Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 10: Eagrú

Má táthar chun acmhainní a eagrú agus a bhainistiú go héifeachtach, tá gá le comhaontú scríofa maidir le fealsúnacht agus, mar thaca leis sin, polasaithe agus nósanna imeachta, a chuirtear in iúl go soiléir, chun cleachtas a threorú agus a mhúnlú.

Comhpháirt 10.1 | Comhpháirt 10.2 | Comhpháirt 10.3 | Comhpháirt 10.4 | Comhpháirt 10.5 | Comhpháirt 10.6 | Comhpháirt 10.7

Comhpháirt 10.1 - Tá ráiteas nó sraith ráiteas cuimsitheach leagtha amach ag an suíomh a dhéanann cur síos go soiléir ar an bhfís, ar na luachanna agus ar na prionsabail atá ina mbunús don tseirbhís, agus ina n-inspioráid do gach gné dá cleachtas.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

10.1.1

Cad iad na gnéithe riachtanacha a chaithfear a chur san áireamh i ráiteas fealsúnachta maidir le do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An dearcadh i leith páistí agus forbairt pháistí a thugann bonn do agus a threoraíonn do chleachtas Féach 7.1
  • Na luachanna lárnacha ar cheart do dhaoine fásta a bhíonn ag obair le páistí a úsáid mar threoir Féach 11.2
  • An chaoi a shainmhíníonn tú agus a gcuireann tú síos ar an tseirbhís a sholáthraíonn tú do pháistí agus a dteaghlaigh.
  • Do pheirspeictíochtaí maidir le ról tuismitheoirí agus teaghlach i bhfeidhmiú do sheirbhíse? Féach 3.2 / 3.3

10.1.2

Cad é an toradh a thagann as páistí agus a dteaghlaigh a bheith ag glacadh páirte i do sheirbhís?


Comhpháirt 10.2 - Tá réimse polasaithe agus nósanna imeachta taifeadta go soiléir ag an suíomh a chuimsíonn gach gné de chleachtas sa suíomh. Forbraítear iad seo agus cuirtear in iúl go cuí iad do na páirtithe leasmhara go léir.

Deis Mhachnaimh

10.2.1

Cad iad na polasaithe agus nósanna imeachta doiciméadaithe atá i bhfeidhm i do shuíomh?


10.2.2

Cén chaoi a bhfaigheann tú tuairimí agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha go léir i bhforbairt polasaithe agus nósanna imeachta? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag iarraidh rannpháirtíochta agus do pholasaí agus do nósanna imeachta á scríobh/n-ullmhú
  • Na páirtí leasmhara atá i gceist
  • Ag bailiú agus ag aistriú na dtuairimí seo go dtí doiciméid na bpolasaithe
  • A bheith ar aon intinn maidir leis an ábhar

10.2.3

Cén chaoi a dtugann doiciméid na bpolasaithe agus na nósanna imeachta bonn don chleachtas i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gach duine fásta sa suíomh a bheith eolach ar na doiciméid seo
  • An chaoi a mbaintear leas astu mar bhunús do nósanna imeachta agus cleachtas sa suíomh ar bhonn laethúil sa suíomh
  • Athbhreithniú rialta chun a chinntiú go mbeidh siad i gcónaí ábhartha don chleachtas Féach 8.4

Comhpháirt 10.3 - Láimhseáltar acmhainní airgeadais taobh istigh den suíomh go hábalta, éifeachtach agus ar chuma a dhéanann cinnte de go mbíonn an tseirbhís inmharthana.

Deis Mhachnaimh

10.3.1

Cad iad na córais atá i bhfeidhm agat chun a chinntiú go bhfuil taifid airgeadais cruinn agus coinnithe go maith?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cuntasaíocht, ioncam agus caiteachas, sonraisc agus admhálacha
  • Tuarastail, duillíní pá, P60anna
  • Cáin, tuarisceáin ioncaim
  • Cuntais a bhfuil iniúchadh déanta orthu

10.3.2

Cad iad na próisis a úsáideann tú chun athbhreithniú a dhéanamh ar staid airgeadais do shuímh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ullmhú buiséad
  • Réiteach seachtainiúil, ráithiúil, bliantúil costaisí don bhuiséad
  • Próisis chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhuiséid nó iad a athrú

10.3.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna riachtanacha agat chun a dheimhniú go mbeidh do shuíomh inmharthana ar bhonn leanúnach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Scileanna bainistíochta airgeadais an oibritheora/an bhainisteora
  • Ag aimsiú comhairle agus tacaíocht ghairmiúil (m. sh., cuntasóir, iniúchóir)
  • Deiseanna chun maoiniú, cúnamh deontais, fóirdheontais, airgead a shaothrú, urraíocht a fháil

Comhpháirt 10.4 - Tugtar meas, taca agus spreagadh do gach duine fásta sa suíomh ina rólanna agus ina bhfreagraíochtaí faoi leith.

