Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 3: Tuismitheoirí agus Teaghlaigh

Chun meas a léiriú ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh agus chun ról a thabhairt dóibh, is cóir go mbeadh cur chuige gníomhach comhpháirtíochta ann agus, mar fhianaise air sin, go mbeadh raon próiseas, polasaithe agus nósanna imeachta ann atá fógraithe go soiléir agus fáil orthu go héasca, agus atá curtha i bhfeidhm.

Comhpháirt 3.1 | Comhpháirt 3.2 | Comhpháirt 3.3 | Comhpháirt 3.4

Comhpháirt 3.1 Tá deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla cumarsáide ag an bhfoireann agus ag tuismitheoirí sa chaoi gur féidir leo eolas a roinnt faoin bpáiste.

Deis Mhachnaimh

3.1.1

Cén cineál socruithe atá ann chun cruinnithe foirmiúla rialta a éascú idir tuismitheoirí agus foireann?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineálacha cruinnithe eagraithe ag an scoil do thuismitheoirí
  • An dá thuismitheoir bainteach ann (nuair is cuí)
  • Minicíocht na gcruinnithe
  • Freagairt ar iarratais ó thuismitheoirí maidir le cruinnithe
  • Áit/suíomh do chruinnithe

3.1.2

Cén dóigh a scaipeann tú eolas ar thuismitheoirí? Féach 12.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cláir Fhógraí
  • Amchláir laethúla
  • Grianghraif d'eachtraí agus gníomhaíochtaí foirne/páistí
  • Cumarsáid bhéil
  • Nuachtlitir
  • R-phost
  • Teachtaireacht téacs

3.1.3

Cén cinéal deiseanna atá ann do chomhráite neamhfhoirmiúla rialta le tuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna a chruthú d'idirghníomhaíocht neamhfhoirmiúil le tuismitheoirí
  • Fáilte a chur roimh thuismitheoirí laistigh den scoil Féach 14.2

3.1.4

Cén dóigh a ndéanann deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla cumarsáide le tuismitheoirí tacú le foghlaim agus forbairt an pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rochtain a fháil ar shaineolas na dtuismitheoirí maidir le forbairt agus foghlaim a bpáiste
  • Eolas a thabhairt do thuismitheoirí faoi fhoghlaim agus fhorbairt a bpáiste
  • Eolas na dtuismitheoirí a chomhtháthú i bpleanáil/ measúnú foghlama na bpáistí
  • Tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí maidir le foghlaim agus forbairt a bpáiste a thuiscint

Comhpháirt 3.2 - Tá éagsúlacht deiseanna do thuismitheoirí baint a bheith acu le gníomhaíochtaí laistigh de na timpeallachtaí, ag cur raon suimeanna na dtuismitheoirí san áireamh chomh maith leisna hiallacha ama a bhíonn orthu.

Deis Mhachnaimh

3.2.1

Cén dóigh a dtacaítear agus a spreagtar bainteacht tuismitheoirí laistigh de do scoil agus do sheomra ranga?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna do thuismitheoirí a bheith bainteach i mbainistíocht na scoile
  • Deiseanna do thuismitheoirí a scileanna agus acmhainní a chur leis an scoil/seomra ranga Féach 16.4
  • Tuismitheoirí a éascú le bheith rannpháirteach bunaithe ar a gcuid suimeanna, inniúlachtaí agus cúltúr Féach 14.2
  • A bheith réamhghníomhach i spreagadh rannpháirtíocht na dtuismitheoirí

Comhpháirt 3.3 - Bíonn an foireann freagrúil, tuisceanach i soláthar eolais agus tacaíochta do thuismitheoirí sa ról bunúsach atá acu i bhfoghlaim agus i bhforbairt an pháiste.

Féach 12.2

Deis Mhachnaimh

3.3.1

Cén dóigh a gcuireann tú eolas ar fáil do thuismitheoirí? Féach 16.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Raon eolais
  • Athbhreithniú rialta ar an eolas ar fáil do thuismitheoirí
  • Freagairt ar shainiarratais eolais
  • Na tuismitheoirí a dhéanamh feasach ar eolas a bhaineann lena bpríomhról
  • Tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí maidir le húsáid eolais sa bhaile

3.3.2

An gcruthaíonn tú deiseanna do ghairmithe eile ón bpobal a bheith rannpháirteach le tuismitheoirí laistigh den scoil? Féach 16.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Altra Sláinte Poiblí
  • Garda
  • Oifigeach Sábháilteachta Dóiteáin
  • Gairmithe eile

Comhpháirt 3.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe agus ar na gnásanna go léir a bhaineann le páirtíocht na dtuismitheoirí, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Féach 10.2 Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

3.4.1

Cén dóigh a n-úsáideann tusa agus do scoil a cuid polasaithe agus gnásanna chun tacú le bainteacht tuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cur chun cinn dearfach maidir le ról tuismitheoirí
  • Tabhairt ar thuismitheoirí a bheith bainteach i mbainistíocht na scoile
  • A chinntiú gur léigh agus gur thuig na tuismitheoirí na polasaithe agus gnásanna
  • Tabhairt ar thuismiteoirí a bheith bainteach le polasaithe don scoil a chur le chéile Féach 4.1
  • Próisis d'athbhreithnithe agus nuashonrú polasaithe go rialta
  • Do pholasaí a chur i gcleachtadh Féach 4.2
  • Doiciméadú na ngnásanna
  • A chinntiú gur thuig agus go leanann gach duine na gnásanna sin