Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 2: Timpeallachtaí

Timpeallachtaí saibhre, lasmuigh agus laistigh (idir ábhair agus trealamh), bíonn siad dea-choimeádta, sábháilte, solúbtha agus oiriúnach ó thaobh forbartha de. Bíonn siad ar fáil don pháiste agus éasca le teacht orthu. Tairgeann siad réimse éagsúil eispéireas dúshlánach, spreagúil don pháiste.

Comhpháirt 2.1 | Comhpháirt 2.2 | Comhpháirt 2.3 | Comhpháirt 2.4 | Comhpháirt 2.5 | Comhpháirt 2.6 | Comhpháirt 2.7 | Comhpháirt 2.8


Comhpháirt 2.1 - Tá an timpeallacht laistigh agus lasmuigh pleanáilte go maith agus leagtha amach chun freastal ar riachtanais na bpáistí agus na ndaoine fásta go léir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

2.1.1

Cén dóigh a dtéann leagan amach an tseomra ranga agus na scoile i ngleic le riachtanais na bpáistí, múinteoirí agus aosach eile ?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Sábháilteacht
  • Príobáideacht (m. sh., an seomra foirne, seomra na dtuisimitheoirí, &rl.) Féach 1.2
  • Riachtanais chúraim phearsanta
  • Saoráidí sosa
  • Teas/soilsiú/décor
  • Eagrú spáis foghlama
  • Saorghluaiseacht a éascú

2.1.2

Cén dóigh a soláthraítear spás do ghiúirléidí gach páiste sa seomra ranga? Féach 1.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Crúcaí cótaí ag leibhéal an pháiste
  • Siombailí/pictiúir mar lipéid
  • Caochóga/seilfeanna do ghiúirléidí pearsanta
  • Spás do mhálaí scoile

2.1.3

Cén dóigh a ndéantar cuairteoirí a threorú isteach agus thart ar an scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhartha grúpa ar an taobh amuigh
  • Cloigín/idirchum
  • Fógra fáiltithe
  • Comharthaí treo-aimsitheacha (i mBéarla, Gaeilge agus teangacha eile, mar is cuí) Féach 14.2
  • Rang agus ainm an mhúinteora ar an doras
  • Pictiúr ar an doras chun cuidiú leis an bpáiste an seomra ranga a aithint
  • Comharthaíocht ag airde an pháiste
  • Comharthaí d'aosaigh le deacrachtaí litearthachta agus máchail radhairc

2.1.4

Cén dóigh a bhfuil an spás laistigh agus lasmuigh deartha chun freastal ar pháistí ina n-aonar, nó i ngrúpaí beaga nó grúpaí móra?


2.1.5

Cén dóigh a soláthraíonn an timpeallacht laistigh deiseanna do pháistí agus mhúinteoirí/aosaigh gluaiseacht thart go saor?


Comhpháirt 2.2 - Tá an timpeallacht (trealamh agus ábhair san áireamh) oiriúnach agus inrochtana do na páistí agus do na daoine fásta go léir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

2.2.1

Cén dóigh a soláthraíonn pleanáil an tseomra ranga/scoile saorghluaiseacht laistigh den seomra ranga/scoil?


2.2.2

Más infheidhme, cén dóigh a gcinntíonn tú go bhfuil an scoil (istigh agus amuigh) inrochtana do gach páiste agus aosach le riachtanais speisialta? Féach 14.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rampaí
  • Doirse leathana
  • Ráillí láimhe
  • Láithreacha stórais inrochtana
  • Páirceáil
  • Spásanna lasmuigh/laistigh
  • Comharthaíocht Féach 2.1
  • Áiseanna radhairc

2.2.3

Cén dóigh a bhfuil na saoráidí leithris inrochtana do gach páiste agus aosach laistigh den seomra ranga/scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Líon imleor leithreas
  • Leithris pháistelárnacha
  • Saoráidí leithris eile d'aosaigh
  • Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas
  • Saoráidí athraithe do pháistí faoi mhíchumas
  • Soláthairtí seomra folctha (tuáillí páipéir, araidí, rannóir do shópa leachta, stóráil do sholáthairtí)
  • Urláir agus ballaí sonite
  • Spás agus príobháideacht

