An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn chuile dhuine rannpháirteach i gcinneadh a ghlacadh, tá gá le comhairliúchán a chuireann rannpháirtíocht chun cinn, a lorgaíonn dearcaidh agus tuairimí páistí, tuismitheoirí, lucht foirne, agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, a éisteann leo agus a ghníomhaíonn dá réir.
Comhpháirt 4.1 - Lorgaíonn foireann an tsuímh cabhair agus comhairle ó raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.1.1Cén dóigh a spreagann an scoil comhchomhairle leis an bhfoireann, tuismitheoirí, páistí agus páirtithe leasmhara cuí eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén plean a forbraíodh chun a chinntiú go ndéantar comhroinnt dhearcaí agus thuairimí a spreagadh go gníomhach agus a thaifeadadh mar is ceart? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad a thig leatsa/le do scoil a dhéanamh chun cumas an pháiste a fhorbairt maidir lena ndearcaí agus tuairimí a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann lena n-eispéiris laethúla? Féach 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na deiseanna atá ar fáil do pháistí chun pleananna a dhéanamh agus a bpleananna a léiriú don mhúinteoir/aosach cuí? Féach 7.3
Cén dóigh a léiríonn tú/do scoil meas ar spriocanna agus roghnachais tuismitheoirí dá bpáiste? Féach 3.3
Cén dóigh a ndéantar ionchur an pháiste, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile a thaifeadadh chun próisis déanta cinntí a chur in iúl?
Cén dóigh a dtugann tú/do scoil aiseolas do rannpháirtithe a chuathas i gcomhchomhairle leo?
Comhpháirt 4.2 - Cuireann foireann an tsuímh i bhfeidhm, de réir mar is cuí, comhairle an raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.2.1Cén dóigh a n-úsáidtear na dearcaí agus tuairimí a bailíodh trí chomhchomhairle le páirtithe leasmhara chun gach gné den chleachtas a athbhreithniú agus a athleasú go rialta?
Cén dóigh a ndéantar an fhoireann a spreagadh chun freagracht a ghlacadh as cur i bhfeidhm na ngníomhartha comhaontaithe? Féach 10.5
I do Phlean Scoile, an bhfuil mír agat ar pholasaithe agus ghnásanna a cumadh i gcomhchomhairle le tuismitheoirí, foireann, bord bainistíochta, agus, nuair is cuí, leis na páistí sa scoil?
Cén dóigh a gcinntíonn tú gur cáipéisí oibre atá i do chuid polasaithe agus gnásanna agus go ndéantar iad a athleasú agus a nuashonrú ar bhonn rialta? Féach 8.1
Cén dóigh a mbíonn tionchar ag comhairliúchán ar an bPlean Scoile?