Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 1: Cearta an Pháiste

Chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta gach páiste, is cóir go gcuirtear ar a c(h)umas roghanna a dhéanamh agus a bheith gníomhach as a stuaim féin mar rannpháirtí agus comhpháirtí ina c(h)uid forbartha agus foghlama féin.

Comhpháirt 1.1 | Comhpháirt 1.2 | Comhpháirt 1.3



Comhpháirt 1.1 Bíonn deis ag gach páiste roghanna a dhéanamh, cuirtear ar chumas gach páiste cinnidh a dhéanamh, agus bíonn meas ar na roghanna agus ar na cinnidh sin.

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

1.1.1

Cén chaoi a ndéanann tú meaitseáil idir do ghnáthaimh chúraim agus gnáthamh agus riachtanais an pháiste?


1.1.2

Cén chaoi a dtugann príomhoibrí an pháiste roghanna an pháiste le fios do dhaoine eile? Féach 13.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Roghanna an pháiste a aithint/a thaifeadadh/a athbhreithniú
  • Roghanna an pháiste maidir le hábhair shóláis, amanna codlata, rudaí le bheith ag breathnú orthu, rudaí atá in ann a n-aird a choinneáil &rl.
  • Roghanna cuí a d'fhéadfadh páiste a dhéanamh agus í/é ag dul in aois - mar shampla, maidir le bia agus amanna béilí, mionbhéilí, ag déanamh rogha idir dhá bhréagán, &rl.

Deis Mhachnaimh 12 - 36 mí

1.1.3

Cén chaoi a gcothaíonn tú tuiscint an pháiste go bhfuil smacht aici/aige ar a t(h)aithí agus a g(h)níomhaíochtaí laethúla? Féach 5.3 / 5.4

  • Deiseanna don pháiste roghanna a bheith acu agus cinntí a dhéanamh
  • Dushláin don duine fásta/suíomh ó thaobh meas a thabhairt do roghanna agus cinntí an pháiste
  • Cothromaíocht a bhaint amach idir gníomhaíocht atá roghnaithe ag an bpáiste (stiúrtha) agus roghnaithe ag an duine fásta (stiúrtha)
  • Ag cinntiú go bhfuil an leibhéal rogha atá ann oiriúnach don pháiste
  • Deiseanna don pháiste gníomhaíochtaí a phleanáil
  • Ag cur ar chumas páiste le deacrachtaí teanga agus cumarsáide a c(h)uid pleananna a roinnt
  • Dushláin don duine fásta ó thaobh an pháiste le riachtanais speisialta (mar shampla, scileanna cumarsáide, luaile, &rl) a chumasú chun go mbeidh roghanna acu agus chun go mbeidh siad in ann cinntí a dhéanamh
  • Deiseanna don pháiste a c(h)uid pleananna agus gníomhaíochtaí a athbhreithniú
  • Ag riar do spéiseanna an pháiste sa ghnáthamh laethúil

2 1/2 - 6 bliain

1.1.4

Mar an gcéanna le 1.1.3


Comhpháirt 1.2 Bíonn deiseanna ag gach páiste agus cuirtear ar chumas gach pháiste bheith ina cheannaire, tús a chur le gníomhaíocht, bheith neamhspleách mar is cuí, agus tacaítear le gach páiste fadhbanna a réiteach.

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

1.2.1

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfreagraítear don pháiste go sciobtha nuair a chaoineann sí/sé nó nuair a thugann sí/sé le fios ar bhealach eile go bhfuil aird ag teastáil uaithi/uaidh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gnáthaimh chun a chinntiú go bhfaigheann an páiste aird indibhidiúil go rialta agus go minic (seachas mar fhreagra ar ghátar nó ar riachtanais chúraim)
  • Ag soláthar cúraim ar bhonn indibhidiúil do gach páiste

Deis Mhachnaimh 12 - 36 mí

1.2.2

Mar an gcéanna le 1.2.1


1.2.3

Cén chaoi a dtugtar deiseanna don pháiste laistigh den ghnáthamh laethúil feidhmiú as a c(h)onlán féin agus a bheith neamhspleách ar bhealach cuí? Féach 7.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna fadhbanna a réiteach a thagann chun cinn don pháiste i rith ghníomhaíochtaí agus ghnáthaimh an lae
  • Na dushláin a dtéann tú i ngleic leo chun a chinntiú go dtógfaidh an páiste, ar bhonn rialta, tús áite agus go ngníomhóidh sí/sé ar leibhéil chuí neamhspleáchais.
  • Staid inar roghnaigh, inar eagraigh agus inar thóg an páiste tús áite i ngníomhaíocht, agus tú ag tabhairt tacaíochta don phróiseas agus ag leagan béime ar an toradh i rith an amaFéach 7.3
  • Ag tacú le gníomhaíocht atá tionscnaithe ag an bpáiste don pháiste le míchumas
  • Ag tabhairt deiseanna don pháiste aire a thabhairt dá c(h)uid giúirléidí féin agus dóibh siúd ar leis an suíomh iad
  • Ag cur ar chumas an pháiste aire a thabhairt di/dó féin
  • An Chomhpháirt seo a chur i bhfeidhm trí spraoi taobh istigh agus taobh amuigh
  • An Comhpháirt seo a fhí isteach le hamanna béilí/mionbhéilí agus le hamanna glanadh suas Féach 2.5 / 2.6 Féach 6.3

2 1/2 - 6 bliain

1.2.4

Mar an gcéanna le 1.2.3


Comhpháirt 1.3 Cuirtear ar chumas gach pháiste páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghnáthamh laethúil, i ngníomhaíochtaí, i gcomhráite agus in imeachtaí ar bith eile de réir mar is cuí, agus tuigeann an duine fásta go bhfuil an páiste ina pháirtí aici/ aige

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

1.3.1

Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas gach pháiste (an páiste le riachtanais speisialta san áireamh) a bheith rannpháirteach lena c(h)omhghleacaithe? Féach 5.1


1.3.2

Cén chaoi a dtaispeánann tú mothálacht agus íogaireacht don pháiste nuair atá tú ag deileáil léi/leis? Féach 5.4


Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

1.3.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfreagraítear don pháiste go híogair le cúram ceanúil?


1.3.4

An bhfuil tú in ann cur síos a dhéanamh ar fhreagra a thabhairt do ghnímh an pháiste (mar shampla, plubaireacht, bogadh &rl.) le cion agus le spraoi trí bhaoth-fhuaimeanna, amhráin, cluichí leanbaí, barróga, &rl.?

Deis Mhachnaimh 12 - 36 mí

1.3.5

Cén chaoi a gcinntíonn tú go nglacann gach páiste páirt sna gníomhaíochtaí comónta ar bhealach atá feiliúnach dá m(h)eon féin? Féach 5.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag tacú le rannpháirtíocht gach pháiste i ngníomhaíocht ghrúpa?
  • Ag láimhseáil deacrachtaí a thagann chun cinn i measc páistí i rith ghníomhaíocht ghrúpa
  • Ag déanamh measúnaithe ar an gcéim ar cheart duit idirghabháil a dhéanamh i spraoi páiste chun cúnamh a thabhairt Féach 6.6
  • Ag cinntiú go bhfuil an páiste ina p(h)áirtnéir ina c(h)uid foghlama féin i gcónaí
  • Na dushláin atá ann duitse agus tú ag cuimhneamh ar an bpáiste mar pháirtnéir
  • Ag tabhairt na deise don pháiste tús a chur le gníomhaíocht agus cuireadh a thabhairt do phástí páirt a ghlacadh

2 1/2 - 6 bliain

1.3.6

Mar an gcéanna le 1.3.5