Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Prionsabail


Is tréimhse shuntasach inti féin í an luath-óige i saol an duine. Ba chóir í a chothú, agus meas, luach agus tacaíocht a thabhairt di ar a son féin.

Is tréimhse shuntasach inti féin í an luathóige, an tréimhse ó shaolú go sé bliana, i saol an duine. Tá sé de cheart ag páistí eispéiris mhaithe a bheith acu le linn a luath-óige, mar is gá. Tá tacaíocht dhearfach agus acmhainní cuí ag teastáil sa chuid seo de shaol an duine, chomh maith le gach cuid eile de, má táthar chun lán-tairbhe a bhaint aisti. Níor chóir go mbeadh soláthar na dtacaíochtaí agus na n-acmhainní seo ag brath ar éilimh na h-eacnamaíochta, ná ar éilimh na sochaí, ná ar chúiseanna ar bith eile.


Tá indibhidiúlacht, láidreachta, cearta agus riachtanais an pháiste lárnach do sholáthar eispéireas d'ardchaighdeán le linn a luath-óige.

Bíonn an páiste gníomhach ina c(h)uid forbartha féin trína c(h)uid idirgníomhartha leis an saol. Spreagann cumas an pháiste féin, mar aon lena c(h)uid spéiseanna, a t(h)aithí ar an saol agus an fonn chun neamhspleáchais na hidirghníomhaíochtaí seo. Foghlaimeoir cumasach an páiste ón lá a rugadh í/é, agus cabhraíonn dea-eispéiris le linn a luath-óige le gach aon pháiste an cumas atá inti/ann a bhaint amach. Ba chóir na dea-eispéiris seo a chur ar fáil i slí a thagann le cumais, le riachtanais agus le spéiseanna an pháiste, agus a thacaíonn leo. Tá sé de cheart ag páistí go n-éistfí leo féin agus lena gcuid tuairimí maidir le cúrsaí a bhaineann leo, agus go dtabharfaí aird orthu.


Is iad na tuismitheoirí oidí príomha a bpáistí agus is iad thar aon duine eile a chuireann folláine, foghlaim agus forbairt an pháiste chun cinn.

Beidh meas ag cúram agus oideachas na luath-óige atá ar ardchaighdeán ar ról na dtuismitheoirí agus tacóidh sé leis an ról sin. Tá sé riachtanach go mbeadh caidreamh macánta, ionraic, urramach ann leis na tuismitheoirí má táthar chun leas an pháiste a chur chun cinn. Cuireann comhpháirtíocht leis an gcomhaontas agus an leanúnachas idir na timpeallachta éagsúla ina mbíonn an páiste le linn blianta a luath-óige. Má tá ceangal agus idirghníomhú ann idir an suíomh luath-óige, na tuismitheoirí, muintir an pháiste agus an comhluadar ar fad, cuireann sé sin le saibhreas eispéireas na luath-óige mar go bhfuil sé ar aon dul leis an dtimpeallacht ina mhaireann agus ina fhásann an páiste.


Tá sé riachtanach go mbeadh comhchaidreamh tuisceanach, cómhalartach ann nach athraíonn le himeacht aimsire má táthar chun folláine, foghlaim agus forbairt an pháiste a chinntiú.

Beidh tionchar suntasach ag an gcaidreamh a bhíonn ag an bpáiste le daoine taobh istigh dá t(h)impeallacht chóngarach agus dá t(h)impeallacht fhairsing ar a f(h)olláine, a f(h)orbairt agus a f(h)oghlaim. Caidreamh cómhalartach atá sa chaidreamh seo agus tá daoine fásta, páistí eile, muintir an pháiste agus an comhluadar i gcoitinne i gceist anseo. Tá dea-chaidreamh buan, tuisceanach, urramach a mhaireann agus a leanann le himeacht aimsire ina bhunchloch de leas an pháiste.


Buntréith de chúram agus oideachas luath-óige d'ardchaighdeán is ea an comhionannas.

Buntréith de sholáthar chúraim agus oideachais luath-óige d'ardchaighdeán is ea an comhionannas, mar a mhínítear é in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (1989) agus sna hAchtanna um Stádas Comhionann 2000- 2004. Is bunriachtanas é d'fhorbairt iomlán gach páiste in Éirinn. Is gá riachtanais agus cumais faoi leith gach páiste a aithint, agus tacú léi/leis ó lá a b(h)reithe chun cumas an pháiste sin a thabhairt chun bhlátha. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an deis chéanna ag chuile páiste fáil a bheith acu ar sheirbhísí luath-óige, bheith páirteach iontu agus leas a bhaint astu.


Aithníonn suímh luath-óige atá ar ardchaighdeán an éagsúlacht agus cothaíonn siad meas uirthi. Cinntíonn siad freisin go léirítear meas ar fhéiniúlacht chuile pháiste agus chuile teaghlach, go pearsanta, agus ó thaobh chultúr agus teanga dhe.

Téarma is ea éagsúlacht a mbaintear úsáid as go ginearálta chun tagairt do dhifríochtaí idir páistí faoi leith de thoradh inscne, aois, dath an chraicinn, teanga, claonadh gnéis, eitneachais, inniúlachta, creidimh, cine nó gnéithe chúlra eile de leithéid struchtúr teaghlaigh, cúinsí eacnamaíochta &rl. Ba chóir go léireodh eispéiris luath-óige atá ar ardchaighdeán meas ar an éagsúlacht trí mhothúchán cómhuintearais do chuile pháiste a chur chun cinn taobh istigh d'oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Ba chóir chomh maith go soláthróidís eispéiris shaibhre a chabhróidh le páistí éagsúlacht shóisialta agus cultúrtha a thuiscint.


