An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun idirghníomhartha cuiditheacha (leanbh/leanbh, leanbh/duine fásta agus duine fásta/duine fásta) a chothú, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas soiléirithe a leagann béim ar luach an phróisis agus atá bunaithe ar mheas cómhalartach, páirtíocht chomhionann agus comhthuiscint.
Comhpháirt 5.1 | Comhpháirt 5.2 | Comhpháirt 5.3 | Comhpháirt 5.4 | Comhpháirt 5.5 | Comhpháirt 5.6
Comhpháirt 5.1 - Bíonn ar chumas gach pháiste idirghníomhú lena c(h)omhaoisigh agus le páistí nach bhfuil ar chomhaois léí/leis i mbeirteanna, i ngrúpaí beaga agus uaireanta i ngrúpaí móra.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.1.1Cén chaoi a dtugann do phleanáil aitheantas do chumas foghlamtha an pháiste i gcomhpháirt le daoine eile? Féach 6.6 Féach 7.4
Breith - 18 mí
5.1.2I do chuid gnáthamh cúram, an bhfuil tú in ann a thaispeáint an chaoi a léiríonn tú íogaireacht i leith chomharthaí agus nodanna an pháiste agus an chaoi a bhfreagraíonn tú go cuí, go sásúil agus go seasmhach?
Cén chaoi a gcuireann do chuid idirgníomhaíochtaí le cumas an pháiste idirgníomhú le páistí eile?
5.1.4Déan cur síos ar an gcaoi a gcothaíonn tú spéis an pháiste (an páiste le riachtanais speisialta san áireamh) i rudaí, ina t(h)impeallacht agus in idirgníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile?
12 - 36 mí
5.1.5Mar an gcéanna le 5.1.2 - 5.1.4
I rith an ghnáthaimh laethúil, céard iad na deiseanna atá ag gach páiste idirgníomhú le páiste eile nó le grúpa beag páistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na socruithe atá i bhfeidhm chun go mbeidh páistí in ann meascadh le páistí d'aoiseanna eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a láimhseálann tú obair ghrúpa laistigh de do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
2 1/2 - 6 years
5.1.9Mar an gcéanna le 5.1.6 - 5.1.8
Comhpháirt 5.2 - Faigheann gach páiste tacaíocht chuí chun a chur ar a c(h)umas idirghníomhú go dearfach le páistí eile.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.2.1Céard iad na deiseanna a chuireann tú ar fáil a thugann spreagadh don pháiste idirghníomhú le páistí eile i ngrúpaí eile cosúil lena g(h)rúpa féin agus ar fud an raon aoise i do shuíomh?
Céard é an ról atá agatsa ó thaobh tacaíocht a thabhairt don pháiste idirghnómhú le páistí eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén cineál idirghníomhaíochtaí comhoibríocha idir páiste agus páiste eile (nó páistí eile) atá feicthe agat agus a bhfuil nóta déanta agat díobh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Breith - 18 mí
5.2.4Céard iad na socruithe atá i bhfeidhm chun deis a thabhairt don pháiste teagmháil a bheith aici/aige le páistí eile i gcomhluadar a p(h)ríomh-oibrithe? Féach 9.6
12 - 36 mí
5.2.5Mar an gcéanna le 5.2.4
Céard iad na straitéisí atá i bhfeidhm chun coimhlintí idir pháistí a bhainistiú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
2 1/2 - 6 years
5.2.7Mar an gcéanna le 5.2.5 - 5.2.6
Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas an pháiste a bhíonn ag spraoi léi/leis féin go seasmhach idirghníomhú le páistí eile?
Céard iad na bealaí ina n-éascaítear é do pháistí oibriú le chéile i ngrupaí beaga?
Comhpháirt 5.3 - Úsáideann an duine fásta gach gné de ghnáthaimh an lae (gnáthaimh fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon) chun idirghníomhú go tuisceanach agus go measúil leis an páiste.
Deis Mhachnaimh - Deis Mhachnaimh 12 - 36 mí
5.3.1Cén cineál idirghníomhaíochtaí a bhíonn agat leis an bpáiste i rith do ghnáthaimh laethúla cúraim?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na deiseanna eile a chruthaíonn tú gach lá chun idirghníomhú leis an bpáiste i bhfocail agus i mbealaí eile?
Cén chaoi a dtaispeánann tú don pháiste go mbaineann tú taitneamh as do chaidreamh léi/leis a fhorbairt trí spraoi idirghníomhach atá íogair agus freagrach? Féach 6.6
Cén chaoi a dtugann tú faoi chiall láidir shábháilteachta a thabhairt don pháiste a bheith i do chomhluadar sa suíomh? Féach 9.6
12 - 36 mí
5.3.5Mar an gcéanna le 5.3.1 - 5.3.4
Céard iad na deiseanna a mbaineann tú leas astu chun idirghníomhú go dearfach leis an bpáiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a mbaineann tú úsáid as na deiseanna leanúnacha seo?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na bealaí ina bhféadfadh idirghníomhaíochtaí neamh-fhoclacha croíúlacht agus tacaíocht a thaispeáint?
