Caighdeán 12: Cumarsáid
Chun go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann ar mhaithe leis an pháiste, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus gnímh a chuireann roinnt eolais agus faisnéise chun cinn go gníomhach i measc páirtithe leasmhara cuí, le meas agus le rúndacht.
Comhpháirt 12.1 | Comhpháirt 12.2 | Comhpháirt 12.3 | Comhpháirt 12.4
Comhpháirt 12.1 - Bailíonn an suíomh faisnéis chuí, ábhartha ar gach pháiste agus stóráiltear ar bhealach sábháilte é.
Deis Mhachnaimh - General
12.1.1
Cén dóigh a mbailíonn tusa agus do scoil eolas ar pháistí aonair (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil araon)? Féach 3.1 Féach 7.6 Féach 10.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Nádúr an eolais lorgtha agus stóráilte faoi na páistí
- A chinntiú go mbíonn eolas taifeadta go cuí agus go cruinn
- Saoráidí do stóráil shábháilte an eolais seo
- Rochtain ar an eolas seo
- Rochtain ar thaifid i gcás éigeandála
- A chinntiú go ndéantar athbhreithniú rialta ar an eolas a bhailítear agus é a nuashonrú
- Ag roinnt faisnéise (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil) idir gach geallshealbhóir ábhartha
- Úsáid taifid bhreathnadóireachta páistí
- Tabhairt ar thuismitheoirí a bheith bainteach
Comhpháirt 12.2 - Tá an suíomh réamhghníomhach agus é ag roinnt faisnéise mar is cuí le páirtithe leasmhara eile ar mhaithe leis an bpáiste.
Deis Mhachnaimh
12.2.1
Cén dóigh a gcinneann do scoil cé aige a mbíonn rochtain ar an eolas agus cén dóigh a ndéantar é a roinnt?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Rochtain ag tuismitheoirí ar an eolas Féach 3.1 / 3.3
- Eolas/páirtithe leasmhara ábhartha
- Ar mhaithe leis an bpáiste
- A bheith réamhghníomhach
12.2.2
Cén dóigh a ndéantar an t-eolas a roinnt?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Múinteoirí/aosaigh laistigh den scoil
- Páirtithe leasmhara cuí lasmuigh den scoil
- Aiseolas rialta do thuismitheoirí faoina bpáiste
- Scaipeadh eolais ó eagraíochtaí ábhartha eile ar thuismitheoirí Féach 16.1
- Foráil eolais d'eagraíochtaí agus seirbhísí eile sa cheantar faoi na seirbhísí a sholáthraíonn an scoil
- Rochtain fhurasta do pháistí agus do theaghlaigh ar sheirbhísí eile laistigh den phobal a chur chun cinn
- Eolas a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn teangacha eile (m. sh., tuismitheoirí nach í a gcéad teanga teanga na scoile) nó ag a bhfuil míchumais (m. sh. tuismitheoirí atá bodhar nó a bhfuil deacracht éisteachta acu, tuismitheoirí atá caoch nó maolchaoch, tuismitheoirí ag a bhfuil míchumais eile a chuireann isteach ar a gcumas eolas a fháil nó a thuiscint)
Féach 14.2
Comhpháirt 12.3 - Baineann rúndacht leis an gcaoi a dtaifeadann, a stórálann agus a roinneann an fhoireann faisnéis ar mhaithe leis na páistí.
Deis Mhachnaimh
12.3.1
Cén dóigh a ndéantar eolas a roinnt ar bhealach rúnda? Féach 14.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Deimhnithe do thuismitheoirí
- Géilliúlacht le reachtaíocht chosanta sonraí ábhartha
- Dul i gcomhchomhairle le tuismitheoirí maidir le cead a fháil an t-eolas faoina bpáiste a roinnt
- An dóigh a gcuireann an córas taifeadta agus stórála rúndacht chun cinn
- Saoráidí stórála do thaifid a dhaingniú
Comhpháirt 12.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le cumarsáid laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.
Deis Mhachnaimh
12.4.1
Cad iad na polasaithe i do scoil a bhaineann le taifeadadh agus roinnt eolais ar mhaithe leis na páistí? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cén dóigh a gcuireann na polasaithe agus gnásanna roinnt eolais agus faisnéise chun cinn ar mhaithe leis an bpáiste?
- Raon na bpáirtithe leasmhara atá bainteach sna próisis maidir le polasaithe agus gnásanna a chumadh, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú Féach 4.1
- Cur i bhfeidhm polasaí
- Gnásanna a dhoiciméadú
- A chinntiú go dtuigeann agus go leanann foireann/aosaigh ábhartha na gnásanna seo