An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Is gá gach rialachán agus ceanglas reachtúil ábhartha a chomhlíonadh, nó dul tharstu.
Comhpháirt 15.1 - Comhlíonann an suíomh gach reachtaíocht agus gach rialachán ábhartha nó téann sé tharstu.
Deis Mhachnaimh
15.1.1An gcomhlíonann do scoil an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha atá liostaithe in Aguisín 2?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil duine (nó daoine) ainmnithe a thuigeann agus a ghlacann an fhreagracht as a chinntiú go gcomhlíonann an tseirbhís an rialachán agus reachtaíocht ábhartha a chuimsítear in Aguisín 2?
Cad iad na gnásanna atá agat chun a chinntiú go bhfuil an scoil cothrom le dáta ó thaobh reachtaíochta agus rialachán úr?