Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 11: Cleachtas Gairmiúil

Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.

Comhpháirt 11.1 | Comhpháirt 11.2 | Comhpháirt 11.3 | Comhpháirt 11.4 | Comhpháirt 11.5

Comhpháirt 11.1 - Is féidir leis na daoine fásta go léir atá ag obair sa suíomh fianaise a thabhairt go bhfuil leibhéil chuí scileanna agus eolais acu a oireann dá ról agus dá bhfreagrachtaí.

Deis Mhachnaimh

11.1.1

Cad iad na leibhéil cháilíochta atá bainte amach ag múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eangach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann de Tháscairí Leibhéil
  • Riachtanais cháilíochta gairmiúla (múinteoirí agus aosaigh eile atá ag obair sa scoil)

11.1.2

An dtig le haosaigh atá ag obair go díreach le páistí sa scoil a léiriú go bhfuil scileanna agus eolas acu sna croíréimsí cuí dá ról agus dá bhfreagrachtaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Riachtanais speisialta

11.1.3

An bhfuil aosaigh atá ag obair i bpost tacaíochta cáilithe mar is cuí?


11.1.4

Cad í an fhianaise a thig le haosaigh/múinteoirí a sholáthar chun an leibhéal scileanna agus eolais atá bainte amach acu a léiriú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foghlaim fhoirmiúil (m. sh., cáilíochtaí, foghlaim dheimhnithe, &rl.)
  • Foghlaim neamhfhoirmiúil (m. sh., punanna foghlama, taithí, &rl.)

Comhpháirt 11.2 - Glacann na daoine fásta go léir le prionsabail áirithe lárnacha a threoraíonn gach gné dá gcleachtas i suímh chúraim agus oideachais luath-óige.

Deis Mhachnaimh

11.2.1

Cad iad na príomhphrionsabail a threoraíonn agus a chinnean cleachtas i do scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ráiteas fealsúnachta
  • Cód gairmiúil eitice
  • Prionsabail/caighdeáin náisiúnta
  • Treoirlínte náisiúnta do chleachtas eagraíochtaí
  • Treoirlínte Idirnáisiúnta
  • Reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta Féach 15.1

11.2.2

Cad iad na próisis a léiríonn an bealach ar a mbíonn tionchar ag do phrionsabail/ráiteas físe ar an gcleachtas i do scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Próisis foirne Féach 10.4
  • Próisis ina bhfuil tuismitheoirí bainteach Féach 3.2
  • Próisis chomhairliúcháin Féach 4.1
  • Cleachtas bunaithe ar bhreathnadóireacht Féach 7.6
  • Curaclam
  • Próisis taighde (m. sh., leabharlann, idirlíon, &rl.)

Comhpháirt 11.3 - Cuireann an suíomh deiseanna rialta ar fáil go fial do chleachtóirí machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas agus cuidiú le cleachtas atá ar ardchaighdeán a fhorbairt sa suíomh.

Féach 8.1

Deis Mhachnaimh

11.3.1

Cad iad na próisis atá ann chun ceadú do mhúinteoirí/foireann eile machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin chun réimsí ina bhfuil sé riachtanach tuilleadh eolais a fháil nó athrú a dhéanamh ar an gcur chuige a shainaithint?


11.3.2

Cé chomh minic is a bhíonn am do mhachnamh agus plé grúpa/foirne maidir le cleachtas i do scoil?


11.3.3

Cén dóigh a spreagtar múinteoirí/foireann eile lena n-eispéireas agus smaointe a roinnt maidir le cleachtas sa scoil? Féach 16.1


Comhpháirt 11.4 - Spreagtar daoine fásta laistigh den suíomh chun páirt a ghlacadh go fairsing agus go leanúnach i bhforbairt ghairmiúil agus cuirtear acmhainní chuí ar fáil dóibh chuige sin.

Deis Mhachnaimh

11.4.1

Cén cineál gníomhaíocht forbartha gairmiúla a nglacann múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil páirt inti?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhdhálacha
  • Ceardlanna
  • Grúpaí braisle
  • Cúrsaí agus seimineáir 3ú leibhéal
  • Cúrsaí samhraidh agus inseirbhíse
  • Cúrsaí ar an idirlíon agus acmhainní idirlín
  • Díolaim nó dul i gcomhairle le leabharlann acmhainní
  • Malartáin fhoirne
  • Breathnadóireacht aosach/múinteoirí eile
  • Meantóireacht agus oiliúint

11.4.2

Cén dóigh a spreagtar aosaigh/múinteoirí le bheith bainteach i bhforbairt ghairmiúil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Plean forbartha atá gairmiúil agus réadúil agus ar féidir a chuid cuspóirí a bhaint amach.
  • An plean seo a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú
  • Deiseanna oiliúna inseirbhíse ar fáil do mhúinteoirí/aosaigh
  • Seisiúin a bhaineann leis an luath-óige nó prionsabail foghlama aosach a chur i bhfeidhm
  • Deis agus struchtúir chun meantóireacht d'aosaigh/mhúinteoirí a éascú
  • Ionduchtú múinteoirí úra
  • Breathnadóireacht rialta de mhúinteoirí agus aosaigh eile sa seomra ranga agus foráil d'aiseolas ó dhuine atá eolasach ar spriocanna, cuspóirí agus modhanna oibre le páistí sa churaclam
  • Acmhainní a leithdháileadh (am, cistiú, ábhair) d'fhorbairt ghairmiúil
  • Spreagtaí chun aosaigh/múinteoirí a spreagadh le bheith bainteach i bhforbairt ghairmiúil
  • Foireann agus saorálaithe tacaíochta (m. sh., cócaire, tiománaí bus, rúnaí, &rl.): ionduchtú agus maoirseacht chuí a fhorbraíonn go dearfach ar na leibhéil saineolais atá ann cheana.
  • Cén dóigh a n-úsáidtear caidrimh oibre comhoibrithe le seirbhísí pobail eile chun tacú le forbairt ghairmiúil d'aosaigh/mhúinteoirí? Féach 16.1 / 16.3

Comhpháirt 11.5 - Léiríonn daoine fásta go bhfuil tuiscint agus mothálacht acu do na paistí agus dá dteaghlaigh agus go bhfuil siad ceanúil orthu.

Féach 5.3 Féach 9.6

Deis Mhachnaimh

11.5.1

Cén dóigh a ndéantar iarrachtaí agus smaointe páistí aonair a aithint agus a spreagadh? Féach 5.3 / 5.4


11.5.2

Cén dóigh a gcuirtear an t-eolas seo in iúl do thuismitheoirí agus teaghlaigh? Féach 3.1


11.5.3

Cén dóigh a spreagtar páistí chun idirghníomhú lena chéile agus a bheith ábalta cuidiú a iarraidh ó chéile le linn an lae? Féach 5.1 / 5.2


11.5.4

Cén dóigh a bhfreagraíonn múinteoirí/aosaigh go híogair do riachtanais tuismitheoirí d'eolas agus athdheimhniú maidir le folláin a bpáistí? Féach 3.3 Féach 12.2