Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 9: Sláinte agus Leas

Chun sláinte agus leas an pháiste a chur chun cinn, is gá í/é a shábháil ó dhochar, bia cothaitheach a sholáthar di/dó, deis a thabhairt di/dó, a scíth a ligean mar is cuí, agus caidreamh muiníneach, measúil a dhéanamh léi/leis.

Comhpháirt 9.1 | Comhpháirt 9.2 | Comhpháirt 9.3 | Comhpháirt 9.4 | Comhpháirt 9.5 | Comhpháirt 9.6 | Comhpháirt 9.7

Comhpháirt 9.1 - Tá réimse iomlán beartas agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an suíomh chun scaipeadh tinneas galraithe a chosc, chun contúirtí agus strus timpeallachta a sheachaint, agus chun déileáil go héifeachtach le cásanna leighis a d'fhéadfadh tarlú.

Féach 2.4

Deis Mhachnaimh

9.1.1

Cén dóigh a ndéileálann tú le tinneas, galair thógálacha agus géarchéimeanna leighis i do scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe agus nósanna imeachta
  • Tuismitheoirí agus teaghlaigh a chur ar an eolas
  • Aosaigh ábhartha eile a chur ar an eolas (m. sh., SNA, múinteoirí faoi oiliúint, ionadaithe, pearsanra leighis, &rl.)
  • Leithlisiú/eisiamh/maoirseacht
  • Foráil do shuíomh ciúin compordach

9.1.2

Cad iad na nósanna imeachta atá ann chun freagairt do ghéarchéimeanna leighis?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Líon oiriúnach múinteoirí/aosach i do scoil ata cáilithe chun garchabhair a riar
  • Líon imleor boscaí garchabhrach lánfheistithe ar fáil go furasta
  • Mionteagasc múinteoirí/aosach ar an stóráil agus riarachán cuí maidir le cógas
  • Comhshocrú le dochtúir leighis nó gairmí leighis eile cáilithe go cuí chun comhairle agus tacaíocht a sholáthar don scoil
  • Cumarsáid le tuismitheoirí i gcás tinnis nó géarchéim leighis (m. sh., mionsonraí teagmhála nuashonraithe agus inrochtana, ag cur tinneas tógálach sa scoil in iúl dóibh, ag tabhairt comhairle dóibh ar na modhanna réamhchúramacha cuí, &rl.)

Comhpháirt 9.2 - Déanann an suíomh a dhícheall, trí réimse polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a chur i bhfeidhm, sláinte gach páiste agus duine fásta a chur chun cinn.

Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

9.2.1

Cad iad na straitéisí atá ann chun a chinntiú go gcuirtear do scoil go hiomlán ar an eolas maidir le gach gné de chothú sláinte? Féach 11.1 / 11.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bileoga eolais a chur ar fáil faoi vacsaíniú, sláinteachas béil, cosc ar ionfhabhtuithe, &rl.
  • Teagmháil rialta a spreagadh leis an altra sláinte poiblí agus gairmithe sláinte ábhartha eile
  • Cruinnithe eolais a thionól do thuismitheoirí faoi cheisteanna ar chothú sláinte
  • Deiseanna a thairiscint do mhúinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil chun oiliúint a fháil ar cheisteanna cothaithe sláinte
  • Cothú sláinte a ionchorprú sa churaclam do pháistí
  • Oiliúint maidir le cosaint pháistí, &rl.

9.2.2

Cén dóigh a dtugtar tacaíocht do pháistí maidir le deagnáthaimh shláinteachais phearsanta a fhorbairt? Féach 7.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gnáthaimh a bhunú maidir le ní lámh, glanadh i ndiaidh an leithreas a úsáid, séideadh sróine, diúscairt dramhaíola, &rl.
  • Scileanna féinbhainistithe a fhorbairt tríd an gcuraclam (e.g, oscailt/druidim feistí, am glanta suas, &rl.)
  • Cleachtas maith a athneartú maidir leis an timpeallacht a choinneáil glan agus sábháilte (m. sh., doirteadh a mhapáil suas, cosa a ghlanadh, &rl.)

