhothálach do na múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil ar bhealach atá deartha chun iad a spreagadh agus a mholadh? Féach 14.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Próisis déanta cinntí/comhchomhairle a bheith comhpháirteach i ndearcaí gach duine Féach 4.1
  • Deiseanna chun smaointe, dearcaí agus eolas a roinnt, m. sh., riachtanais foirne
  • Deiseanna rialta chun aiseolas a thabhairt agus a fháil maidir leis an mbealach ina bhfuil an fhoireann ag dul chun cinn ina rólanna
  • Córais agus próisis chun a chinntiú go bhfaigheann múinteoirí/aosaigh rochtain ar an tacaíocht chuí dá ról

10.4.4

Cad iad na deiseanna atá curtha ar fáil do mhúinteoirí /aosaigh chun pleanáil agus chun a bheith bainteach in oideachas, oiliúint agus forbairt ghairmiúil leanúnach? Féach 11.4


10.4.5

Cén dóigh a n-aithníonn do scoil roinnt chuir chuige úra cleachtais nó smaointe úra faighte trí oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach/gníomhaíochtaí inseirbhíse, cén dóigh a gcuireann sí luach orthu agus cén dóigh a dtugann sí freagra dearfach orthu?


10.4.6

Cén dóigh a bhforbraíonn tú do scoil mar thimpeallacht fhoghlama d'aosaigh/dhaltaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Taighde gnímh a chur chun cinn
  • Samhail de chleachtas maith a sholáthar
  • Ionduchtú agus maoirseacht daltaí
  • Meantóireacht
  • Oiliúint
  • Cumarsáid a dhéanamh le Coláistí Oideachais/institiúidí oiliúna

Comhpháirt 10.5 - Is léir go bhfuil spiorad an mheithil go láidir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

10.5.1

Cén dóigh a ndéantar obair fhoirne a chur chun cinn agus a spreagadh i do sheomra ranga?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cultúr d'obair fhoirne a chruthú agus tacú leis
  • Deiseanna chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foirne
  • Eolas a roinnt chun tacú le hobair fhoirne
  • An dóigh a léiríonn idirgníomhaíochtaí aosach/aosach comhthacú agus comh-mhuinín dá chéile Féach 5.5
  • A chinntiú go bhfuil meas ar chearta rúndachta i measc na múinteoirí/aosach uile sa scoil Féach 12.3
  • Cruinnithe foirne struchtúrtha rialta a thionól le clár oibre agus coinneáil taifeadg

Comhpháirt 10.6 - Coinníonn an suíomh taifid chruinne riaracháin atá ábhartha chomh maith le caighdeáin chuí rúndachta a chaomhnú ag an am céanna.

Féach 12.3

Deis Mhachnaimh

10.6.1

Cad iad na cinéalacha thaifead a choinnítear i do scoil agus seomra ranga?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Páistí, foireann, freastal, timpistí/teagmhais, leigheas, riarachán, cead ó thuismitheiorí d'ócáid lasmuigh agus grianghrafadóireacht, gnáthaimh ghlanta, druileanna dóiteáin, &rl.
  • Rúndacht a chinntiú maidir le taifid atá íogair nó a thagraíonn do mhionsonraí pearsanta páistí, teaghlaigh agus foirne
  • Stóráil na dtaifead
  • Rochtain ar thaifid
  • Roinnt taifead Féach 12.2
  • Cruinneas taifead
  • Freagracht maidir le coinneáil taifead
  • Athbreithniú rialta ar thaifid

Comhpháirt 10.7 - Tá struchtúir bhainistíochta agus próisis oibrithe ag an suíomh atá doiciméadaithe go soiléir, forbartha go maith agus ag feidhmiú go maith i dtreo is go gcuirtear fealsúnacht an tsuímh i bhfeidhm ar mhaithe le páistí, teaghlaigh agus lucht foirne.

Deis Mhachnaimh

10.7.1

An bhfuil struchtúr bainistíochta na scoile, an Bord Bainistíochta san áireamh, curtha in iúl agus tuigthe go soiléir ag gach duine atá ag úsáid na scoile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eolas do thuismitheoirí úra
  • Ionduchtú do mhúinteoirí/aosaigh sa scoil
  • Struchtúir lárbhainistíochta

10.7.2

Cén dóigh a gcuireann an Bord Bainistíochta le héifeachtacht na scoile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • A chomhshuíomh/chomhdhéanamh
  • Rialtacht cruinnithe
  • Cruinnithe a bheith daonlathach
  • Cruinnithe a thaifeadadh

10.7.3

Cad iad na scileanna, an taithí agus na cumais atá riachtanach do na daoine i bpost bainistíochta (m. sh. Príomhoide, Leas-Phríomhoide, Príomhoide Cúnta, Múinteoir le Dualgais Speisialta, comhaltaí an Bhoird Bhainistíochta) chun fealsúnacht agus polasaithe na scoile a chur i bhfeidhm? Féach 11.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Próisis/critéir roghnaithe
  • Tacaíocht/oiliúint don ról
  • Athbhreithniú ar an ról

10.7.4

Cén dóigh a ndéanann struchtúir bhainistíochta timpeallacht mhuiníne, obair fhoirne agus cuimsiú a chur chun cinn agus a thacú go gníomhach?


10.7.5

Cad iad na próisis atá ann chun tacú le pleanáil straitéiseach mheántearma agus fhadtéarma maidir le forbairt na scoile?