Deis Mhachnaimh

10.4.1

Cad iad na próisis atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil cearta gach duine fásta mar fhostaithe curtha i bhfeidhm agus nach bhfuil siad i mbaol?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Clárú fostóra agus fostaithe, conarthaí fostaíochta, uaireanta oibre, saoire, tuarastail, ÍMAT, ASPC
  • Próisis fostaíochta (m. sh., cur síos ar phoist, nósanna imeachta d'agallaimh, &rl.)
  • Próisis araíonachta/gearáin, athbhreithnithe

10.4.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go dtéitear i dteagmháil le gach duine fásta atá ag obair sa suíomh maidir lena rólanna agus a bhfreagrachtaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cur síos ar phoist, anailís scileanna
  • Próisis insealbhaithe do bhaill foirne nua
  • Cláir ama laethúla/sheachtainiúla agus tograí
  • Próisis mhaoirsithe agus rannpháirtíochta mac léinn
  • Ról agus stiúriú oibrithe deonacha (m. sh., tuismitheoirí)
  • Córas príomhoibrithe
  • Straitéisí cumarsáide (m. sh., cruinnithe foirne, nuachtlitir, clár fógraí, &rl.)

10.4.3

Cén chaoi a léirítear meas agus tacaíocht thuisceanach íogaireach do dhaoine fásta atá ag obair sa suíomh, ar bhealach a spreagann agus a chothaíonn muinín? Féach 14.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Próisis déanta cinntí, comhchomhairle, smaointe gach duine a thabhairt san áireamh Féach 4.1
  • Deiseanna chun smaointe, tuairimí agus eolas a roinnt, m. sh., riachtanais na foirne
  • Deiseanna rialta chun aiseolas a thabhairt agus a fháil maidir leis an gcaoi a bhfuil baill foirne/daoine fásta ag déanamh dul chun cinn ina rólanna
  • Córais agus próisis chun a chinntiú go bhfuil gach duine fásta in ann teacht ar thacaíocht chuí dá rólanna

10.4.4

Cad iad na deiseanna atá curtha ar fáil do dhaoine fásta chun pleanáil agus ullmhú d'oideachas, oiliúint agus chun leanúint lena bhforbairt ghairmiúil? Féach 11.4


10.4.5

Cén chaoi a n-aithníonn agus a bhfreagraíonn do shuíomh go dearfach i leith malartú i modhanna nua chur chuige nó smaointe nua ar thángthas orthu trí oideachas agus fhorbairt leanúnach ghairmiúil/ gníomhaíochtaí in-seirbhíse?


10.4.6

Cén chaoi a ndéanann tú forbairt ar do shuíomh mar thimpeallacht foghlama do mhic léinn/daoine fásta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Taighde gníomhaíochta a spreagadh
  • Sampla de dhea-chleachtas a chur ar fáil
  • Insealbhú agus treorú mac léinn
  • Comhairleoireacht
  • Traenáil
  • Cumarsáid le soláthróirí oiliúna

Comhpháirt 10.5 - Is léir go bhfuil spiorad an mheithil go láidir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

10.5.1

Cén chaoi a spreagtar agus a gcuirtear chun cinn meithleacha oibre sa suíomh atá agat?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag cruthú agus ag tabhairt tacaíochta do chultúr le hobair mheithle
  • Deiseanna chun páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí meithle
  • Malartú eolais d'fhonn tacú le hobair mheithle
  • An chaoi a léiríonn daoine fásta/idirghníomhaíochtaí daoine fásta tacaíocht agus muinín cómhalartach ina chéile Féach 5.5
  • Ag cinntiú go léirítear meas ar chearta maidir le rúndacht i measc gach duine fásta sa suíomh Féach 12.3
  • Ag reáchtáil cruinnithe structúrtha foirne go rialta ina bhfuil clár oibre agus taifead á choinneáil

Comhpháirt 10.6 - Coinníonn an suíomh taifid chruinne riaracháin atá ábhartha chomh maith le caighdeáin chuí rúndachta a chaomhnú ag an am céanna.

Féach 12.3

Deis Mhachnaimh

10.6.1

Cad iad na cineálacha taifead a choinnítear i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Páistí, baill foirne, tinreamh, timpistí/eachtraí, leigheas, riarachán, cead tuismitheora maidir le turais agus grianghraif, cláir ama maidir le glanadh, druileanna dóiteáin, &rl.
  • Ag cinntiú rúndacht taifead atá íogaireach nó ina ndéantar tagairt do shonraí pearsanta pháistí, theaghlaigh agus bhaill foirne
  • Stóráil taifead
  • Rochtain ar thaifid
  • Taifid á roinnt Féach 12.2
  • Cruinneas taifead
  • Freagracht as taifid a choinneáil
  • Athbhreithniú rialta ar thaifid

Comhpháirt 10.7 - Cruinneas taifead Freagracht as taifid a choinneáil Athbhreithniú rialta ar thaifid

Deis Mhachnaimh

10.7.1

An bhfuil struchtúr bainistíochta sainmhínithe i bhfeidhm atá curtha i láthair agus le tuiscint go soiléir ag gach duine atá ag baint úsáide as an suíomh?


10.7.2

An bhfuil coiste bainistíochta ann, má oireann a leithéid?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhdhéanamh an choiste
  • Rialtacht na gcruinnithe
  • Tionóltar cruinnithe go daonlathach
  • Taifid de na cruinnithe

10.7.3

Cad iad na scileanna, taithí agus cumais atá riachtanach maidir leo siúd i bpoist bhainistíochta chun fealsúnacht agus polasaithe an tsuímh a chur i bhfeidhm? Féach 11.1


10.7.4

Cén chaoi a spreagann agus a dtacaíonn struchtúir bhainistíochta gníomhach timpeallacht ina bhfuil muinín, obair mheithle agus uilechuimsitheacht sa suíomh?


10.7.5

Cad iad na próisis atá i bhfeidhm chun tacú le pleanáil straitéiseach sa mheán-téarma agus san fhadtéarma d'fhorbairt an tsuímh?