9.2.3

Cén dóigh a dtig le múinteoirí/aosaigh i do scoil cur go dearfa le cothú sláinte páistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cleachtas maith sláinteachais a rólmhúnlú
  • Éadach oiriúnach don taobh amuigh, griansciath a úsáid
  • Gan tobac a chaitheamh
  • A bheith aireach agus freagrach maidir le gnáthriachtanais sláinteachais phearsanta na bpáistí (m. sh., dul chuig an leithreas, &rl.)
  • Strus agus imní a íosmhéadú do pháistí trí ghníomhú ar bhealach socair i gcónaí Féach 5.5
  • Tacaíocht agus maoirseacht ó aosaigh
  • A bheith freagrach agus íogair do riachtanais pháistí maidir le hathdheimhniú agus compord

Comhpháirt 9.3 - Tá treoirlínte Children First agus Our Duty to Care curtha i bhfeidhm ag an suíomh maidir le cosaint páistí.

Deis Mhachnaimh

9.3.1

Cén dóigh a gcinntíonn do scoil go bhfuil mionteagasc iomlán ag gach múinteoir/aosach ar threoirlínte do chleachtas maith maidir le cosaint pháistí? Féach 11.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eolas ábhartha ar fáil agus inrochtana do gach duine
  • Mionteagasc ar pholasaithe agus nósanna imeachta cosanta páistí sa phróiseas ionduchtaithe do mhúinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil
  • Tabhairt ar gach aosach sa scoil a bheith bainteach i bhforbairt polasaí agus nósanna imeachta a bhaineann le cosaint pháistí
  • Ról oiliúna inseirbhíse chun tacú le bainteacht mhúinteoirí/aosach le polasaithe agus nósanna imeachta cosanta páistí
  • A chinntiú go gcuirtear aon nuashonrú eolais in iúl go sóiléir do gach múinteoir/aosach mar is cuí
  • A chinntiú go dtugtar taithí do thuismitheoirí ar pholasaithe agus nósanna imeachta maidir le cosaint pháistí

9.3.2

Cad iad na prósis atá i do scoil agus seomra ranga chun a chinntiú go ndéileáiltear le páistí le meas agus dínit go háirithe i dtaca le cúram pearsanta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht a thabhairt do pháistí chun guth a bheith acu i ndéanamh cinntí
  • A chinntiú go bhfuil meas ar chearta páistí maidir le príobháideacht
  • A chinntiú go gcoinníonn próisis bhainistíochta iompair meas ar dhínit agus cearta páistí Féach 1.3 Féach 5.6
  • A chinntiú go ndéileáiltear le gach gearán go híogair agus go mothálach
  • A chinntiú go bhfuil muinín ag na páistí sna múinteoirí/aosaigh atá ag obair sa scoil agus go bhfuil siad ábalta labhairt leo faoi rudaí
  • A chinntiú nach mbíonn aosaigh fágtha le páiste aonair gan mhaoirseacht/leo féin ag am ar bith
  • Tacú le tuiscint na bpáistí ar a ról féin maidir le meas a bheith acu ar chearta daoine eile Féach 14.3

9.3.3

Cad iad na nósanna imeachta atá agat chun déileáil le míúsáid mheasta nó iarbhír pháistí i do scoil nó in áit eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Duine ainmnithe a ghlacann freagracht as ceisteanna a bhaineann le cosaint pháistí
  • Deis don duine ainmnithe scileanna agus eolas a fháil atá riachtanach don ról tábhachtach seo
  • An mhí-úsáid a aithint agus freagra a thabhairt uirthi
  • Tuairisciú mí-úsáid mheasta
  • Tacú leis an bpáiste mí-úsáid a thuairisciú
  • Foráil tacaíochta don pháiste nuair a shainaithnítear an mhí-úsáid
  • Idirchaidreamh le gníomhaireachtaí/daoine aonair eile ar féidir leo idirghabháil a dhéanamh agus/nó tacaíocht a thabhairt duit chun déileáil go cuí leis an gceist seo.

Comhpháirt 9.4 - Tá an suíomh réamhghníomhach maidir le nósanna sláintiúla ite a bhunú i measc na bpáistí agus cabhrú leo ag an am céanna taitneamh agus sásamh a bhaint as bheith ag ithe mar eispéireas dearfach sóisialta.

