Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 4: Comhairliúchán

Má táthar chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn chuile dhuine rannpháirteach i gcinneadh a ghlacadh, tá gá le comhairliúchán a chuireann rannpháirtíocht chun cinn, a lorgaíonn dearcaidh agus tuairimí páistí, tuismitheoirí, lucht foirne, agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, a éisteann leo agus a ghníomhaíonn dá réir.

Comhpháirt 4.1 | Comhpháirt 4.2

Comhpháirt 4.1 - Lorgaíonn foireann an tsuímh cabhair agus comhairle ó raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.

Deis Mhachnaimh

4.1.1

Cén chaoi a spreagann tú comhcomhairle leis an bhfoireann, le tuismitheoirí, le páistí agus le páirtí leasmhara cuí eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Reáchtáiltear cruinnithe foirne rialta chun go mbeidh na baill foirne in ann a gcuid riachtanas a aithint
  • Déantar éasca é do dhaoine fásta a gcuid tuairimí a roinnt trí fhóram cuí (m. sh., cruinnithe rialta grúpaí, boscaí moltaí, ionchur i gcinntí ceannaithe, &rl.)
  • Tarlaíonn comhráití ar bhonn rialta atá oscailte agus dírithe ar réitigh a fháil laistigh den suíomh
  • Tugtar an deis do thuismitheoirí ionchur a bheith acu maidir le polasaithe agus nósanna imeachta an tsuímh
  • Tugtar deiseanna do thuismitheoirí cruinnithe a bheith acu le baill foirne chun forbairt a bpáiste a phlé, mar aon leis an méid atá curtha i gcrích acu agus/nó a c(h)uid riachtanas/deacrachtaí Féach 3.1
  • Glacann gach ball foirne páirt in athbhreithniú bliantúil ar an suíomh
  • Tugtar an deis do gach ball foirne measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht féin
  • Reáchtáiltear cruinnithe bliantúla, ina dtugtar cuireadh do gach páirtí leasmhara a gcuid tuairimí a roinnt
  • Tá lán-ionadaíocht ag tuismitheoirí ar choistí comhairleacha, bainistíochta agus déanta polasaithe Féach 3.2
  • Cuardaíonn an fhoireann ionchur ó thuismitheoirí faoin gcuraclam/clár agus an gaol atá aige le forbairt páistí
  • Éascaítear idirghníomhaíochtaí le réimse leathan páirtí leasmhara (m. sh., teaghlaigh, co-oibrithe, cúntóirí, seirbhísí eile pobail, oifigigh rialála nó reachtúla eile, &rl.) go paiteanta agus go héifeachtach
  • Cruthaíonn daoine fásta deiseanna go gníomhach chun ról a thabhairt do pháistí i ndéanamh cinntí atá cuí dá n-aoiseanna maidir le forbairt an tsuímh Féach 1.1

4.1.2

Cén plean atá ann chun a chinntiú go spreagtar go gníomhach roinnt tuairimí agus barúlacha, agus go dtaifeadtar go cuí iad? Féach 10.2

  • Ag tacú le daoine fásta atá ag obair sa suíomh dul i gcomhairle lena chéile agus mar fhoireann
  • Ag cur chun cinn díospóireachtaí i measc páirtí leasmhara ábhartha ar shaincheisteanna a bhaineann le cur chun cinn sláinte agus folláine páistí

4.1.3

Céard iad na straitéisí a mbaineann daoine fásta úsáid astu chun an cumas atá ag páistí a gcuid tuairimí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann lena dtaithí laethúil a spreagadh agus a thacú? Féach 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ceisteanna oscailte
  • Ag tabhairt ama do pháistí machnamh a dhéanamh agus freagra a thabhairt
  • Ag tabhairt spreagadh do pháistí a gcuid mothúchán a ainmniú agus a roinnt
  • Ag roinnt stiúradh comhráití leis an bpáiste
  • Ag tabhairt ról do pháistí in aimsiú/roghnú réiteach faidhbe

4.1.4

Céard iad na deiseanna atá ar fáil do pháistí chun pleananna a dhéanamh agus daoine fásta a chur ar an eolas maidir lena gcuid pleananna? Féach 7.3


4.1.5

Cén chaoi a léiríonn tú/do shuíomh meas ar spriocanna agus ar roghanna tuismitheoirí dá bpáiste? Féach 3.3


4.1.6

Cén chaoi a ndéantar taifead ar ionchur páistí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus páirtí leasmhara ábhartha eile ionas go n-imreoidh sé tionchar ar an bpróiseas déanta cinntí?


4.1.7

Cén chaoi a dtugann tú aiseolas do na rannpháirtithe a ndeachaigh tú i gcomhcomhairle leo?


Comhpháirt 4.2 - Cuireann foireann an tsuímh i bhfeidhm, de réir mar is cuí, comhairle an raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.

Deis Mhachnaimh

4.2.1

Cén chaoi a n-úsáidtear na tuairimí agus na barúlacha a bailíodh trí chomhcomhairle chun gach gné de chleachtas a athbhreithniú agus a athchóiriú go rialta?


4.2.2

Cén chaoi a dtugtar spreagadh don fhoireann freagracht a ghlacadh as cur i bhfeidhm gníomhartha a bhfuil comhaontú orthu? Féach 10.5


4.2.3

An bhfuil lámhleabhar polasaithe agus nósanna imeachta agat a cuireadh i dtoll a chéile i gcomhcomhairle le tuismitheoirí, baill foirne, bainistíocht, agus mar is cuí, na páistí sa suíomh?


4.2.4

Cén chaoi a gcinntíonn tú gur cáipéisí oibre do pholasaithe agus do nósanna imeachta agus go ndéantar athchóiriú agus nuashonrú orthu ar bhonn rialta? Féach 8.1


4.2.5

Cén chaoi a n-imríonn comhcomhairle tionchar ar dhearadh agus ar fhorbairt an churaclaim/an chláir gníomhaíochtaí laistigh den suíomh?