2.2.4

An mbeifeá ábalta sampla a thabhairt faoin dóigh ina bhfuil an timpeallacht oiriúnach do riachtanais pháistí le míchumais dhifriúla agus cúlraí cultúir dhifriúla? Féach 14.2 / 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna a chur ar fáil do gach páiste a bheith lasmuigh
  • Critéir nuair atáthar ag ceannach ábhar agus trealaimh lena chinntiú go bhfuil siad solúbtha agus inrochtana do gach páiste
  • A chinntiú go bhfuil gach páiste ábalta rochtain a fháil ar ábhair nádúrtha agus de dhéantús baile (m. sh., boscaí cairtchláir, cóin phéine , duilleoga, taos súgartha de dhéantús baile, &rl.)
  • A chinntiú go dtig le gach páiste an trealamh agus na hábhair a úsáid go neamhspleách (m. sh., stóráil ar sheilfeanna ísle, seilfeanna oscailte, lipéadú/ pictiúir/siombailí, &rl. )Féach 6.2

Comhpháirt 2.3 - Tá an comhshaol laistigh agus lasmuigh coinnithe i ndeis mhaith agus cuireann sé timpeallacht chompordach, shuáilceach ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta.

Deis Mhachnaimh

2.3.1

Cén dóigh a ndéantar an timpeallacht compordach agus pléisiúrtha?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Timpeallacht ghrianmhar agus tharraingteach do pháistí agus aosaigh
  • Soilsiú atá oiriúnach do raon na ngníomhaíochtaí
  • Forálacha d'aeráil, go háirithe sna láithreacha sláintíocha
  • Áit suí oiriúnach d'aosaigh atá bainteach i raon gníomhaíochtaí le páistí (m. sh., roinnt leabhar, &rl.)
  • Teas rialaithe go teirmeastatach chun a chinntiú go gcoinnítear an teocht chuí
  • Cothabháil an spáis laistigh agus lasmuigh
  • Athbhreithniú rialta ar an timpeallacht

2.3.2

Cén dóigh a ndéantar glanadh an tseomra ranga a eagrú? Féach 9.1 / 9.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Seiceáil ghlanta le duine ainmnithe
  • Eadach chun cóiriú suas a ní go rialta
  • Gaineamh a ghlanadh/athsholáthar go rialta
  • Fógraí do níochán lámh a bheith i ngach leithreas
  • Gnáthaimh maidir le sláinteachas pearsanta a bheith ann do gach ball foirne agus gach páiste
  • Srianadh lotnaidí
  • Diúscairt dramhaíola
  • Níochán

Comhpháirt 2.4 Cuireann an timpeallacht le sábháilteacht na bpáistí agus na ndaoine fásta, laistigh agus lasmuigh.

Féach 9.1

Deis Mhachnaimh

2.4.1

Cad iad na nósanna imeachta/gnáthaimh atá ann chun a chinntiú ar bhonn rialta go bhfuil an láthair shúgartha lasmuigh glan agus saor ó ghuaiseacha?


2.4.2

Cén dóigh a bhfuil an láthair lasmuigh daingnithe agus coinnithe chun sábháilteacht agus cosaint na bpáistí ó dhochar a chinntiú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Clúdach (m. sh., linnte, poill, botháin, &rl.)
  • Claíochán
  • Geata páistedhíonach d'iontráil
  • Claí imlíneach
  • Laistí geata

2.4.3

Cén dóigh a ndéantar an seomra ranga/scoil a choinneáil saor ó ghuaiseacha sláinte?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Stóráil d'ábhair ghlanta/ceimicí/nimheanna
  • Stóráil d'ábháir dhramhaíola
  • Stóráil mhíochaine