Deis Mhachnaimh - General

9.4.1

Cén dóigh a ndéantar nósanna sláintiúla itheacháin a chur chun cinn i measc na bpáistí i do sheomra ranga?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Páistí a chur ar an eolas faoi cad is ithe sláintiúil ann
  • Feasacht a spreagadh i measc tuismitheoirí agus teaghlaigh maidir le hithe sláintiúil
  • Foinsí eolais faoi nósanna sláintiúla itheacháin atá ar fáil sa timpeallacht (m. sh., bileoga/póstaeir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Bord Bia, cuideachtaí bia, ailt irise, &rl).
  • Eispéireas de bhia difriúil a thairiscint do pháistí Féach 7.3
  • Tabhairt ar pháistí a bheith bainteacht i bplé agus díospóireacht faoi ithe sláintiúil
  • Tuismitheoirí agus teaghlaigh a spreagadh chun tacú le do pholasaithe ar ithe sláintiúil
  • Freagairt ar riachtainais pháistí aonair ó thaobh aiste bia agus cothaithe
  • A chinntiú go bhfuil saor-rochtain i gcónaí ag gach páiste ar uisce óil a bhíonn glan

9.4.2

Cén dóigh a bhfuil taitneamh/tuiscint pháistí ar ithe forbartha mar eispéireas sóisialta dearfach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Amanna sosa agus sneaice atá socair agus réidh
  • Suí le páistí ag amanna sneaice chun patrún dearfach a chur ar fáil
  • Deiseanna a thairiscint do pháistí chun freagracht a ghlacadh maidir le hamanna sosa/sneaice a eagrú

Comhpháirt 9.5 - Tá iarrachtaí fónta déanta ag an suíomh gá na bpáistí le scíth, tréimhse chiúin agus príobháideachas a aithint agus a shásamh.

Deis Mhachnaimh

9.5.1

Cén dóigh a dtig leis an scoil/seomra ranga riachtanas an pháiste maidir le scíth a fháil le linn an lae a bhaint amach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Socruithe do thréimhse chiúin agus suaimhneas i rith an ghnáthaimh laethúil
  • Páistí a spreagadh chun sosanna cuí a ghlacadh le hithe, agus le súgradh lasmuigh chomh maith
  • Solúbacht thart ar dheiseanna le haghaidh scíthe i ngnáthamh an tseomra ranga
  • Dul chuig an leithreas

Comhpháirt 9.6 - Tá soláthar déanta ag an suíomh chun a chinntiú gur féidir le páistí caidrimh bhuan a bhunú agus a choinneáil ar bun le daoine fásta, lena ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha, le daoine ar chomhaois leo, agus le páistí eile.

Féach 5.1 / 5.2 / 5.3 Féach 13.1 Féach 14.2

Deis Mhachnaimh

9.6.1

Cén dóigh a dtacaítear leis na bpáiste caidrimh a fhorbairt le linn chéad bhliain na scoile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna do dheirfiúracha agus deartháireacha chun bualadh le chéile agus idirghníomhú
  • Tacaíocht ó mhúinteoirí/aosaigh chleachtacha a dtig leo leanúnachas agus comhsheasmhacht a chur ar fáil
  • Tacú le foirmiú caidrimh na bpáistí
  • Tacú le caidrimh na bpáistí le tuismitheoirí agus teaghlaigh fhorleathnaithe

Comhpháirt 9.7 - Cintíonn an suíomh go mbíonn gach duine fásta agus gach páiste réidh i gcás éigeandála.

Deis Mhachnaimh

9.7.1

Cén dóigh a ndéanann do scoil foráil chun déileáil le cásanna éigeandála nuair a bhíonn aslonnú i gceist?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe agus nósanna imeachta Féach 10.2
  • Iad a chur in iúl go soiléir do gach páiste agus aosach ábhartha
  • Páistí agus aosaigh i do scoil a ullmhú le freagairt ar chásanna éigeandála ar bhealach socair, gan strus (m. sh., druil dóiteáin rialta, cleachtadh a fháil ar na bealaí amach, cloigíní aláraim, &rl.)
  • Cuidiú seachtrach a fháil i gcásanna éigeandála