Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 16: Rannpháirteachas an Phobail

Chun rannpháirteachas an phobail a chur chun cinn, is gá gréasáin agus ceangail a chruthú agus, mar fhianaise air sin, polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a bheith ann a mhéadaíonn ar theagmháil gach duine fásta agus gach páiste leis an bpobal mór, agus a thacaíonn leis an dteagmháil sin.

Comhpháirt 16.1 | Comhpháirt 16.2 | Comhpháirt 16.3 | Comhpháirt 16.4

Comhpháirt 16.1 - Tá raon cuimsitheach faisnéise bailithe agus curtha ar fáil ag an suíomh maidir le hacmhainní ag leibhéil áitiúla, réigiúnda agus náisiúnta.

Féach 12.2

Deis Mhachnaimh

16.1.1

Cad é an t-eolas a sholáthraíonn an scoil maidir le raon na n-áiseanna, seirbhísí agus deiseanna atá ar fáil ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta ar féidir a úsáid chun tacú le do spriocanna agus cuspóirí agus chun iad a chomhlánú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht ghairmiúil (m. sh., Ionaid Oideachais, Cumann Múinteoirí Éireann, eagraíochtaí ballraíochta [m. sh., Grúpa Tacaíochta do Phríomhoidí, Forbairt Naíonraí Teo, Cumann Múinteoirí Éireann in Oideachas Speisialta, &rl.], Irish Montessori Education Board, Clár Tacaíochta um Churaclam Bunscoile, Tionscnamh Pleanála Forbartha Scoile, An Bord Náisiúnta um Leas Oideachais, Coláistí Oideachais, Barnardos, Múinteoir ar Cuairt don Lucht Siúil, eagraíochtaí don Lucht Siúil, An Chomhairle Náisiúnta d'Oideachas Speisialta, An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, Coistí Cúraim Leanaí na gContaetha, cleachtóirí luath-óige agus líonraí seirbhísí eile, &rl.) Féach 11.4
  • Seirbhísí sláinte (m. sh., dochtúir, altra/clinic sláinte poiblí, oifigigh réamhscoile, teiripeoirí, fiaclóirí, Foireann Luath-Idirghabhála, &rl.) Féach 9.2
  • Tacaíocht tuismitheoirí (m. sh., cláir thuismíochta, cumainn/clubanna sóisialta, grúpaí tacaíochta do theaghlaigh le páiste le míchumas, &rl.) Féach 3.3
  • Seirbhísí COLO eile (m. sh., grúpaí tuismitheoirí agus lapadáin linbh, naíolanna, feighlithe páistí, bunscoileanna eile, cláir iarscoile, &rl.)
  • Tacaíocht oideachais/foghlaimeora (m. sh., réamhscoileanna, iar-bhunscoileanna, Oifigigh Riachtanais Speisialta Oideachais, deiseanna oideachais d'aosaigh, eagraíochtaí oiliúna, &rl.)
  • Cultúr (m. sh., amharclanna, ionaid cheoil, músaeim, ionaid ealaíne, leabharlanna, ionaid oidhreachta, clubanna spóirt, grúpaí deonacha [m. sh., dráma, damhsa, &rl.], cláir ar chosaint an chomhshaoil, &rl.)
  • Sóisialta agus an comhshaol (e.g, páirceanna agus gairdíní, saoráidí spóirt, stáisiún dóiteáin, Gardaí, feirmeacha oscailte, zúnna, pictiúrlann, &rl.)
  • Idirlíon/láithreáin Ghréasáin

16.1.2

Cén dóigh a gcuireann tusa agus do scoil an t-eolas seo ar fáil agus feasacht a spreagadh maidir leis na hacmhainní seo?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Úsáid bhoird nuachta, limistéar eolais/ suíomh idirlín
  • Nuachtlitir/leabhráin tuismitheoirí/rphost/teachtaireachtaí téacs
  • Seisiúin maidir le heolas a roinnt, laethanta/tráthnónta oscailte
  • Ocáidí lasmuigh/turais lasmuigh/rannpháirtíocht in ócáidí pobail

16.1.3

Cén dóigh a gcuireann tusa/do scoil an pobal ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí a sholáthraíonn an scoil ó thaobh tacú le páistí agus teaghlaigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Múinteoir caidrimh baile/scoile/pobail (más cuí)
  • Nuachtlitir
  • Láithreán Gréasáin
  • Cruinnithe eolais
  • Nasc leis na meáin áitiúla

Comhpháirt 16.2 - Tá ceangail curtha ar bun ag an suíomh a bhfuil sé de chumas acu rannpháirtíocht an tsuímh leis an bpobal mór a leathnú agus a fhorbairt.