2.4.4

Cén dóigh a bhfuil an timpeallacht/trealamh laistigh deartha chun baol gortaithe do pháistí a laghdú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gan coirnéil ghéara a bheith ar throscan nó ar fheistithe
  • Téitheoirí a choimeád ó pháistí chun a chinntiú nach bhfuil siad i mbaol dóanna
  • Teocht uisce sna seomraí folctha a choinneáil ag teocht oiriúnach (faoi 40° Celsius)
  • Bealaí saor ó bhacainní
  • Soicéid leictreonacha clúdaithe
  • Clúdach na n-urlár daingnithe
  • Guaiseacha tachta a thógáil ar shiúl
  • Urláir neamhshleamhnaithe
  • Gairis sábháilteachta ar fhuinneoga agus dhoirse
  • Gloine shábháilteachta
  • Siombailí sábháilteachta oiriúnacha
  • Fleisceanna sraoillte a thógáil ar shiúl ó pháistí
  • Cordaí dallóg agus cuirtíní a bheith do-rochtana
  • Trealamh briste/a bhfuil damáiste déanta dó a thógáil ar shiúl

2.4.5

An bhfuil na bealaí amach uile inrochtana agus ag feidhmiú go hiomlán ar eagla go mbeadh éigeandáil ann?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comharthaíocht a bheith dátheangach (agus teangacha eile mar is cuí)
  • Áiseanna radhairc
  • Gnáthaimh aslonnaithe Féach 9.7

2.4.6

An bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an fhoinse uisce sa seomra ranga sábháilte le hól?


2.4.7

Cén dóigh a gcinntíonn stóráil ábhar agus trealaimh sábháilteacht laistigh den seomra ranga/scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ionaid stórála don trealamh laistigh
  • Ionaid stórála don trealamh lasmuigh
  • Ionaid stórála daingnithe do thaifid pháistí Féach 10.6 Féach 12.1
  • Almóir glasáilte do stóráil ábhar guaiseach/tocsaineach
  • Stór daingnithe do threalamh glanta
  • Seilfeanna atá ard go leor
  • Seilfeanna troma a bholtáil nó a dhaingniú don talamh/bhalla

2.4.8

An bhfuil fearas garchabhrach stocáilte go hiomlán ag an scoil ar féidir rochtain a fháil air, agus atá ar fáil, go furasta?


2.4.9

Cén córas atá ann chun a chinntiú go bhfuil brathadóirí tóite, múchtóirí dóiteáin, aláraim dhóiteáin agus blaincéid dóiteáin ag obair mar is ceart agus go ndéantar cothabháil orthu go rialta?


Comhpháirt 2.5 Cuireann an timpeallacht lasmuigh raon eispéireas atá dúshlánach, éagsúil, cruithaitheach, saibhir agus atá oiriúnach ó thaobh na forbartha de, ar fáil do gach páiste.

Féach 14.2

Deis Mhachnaimh

2.5.1

Cén dóigh a soláthraíonn agus a gcuireann tusa agus do scoil deiseanna chun cinn don pháiste chun an timpeallacht lasmuigh a eispéiriú? Féach 6.3 / 6.5 Féach 7.3 / 7.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foráil de spás lasmuigh
  • Rochtain rialta ar an spás seo
  • Deiseanna do gach páiste a bheith sa spás lasmuigh a uasmhéadú
  • Dúshláin agus bacainní a thagann os do chomhair agus tú ag soláthar rochtana lasmuigh
  • Straitéisí chun cuid/gach ceann de na dúshláin seo a shárú
  • Úsáid na timpeallachta lasmuigh a spreagadh ar feadh na bliana uile
  • Ilghnéitheacht eispéireas lasmuigh a sholáthar
  • Deiseanna do dhúshláin agus 'baol sábháilte'
  • Eagrú na timpeallachta sa dóigh go bhfeictear na páistí i gcónaí
  • Ilghnéitheacht dromchlaí chun eispéiris an pháiste den timpeallacht lasmuigh a threisiú
  • Deiseanna do gach páiste cuairt a thabhairt ar thimpeallachtaí lasmuigh eile taobh amuigh den scoil láithreach (m. sh., páirceanna, áiteanna súgartha, siopaí, &rl.) Féach 16.3

2.5.2

Cén dóigh a gcomhoiriúnaíonn raon an trealaimh lasmuigh riachtanais agus inniúlachtaí na bpáistí i do rang?

Smaoinigh ar: (m. sh.)


2.5.3

An bhfuil rochtain ag gach páiste ar shaoráidí leithris ón láthair laistigh?