Cén chaoi a fhéadfaidh tú a chinntiú go n-áiríonn an páiste sábháilte i do chomhluadar? Féach 9.6
2 1/2 - 6 years
5.3.10Mar an gcéanna le 5.3.5 - 5.3.9
Comhpháirt 5.4 - Bíonn stíl idirghníomhaithe an duine fhásta dírithe ar phróiseas seachas ar fhorthorthaí agus tá cothromaíocht sa stíl sin idir labhairt agus éisteacht. Tugtar rogha freagraí don pháiste, agus mealltar an páiste chun úsáid níos leithne a bhaint as an teanga. Leantar tuairimí agus suimeanna an pháiste, agus cuirtear dúshláin chuí roimh an bpáiste.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.4.1Cén chaoi a bhféadfaidh tú a chinntiú go leanann d'idirghníomhaíocht leis an bpáiste ar feadh tréimhse ama a bhfuil brí leis?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Agus an t-idirghníomhaíocht á choinneáil ar siúl ar feadh tréimhse ama a bhfuil brí leis, céard atá ar fáil don pháiste as an bpróiseas?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Más infheidhmithe, cén chaoi a n-athraíonn tú do stíl idirghníomhaíochta chun meaitseáil a dhéanamh le gníomhartha pháiste le riachtanais speisialta?
Cén chaoi a bhféadfaidh do chuid freagraí tacaíocht a thabhairt do pháiste i dtreo foghlama agus bríonna nua?
Breith - 18 mí
5.4.5Cén chaoi a dtugann tú aitheantas do mhíreanna na Comhpháirte seo i do chuid idirghníomhaíochtaí agus do chaidreamh leis an bpáiste?
5.4.6Agus tú i mbun 'comhráití' leis an bpáiste, cén chaoi a bhforbraítear an caidreamh éisteora/cainteora?
5.4.7Cén chaoi bhfuil rian infhillteacha agus patrúin chainte daoine fásta le feiceáil i do chuid freagraí don pháiste?
12 - 36 mí
5.4.8Mar an gcéanna le 5.4.5 - 5.4.7
Cén chaoi a mbaineann tú úsáid as an bhfoghlaim atá déanta ag an bpáiste cheana féin chun tacú le 'déanamh brí?'
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Agus tú ag idirghníomhú le páiste nó le grúpa páistí, céard iad na dúshláin atá ann duit chun a chinntiú go ndéanfaidh an páiste an chuid is mó den chaint?
Cén tionchar atá ag méid an ghrúpa (beag/mór) ar an méid cainte a dhéanann tú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na breathnuithe a dhéanann tú agus tú ag éisteacht le hidirghníomhaíochtaí páistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil tú in ann sampla a thabhairt ar idirgníomhaíocht le páiste inar lean tú treoir an pháiste?
An bhfuil tú in ann sampla a thabhairt ar idirgníomhaíocht a thionscain tú?
Nuair a dhéanann tú athbhreithniú ar idirgníomhaíocht a bhí agat le páiste/grúpa páistí, céard iad na hathruithe, más ann dóibh, a dhéanfadh tú do do stíl idirghníomhach?
2 1/2 - 6 years
5.4.16Mar an gcéanna le 5.4.8 - 5.4.15
I do chuid idirghníomhaíochtaí leis an bpáiste, céard iad na tréithe próisis a leagann tú béim orthu?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard é atá tú ag iarraidh baint amach trí do chuid freagraí don pháiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
I gcomhthéacs an dá dheis mhachnaimh roimhe seo, céard iad na dushláin atá ann ó thaobh idirghníomhú sa bhealach seo le páiste nó le grúpa páistí?
Má tá dúshláin aitheanta, céard iad na straitéisí a bhféadfar a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin seo?
Comhpháirt 5.5 - Bíonn idirghníomhaithe na ndaoine fásta atá laistigh den suíomh, nó a bhfuil baint acu leis an suíomh, ina sampla measa, tacaíochta agus chomhpháirtíochta don pháiste.
Deis Mhachnaimh
5.5.1Cén chaoi a bhfuil do chuid idirghníomhaíochtaí le tuismitheoirí ina shamhail ar mheas cairdiúil agus páirtnéireacht? Féach 3.3 Féach 11.5
Má oibríonn tú mar bhall foirne, céard iad na tréithe dearfacha atá le feiceáil sa chaoi ina n-oibríonn baill foirne le chéile? Féach 10.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a n-imríonn nádúr na n-idirghníomhaíochtaí idir na daoine fásta laistigh den suíomh tionchar ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste?
An bhfuil deiseanna ann don pháiste breathnú ar dhaoine fásta ag léiriú idirghníomhaíochtaí dearfacha?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 5.6 - Tá beartas soiléir scríofa agus nósanna imeachta dá réir ann atá ina mbunús ag an gcleachtas idirghníomhaithe sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
5.6.1Céard a deir do pholasaí faoi idirghníomhaíochtaí idir páistí agus daone fásta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a bhfuil páistí páirteach i mbeartú agus i gcur i bhfeidhm an pholasaí ar iompar dearfach Féach 4.1
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na nósanna imeachta atá curtha i bhfeidhm agat chun deileáil le mí-iompar an pháiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun deileáil le maistíneacht? Féach 14.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a ndéanann do pholasaí treithiú ar idirghníomhaíochtaí idir daoine fásta atá ag obair sa suíomh agus páistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil daoine fásta in ann idirghníomhaíochtaí a dhéanamh le páistí de réir do pholasaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a dtugann cleachtas i do shuíomh éifeacht do do pholasaí agus cén chaoi a gcuireann sé i bhfeidhm do nósanna imeachta?