Bíonn tionchar díreach ag timpeallacht fhisiciúil an pháiste óig ar a f(h)olláine, a f(h)oghlaim agus a f(h)orbairt.

Is buntáiste don pháiste bheith gníomhach i réimse leathan timpeallachta le linn a luathóige. Ina measc siúd, tá timpeallachta taobh istigh agus taobh amuigh, cinn tógtha agus nádúrtha, sa bhaile agus as an mbaile. Ba chóir go mbeadh an timpeallacht ar ardchaighdeán agus go gcuirfeadh sé le forbairt agus foghlaim an pháiste agus go saibhreodh sé é. Músclaíonn na heispéiris seo fiosracht agus neamhspleáchas agus cuireann siad le mothúcháin an chómhuintearais. Méadóidh siad meas na bpáistí ar an gcomhshaol chomh maith.


Ba chóir slándáil, leas agus folláine gach páiste a chosaint agus a chur chun cinn i ngach uile thimpeallacht luath-óige.

Is tréith de thimpeallacht ar ardchaighdéan é go gcothaítear folláine an pháiste ann. Cuid de seo is ea cosaint an pháiste ó dhíobháil agus cothú leas an pháiste. Chomh maith leis sin, is tréith den ardchaighdeán é go mbíonn deis ag an bpáiste caidreamh muiníneach a bheith aici/aige le daoine fásta agus le páistí eile. Níor chóir go gcuirfeadh cothú slándála isteach ar an réimse leathan eispéireas ba chóir a bheith ag an bpáiste de réir a (h)aoise agus a leibhéil fhorbartha.


Tá ról bunúsach ag an duine fásta i soláthar eispéireas luath-óige atá ar ardchaighdeán.

Tá cleachtas luath-óige atá ar ardchaighdeán bunaithe ar ról sainiúil an duine fhásta. Tá rí-thábhacht ag baint le cumais, cáilíochta, meon agus taithí daoine fásta agus lena gcumas machnamh a dhéanamh ar a ról. Tá na nithe seo riachtanach chun tacú le heispéiris atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach páiste. Is ról dúshlánach, lárnach é seo i saol an pháiste óig gur gá acmhainn chuí a chur ar fáil dó, agus ba chóir tacú leis agus meas dá réir a bheith air.


Is gá go mbeadh comhoibriú, cumarsáid agus meas cómhalartach ann má táthar chun eispéiris luathóige ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Is gné thábhachtach de chúram agus oideachas luath-óige den ardchaighdeán é an obair foirne. Is léiriú é ar chleachtas comhoibritheach, comhordaithe i suíomh ar bith. Tá eolas agus comhthuiscint riachtanach don chleachtas ar ardchaighdeán, eolas agus comhthuiscint a roinntear go soiléir i measc na foirne sa suíomh, leis na daoine proifisiúnta eile a bhíonn ag déileáil leis an bpáiste agus leis na tuismitheoirí. Léiríonn siad seo léargas ar an bpáiste 'ina iomláine'. Deimhníonn siad seo chomh maith go gcuirtear caidreamh urramach comhoibre chun cinn i measc na ndaoine fásta go léir atá ag tacú le folláine, foghlaim agus forbairt an pháiste. Ba chóir go dtabharfadh infreastruchtúr cuí ag leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, go dtabharfadh sé meas, tacaíocht agus acmhainn d'obair foirne, comhordú agus cumarsáid dá leithéid.


Curaclaim agus cláir ghníomhaíochta, a mbíonn cur chuige iomlánaíoch acu d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an pháiste, léiríonn siad oideolaíocht sa luath-óige. Léiríonn siad chomh maith go bhfuil an cúram agus an t-oideachas do-scartha óna chéile.

Is téarma é oideolaíocht a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh do réimse leathan idirghníomhaíochtaí a thacaíonn le forbairt an pháiste. Tá cur chuige iomlánaíoch aige tríd an cúram agus an t-oideachas araon a chuimsiú. Aithníonn sé cé chomh leathan agus atá an réimse caidreamh agus eispéireas ina dtarlaíonn an fhorbairt, agus aithníonn sé na ceangail eatarthu. Tacaíonn sé chomh maith le coincheap an pháiste mar fhoghlaimeoir gníomhach. Ba chóir tacú leis an oideolaíocht seo taobh istigh de chreatlach solúbtha agus dinimiciúil a thugann aird ar chumas foghlamtha an pháiste 'ina iomláine'. Chomh maith leis sin, tá sé riachtanach agus iad ag cur an oideolaíocht seo i bhfeidhm.


Tá an súgradh lárnach d'fholláine, d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an pháiste óig.

Is meán tábhachtach é an súgradh trína mbíonn an páiste ag idirghníomhú leis an saol mórthimpeall uirthi/air féin agus á thriall chun ciall a bhaint as. Tá na hidirghníomhaíochtaí seo, le páistí eile, daoine fásta, ábhair, eispéiris, agus smaointe, mar shampla, ina mbunús ar fholláine, ar fhorbairt agus ar fhoghlaim an pháiste. Is foinse lúcháire agus comhlíonta é an súgradh don pháiste. Soláthraíonn sé comhthéacs agus deis thábhachtach chun eispéiris luath-óige ar ardchaighdeán a fheabhsú agus a shaibhriú. Dá réir sin, beidh an súgradh ina phríomhfhócas i suímh luathóige atá ar ardchaighdeán.