2.5.4

Cad é an raon eispéireas a chuireann an trealamh lasmuigh chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cruthaitheacht agus fadhbréiteach
  • Rith
  • Dreapadh
  • Cothromú
  • Léim
  • Doirteadh
  • Luascadh
  • Drámaíocht
  • Tógáil le bloic
  • Súgradh ionramhálach
  • Gníomhaíochtaí ealaíne
  • Sní
  • Scútaireacht
  • Tochailt agus cur

2.5.5

Cén dóigh a ndéantar go leor spáis lasmuigh a sholáthar chun fiosracht agus imscrúdú a threisiú sa dóigh go mbíonn súgradh aonair nó i ngrúpa solúbtha? Féach 6.6


Comhpháirt 2.6 - Cuireann an timpeallacht laistigh raon eispéireas ar fáil do gach páiste atá oiriúnach ó thaobh na forbartha de chomh maith le bheith dúshlánach, éagsúil, cruthaitheach, saibhir.

Féach 14.2

Deis Mhachnaimh

2.6.1

Cén dóigh a soláthraíonn tú do thaispeáint radhairc?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cláir fhógraí
  • Láithreacha taispeána
  • Láthair tionscadail
  • Taispeáint ag leibhéal súl an pháiste
  • Póstaeir/pictiúir/griangraif
  • Íomhánna den fhíorshaol
  • Obair na bpáistí (m. sh., pictiúir, dearaí, déantúis, &rl.)
  • Obair an pháiste a stóráil go dtí go bhfuil sé réidh le tabhairt abhaile
  • Taispeáint radhairc a rothlú

2.6.2

Cén dóigh a n-éascaíonn agus a dtacaíonn timpeallacht an tseomra ranga forbairt na ngníomhaíochtaí agus na hidirghabhála sóisialta? Féach 5.1


2.6.3

Cad iad na láithreacha/spásanna difriúla laistigh den seomra ranga a thairgtear don pháiste? Féach 6.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Láthair uisce (m. sh., teocht oiriúnach, uirlisí agus trealamh d'uisce, naprúin, an t-uisce a athrú gach lá, clúdach urláir oiriúnach, &rl.)
  • Láthair ghainimh (m. sh., cineálacha difriúla gainimh [gaineamh mín, gaineamh fliuch/ tirim], gabhdáin, uirlisí agus trealamh do ghaineamh, panna dusta agus scuab, naprúin, an gaineamh a athlíonadh agus a athsholáthar go rialta, &rl.)
  • Láthair phéinte (m. sh., péinteáil go minic, táblaí, tacais, scuaba, ilghnéitheacht dathanna, ilghnéitheacht pháipéir [dath, cruth, uigeacht, méid], trealamh do ghrúpghníomhaíochtaí [rollóirí, spúinsí, méarphéinteanna], &rl.)
  • Ábhair ealaíne cholláise/tralaí (m. sh., aonad stórála, rogha mór d'ábhair bailithe ag páistí, siosúir, gliú agus taos, scuaba, stáplóir, fáiscíní páipéir, &rl.)
  • Láthair ghrafaice/scríbheoireachta (m. sh., rogha de pháipéir, cailceanna, gualach, criáin, pinn luaidhe, pinn, marcálaithe, samplaí d'ábhair scríofa, táblaí agus cathaoireacha cuí, &rl.)
  • Láthair do thaos súgartha (m. sh., táblaí agus cathaoireacha, ilghéitheacht dathanna, go leor trealaimh agus uirlisí oiriúnacha, naprúin, &rl.)
  • Láthair bharrbhoird bréagán (m. sh., táblaí agus cathaoireacha páistí, láithreacha stórála ar leibhéal íseal, raon leathan de threalamh [preabshábha, bréagáin snáithín, bréagáin ghrádaithe, sórtálaithe crutha], &rl.)
  • Láthair urláir (m. sh., páirt le cairpéad, stóráil imleor, trealamh [mataí bóthair, carranna, carbháin, garáiste, trucailí, ainmhithe feirme, traenacha, bloic, teach bábóige], &rl.)
  • Coirnéal baile (m. sh., sonraithe go maith ó láithreacha eile, tarraingteach agus inmhianaithe, troscán ar leibhéal íseal [cócaireán, uirlisí cócaireachta, cuisneoir, cúiste, éadaí le cóiriú suas iontu, leabhair agus irisleabhair], trealamh a léiríonn saol an pháiste sa bhaile, [bábóga, foireann tae] &rl.)
  • Súgradh róil (m. sh., gruagairí, oifig an phoist, Gardaí, múinteoir, altra, comhraiceoir dóiteáin, dochtúir, siopa, bialann, leabharlann, &rl.)
  • Láthair leabhar (m. sh., láthair chiúin sa seomra, solas nádúrtha, áit chompardach le suí, páirt le cairpéad, cúisíní, aonaid taispeána, leabhair ghlana agus inrochtana, puipéid d'instint scéalta, leabhair mhóra ar fáil in ilghnéitheacht teangacha agus formáidí difriúla, córais iasachta, naisc don leabharlann áitiúil, &rl.)
  • Láthair fhuaime agus cheoil (m. sh., ilghnéitheacht uirlisí ceoil, léiriú d'ilghnéitheacht chultúr, trealamh [téipthaifeadáin, téipeanna], cineálacha difriúla ceoil [clasaiceach, ceoldráma, pop, traidisiúnta], stóráil oiriúnach, ranna traidisiúnta do pháistí, &rl.)
  • Láithreacha eile do théamaí/suimeanna speisialta (m. sh., cré, láthair ríomhairí, nádúr, eolaíocht, adhmadóireacht, cócaireacht, &rl.)

