Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 8: Pleanáil agus Meastóireacht

Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta breathnóireachta, pleanála, gnímh agus meastóireachta a dhéanamh go rialta.

Comhpháirt 8.1 | Comhpháirt 8.2 | Comhpháirt 8.3 | Comhpháirt 8.4

Comhpháirt 8.1 - Déantar athbhreithniú rialta ar gach aon réimse Caighdeánach cleachtais trí phróisis oiriúnaithe cuí breathnadóireachta, pleanála, gníomhaíochta agus meastóireachta.

Deis Mhachnaimh

8.1.1

Cad iad na cineálacha próiseas athbhreithnithe atá oiriúnach do gach ceann de na 16 Chaighdeán a bhaineann go sonrach le Síolta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Athbhreithniú duinelárnach
  • Athbhreithniú struchtúrach
  • Athbhreithniú acmhainní
  • Fianaise agus doiciméadú
  • Athbhreithniú bainistíochta athruithe
  • Próiseas athbhreithnithe sheachtraigh

8.1.2

Cé chomh minic is a dhéanann tú athbhreithnithe laistigh de chatagóirí cleachtais na gCaighdeán?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Laethúil/seachtainiúil/míosúil
  • Téarma/bliantúil
  • Athbhreithniú rollach

8.1.3

Cad iad na gnéithe sna Caighdeáin ar gá athbhreithniú a dhéanamh orthu níos minice ná cinn eile?


Comhpháirt 8.2 - Tá struchtúir athbhreithnithe aontaithe, a bhfuil fianaise scríofa orthu ag an suíomh.

Deis Mhachnaimh

8.2.1

Cad iad na struchtúir athbhreithnithe atá i bhfeidhm i do sheomra ranga/scoil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bainistiú ama
  • Cruinnithe foirne/bainistíochta
  • Ionchur ó thuismitheoirí agus páistí
  • Féin-athbhreithniú
  • Maoirseacht agus breithmheas
  • Tuairiscí dul chun cinn/Cuntas Míosúil
  • Fianaise agus doiciméadú
  • Iniúchtaí/meastóireacht sheachtrach

Comhpháirt 8.3 - Tá córas ann chun cinnte a dhéanamh de go dtagann athruithe i gcleachtas as na próisis athbhreithnithe.

Deis Mhachnaimh

8.3.1

Nuair a bhíonn athrú léirithe ag an bpróiseas athbhreithnithe, cén dóigh a ndéantar an t-athrú sin a ionchorprú i gcleachtas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Freagracht as athrú a ionchorprú
  • Freagracht as maoirseacht a dhéanamh ar an athrú

Comhpháirt 8.4 - Déantar taifeadadh, stóráil, agus roinnt ar thorthaí na struchtúr agus próiseas athbhreithnithe, mar is cuí.

Deis Mhachnaimh

8.4.1

Cén dóigh a ndéanann tú do próisis athbhreithnithe a dhoiciméadú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teimpléid athbhreithnithe
  • Nótaí ar phleanáil churaclaim
  • Taifid de chinntí
  • Miontuairiscí cruinnithe
  • Dialanna cleachtais
  • Tuairiscí meastóireachta
  • Pleananna Oideachais Aonair (POAanna)

8.4.2

Cén dóigh a gcinntíonn tú go bhfuil taifid stóráilte agus roinnte mar is cuí, ag cinntiú rúndachta? Féach 10.6 Féach 12.2 / 12.3