Deis Mhachnaimh

16.2.1

Cé chomh eolach is atá tú le rólanna, freagrachtaí, cláir agus seirbhísí eagraíochtaí eile atá bainteach le páistí agus teaghlaigh i do phobal áitiúil?


16.2.2

Cén dóigh a n-úsáideann tú na háiseanna agus seirbhísí seo chun eispéireas, feasacht, agus tuiscint an pháiste/ tuismitheora maidir lena bpobal áitiúil féin a threisiú? Féach 2.5 Féach 7.4


Comhpháirt 16.3 - Tá an suíomh ceangailte, comhtháite leis an bpobal áitiúil, an pobal réigiúnda agus an pobal náisiúnta.

Deis Mhachnaimh

16.3.1

Cad é an méid ina bhfuil an scoil bainteach go gníomhach i líonraí ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a thacaíonn le agus a threisíonn gnóthú do chuid spriocanna agus cuspóirí?


16.3.2

Cad iad na comhpháirtíochtaí agus na caidrimh ghairmiúla a forbraíodh le heagraíochtaí, seirbhísí agus gairmithe eile?


16.3.3

Cad iad na hacmhainní agus na háiseanna i do phobal áitiúil a úsáideann tú go rialta chun eispéiris pháistí i do rang agus a mbaint lena dtimpeallacht a shaibhriú agus a threisiú? Féach 7.4 Féach 14.2 / 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An timpeallacht nádúrtha (m. sh., páirceanna, trá, coillte, sléibhte, &rl.)
  • Páirc, linn snámha, páirc spóirt
  • Pictiúrlann, amharclann, leabharlann
  • Ollmhargadh, oifig an phoist, siopa bláthanna

Comhpháirt 16.4 - Cuireann an suíomh saoránacht páistí ina bpobal áitiúil, a bpobal réigiúnda agus a bpobal náisiúnta chun cinn go gníomhach.

Féach 14.2/14.3

Deis Mhachnaimh

16.4.1

Cén dóigh a ndéanann tú iarracht a chinntiú go mbíonn gníomhaíochtaí ranganna na naíonán comhordaithe go rialta le scoileanna, gníomhaireachtaí/seirbhísí pobail eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe aistrithe Féach 13.2
  • Cumann Cónaitheoirí
  • Tionscnaimh phobail (m. sh., ionaid ealaíne, grúpaí óige, bailte slachtmhara, ionaid scothdhaoine, &rl.)
  • Grúpaí spóirt

16.4.2

Cén dóigh a gcuireann tú ar chumas páistí a bheith i láthair/rannpháirteach in ócáidí agus gníomhaíochtaí laistigh den phobal?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ócáidí lasmuigh, turais lasmuigh
  • Rannpháirteacht in ócáidí pobail (m. sh., lá an mhargaidh, aonaigh scoile, paráid Lá Fhéile Pádraig, &rl.)
  • Cuairteanna ar an scoil ag ionadaithe d'ilghnéitheacht acmhainní pobail a éascú (m. sh., Gardaí, oifigeach dóiteáin, siopadóir, leabharlannaí, ealaíontóir, scéalaí, &rl.) Féach 3.2 Féach 14.2
  • Páistí a bheith bainteach i gcomhpháirtíochtaí le seirbhísí eile (m. sh., cuairt a thabhairt ar an ionad scoir áitiúil, tiomsú airgid do dhídean ainmnithe, tionscadail éiceolaíocha, &rl.)
  • Eolas áitiúil, gníomhaíochtaí timpeallachta agus cultúrtha a chomhtháthú isteach sa churaclam Féach 7.3