2.6.4

Cén dóigh a ndéantar na láithreacha/spásanna seo a aithint go furasta trí throscán, mhaisiú agus trealamh?


Comhpháirt 2.7 - Tá leordhóthain trealaimh agus ábhar sa suíomh (laistigh agus lasmuigh) le n-úsáid ag páistí ina n-aonar agus ina ngrúpaí.

Féach 6.4

Deis Mhachnaimh

2.7.1

Cén raon de threalamh agus ábhair forbartha go cuí atá ar fáil do pháistí laistigh den seomra ranga chun tacú le foghlaim agus forbairt an pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhair chéadfacha (m. sh., gaineamh, uisce, taos súgartha, péint [neamhthocsain], bloic, &rl.)
  • Gníomhaíochtaí fisiciúla (m. sh., ag siúl ar, dreapadh, ag bogadh trí, soncáil, tarraingt &rl.)
  • Gabhdáin de rudaí d'imscrúdú, folmhú agus athlíonadh
  • Troscán (m. sh., táblaí, cathaoireacha, &rl.)

2.7.2

Cén dóigh a gcinntíonn an trealamh agus na hábhair go bhfreastalaítear ar riachtanais fhoghlama páistí atá ag athrú? Féach 7.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Méideanna imleora de threalamh agus ábhair
  • Iniúchadh a dhéanamh go rialta agus athsholáthar/athchóiriú nuair is cuí
  • Trealamh agus ábhair a thacaíonn le cur i bhfeidhm an churaclaim
  • Foráil de threalamh agus ábhair do pháistí le riachtanais speisialta chun rochtain ar ghníomhaíochtaí an churaclaim a chinntiú
  • Úsáid teilifíse/físeán/DVDanna/ríomhairí chun suim a spreagadh, smaointe a fhorbairt agus foghlaim a fhorleathnú
  • Éagsúlacht na sochaí níos leithne laistigh den timpeallacht a léiriú Féach 14.2

2.7.3

Cén dóigh a bhfuil an trealamh agus na hábhair tarraingteach d'ilchéadfacha agus a bhfuil táirgí déantóireachta agus nádúrtha araon iontu?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Uigeacht chrua agus bhog
  • Rudaí le bolamh agus blas
  • Rudaí déanta d'adhmad, fabraic, miotal, páipéar, leacht &rl. Féach 6.5

Comhpháirt 2.8 - Déanann an timpeallacht foráil do bhainistíocht shábháilte chaitheamh bhia.

Féach 9.4

Deis Mhachnaimh

2.8.1

Cén dóigh a gcinntíonn tú cleachtadh sláinteachais maith i ngach áit ina ndéantar bia a stóráil, a ullmhú agus a ithe?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dromchlaí glana
  • Brait shláinteacha a úsáid
  • Na hurláir a scuabadh glan

2.8.2

Cén dóigh a ndéantar bia a stóráil go sábháilte laistigh den seomra ranga/scoil?