An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun forbairt agus foghlaim iomlánaíoch gach páiste a spreagadh, is cóir curaclam nó clár a chur i bhfeidhm atá infhíoraithe, solúbtha, a bhfuil cur chuige leathan aige agus cur síos scríofa le fáil air.
Comhpháirt 7.1 | Comhpháirt 7.2 | Comhpháirt 7.3 | Comhpháirt 7.4 | Comhpháirt 7.5 | Comhpháirt 7.6
Comhpháirt 7.1 - Is léir gur eispéiris agus próisis iomlánaíocha iad foghlaim agus forbairt an pháiste, agus go bhfuil an súgradh lárnach d'fhoghlaim agus d'fhorbairt chomhtháite agus do chur i bhfeidhm an churaclaim.
Deis Mhachnaimh
7.1.1Cad atá le tuiscint le foghlaim agus forbairt iomlánaíoch i seomra ranga na naíonán?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Agus tú ag smaoineamh ar pháiste gafa le gníomhaíocht faoi leith, cad iad na gnéithe foghlama agus forbartha atá á gcomhtháthú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Nuair atáthar ag teagasc réimse/snáthaonad amháin den churaclam, cad iad na féidearthachtaí atá ann maidir le comhtháthú gnéithe eile foghlama agus forbartha?
Cad a deir an curaclam faoi shúgradh? Féach 6.1 / 6.3 / 6.7
Le linn an ghnáthaimh laethúil, cad iad na deiseanna a thiocfadh leat a sholáthar don pháiste chun scileanna agus eolas a úsáid i gcomhthéacsanna difriúla?
Comhpháirt 7.2 - Tá curaclam nó clár dea-thagraithe i bhfeidhm atá bunaithe ar phrionsabail infhíoraithe forbartha páistí a bhfuil glacadh leo go coitianta.
Comhpháirt 7.3 - Léirítear an curaclam agus cuirtear i bhfeidhm é trí ghnáthamh laethúil an pháiste, trí dheiseanna foghlama uathspreagtha, trí ghníomhaíochtaí struchtúrtha agus trí ghníomhaíochtaí a gcuireann an páiste tús leo.
Deis Mhachnaimh
7.3.1Cén dóigh a n-úsáidtear an gnáthamh laethúil chun an curaclam a chur i bhfeidhm? Féach 5.3 Féach 6.1
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na gnéithe den churaclam a bhíonn oiriúnach chun freagairt ar dheiseanna foghlama spontáineacha a tharlaíonn le linn an ghnáthaimh laethúil agus ar nádúr ghníomhaíochtaí an pháiste a bhíonn ag athrú de shíor? Féach 6.5 / 6.7 Féach 11.5
Cén dóigh ar féidir an curaclam a choigeartú chun tacaíocht a thabhairt d'fhoghlaim agus d'fhorbairt gach páiste, ag smaoineamh go sonrach ar pháistí le riachtanais speisialta? Féach 14.2 / 14.3
Cén dóigh ar féidir deiseanna foghlama spontáineacha a úsáid chun gné/snáthaonad den churaclam a chur i bhfeidhm?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An dtig leat sampla a thabhairt de ghníomhaíocht phleanáilte, struchtúrtha a chum tú, agus na gnéithe d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an pháiste bhfuiltear ag dul i ngleic leo sa ghníomhaíocht seo? Féach 1.1 / 1.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
I ngníomhaíocht ar chur páiste tús léi, cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun do spriocanna curaclaim a ionchorprú? Féach 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 7.4 - Cuirtear an curaclam/clár i bhfeidhm trí éagsúlacht straitéisí ag na daoine fásta, trí dhlúthchaidrimh thacúla sa suíomh agus trí raon leathan eispéireas a chuirtear ar fáil don pháiste.
Deis Mhachnaimh
7.4.1Cad iad na straitéisí a úsáideann tú i dteagasc/cur i bhfeidhm an churaclaim? Féach 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad an cur chuige agus na modhanna teagaisc a úsáideann tú chun an curaclam a chur i bhfeidhm?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a bhfuil tú réamhghníomhach maidir le bheith bainteach i bhfoghlaim agus i bhforbairt an pháiste trí chur i bhfeidhm an churaclaim? Féach 6.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad é an raon eispéireas a sholáthraítear don pháiste le linn an ghnáthaimh laethúil? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7 Féach 6.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén tionchar atá ag nádúr do chaidrimh leis an bpáiste ar a bhfoghlaim agus a bhforbairt? Féach 5.4 Féach 9.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad é an raon chaidreamh laistigh den scoil ag a bhfuil tionchar ar fhoghlaim agus fhorbairt an pháiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 7.5 - Tá doiciméadú déanta ar churaclam nó ar chlárna ngníomhaíochtaí atá á chur i bhfeidhm agustá an doiciméadú ar fáil agus in úsáid.
Deis Mhachnaimh
7.5.1Cé chomh minic is a thagraíonn tú do do dhoiciméadú curaclaim?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén cineál dhoiciméadaithe a thairgeann tú féin chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim? Féach 6.7
Cad iad na hidirlinnte ag a ndéanann tú do phleanáil churaclaim a dhoiciméadú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 7.6 - Tá pleanáil do chur i bhfeidhm churaclaim/cláir bunaithe ar phróifíl ar leith an pháiste a fhaightear trí bhreathnadóireacht agus measúnú córasach d'fhoghlaim.
Deis Mhachnaimh
7.6.1Cad iad na gnéithe difriúla de do chóras maidir le breathnadóireacht agus measúnú páistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a dtaifeadann tú an t-eolas a fhaigheann tú as do bhreathnadóireacht agus as do mheasúnú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén dóigh a ndearbhaíonn agus a mbailmheasann tú eispéiris agus eolas cultúrtha sa churaclam? Féach 14.3