Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 7: Curaclam

Chun forbairt agus foghlaim iomlánaíoch gach páiste a spreagadh, is cóir curaclam nó clár a chur i bhfeidhm atá infhíoraithe, solúbtha, a bhfuil cur chuige leathan aige agus cur síos scríofa le fáil air.

Comhpháirt 7.1 | Comhpháirt 7.2 | Comhpháirt 7.3 | Comhpháirt 7.4 | Comhpháirt 7.5 | Comhpháirt 7.6

Comhpháirt 7.1 - Is léir gur eispéiris agus próisis iomlánaíocha iad foghlaim agus forbairt an pháiste, agus go bhfuil an súgradh lárnach d'fhoghlaim agus d'fhorbairt chomhtháite agus do chur i bhfeidhm an churaclaim.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.1.1

Cad é an tuiscint atá ann ar fhoghlaim agus forbairt iomlánaíoch i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nascanna idir réimsí forbartha
  • Próisis foghlamtha
  • Meonta foghlamtha
  • Comhthéacsanna foghlamtha
  • Comhthathú
  • Caidrimh
  • Foghlaimeoirí inniúla

7.1.2

Agus machnamh á dhéanamh ar pháiste i mbun gníomhaíochta áirithe, cad iad na gnéithe den fhoghlaim agus den fhorbairt atá á gcomhthathú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teanga
  • Sóisialú
  • Cruthaitheacht
  • Idirdhealú súl
  • Oll-scileanna/mínscileanna luaile
  • Rangú

7.1.3

An bhfuil samplaí ann ina gcuirtear béim ar mhiosúr amháin nó miosúr eile d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an pháiste, agus an bhfuil tú in ann smaoineamh ar a leithéid de staid?


7.1.4

Agus cur síos á dhéanamh ar staid ina ndíríonn tú isteach ar ghné amháin den fhoghlaim agus den fhorbairt, cad iad na féidearthachtaí atá ann chun gnéithe eile den fhoghlaim agus den fhorbairt a thabhairt isteach?


7.1.5

Céard a deir an curaclam/clár atá á chur i bhfeidhm i do shuíomh faoi spraoi? Féach 6.1 / 6.3 / 6.5 / 6.7


Breith - 36mí

7.1.6

Cén soláthar a dhéanann an curaclam/clár atá á chur i bhfeidhm agat do pháistí a bhfuil a dtaithí tacaithe go príomha ag daoine fásta?


7.1.7

Cén chaoi a dtreoraíonn do churaclam/clár do chaidreamh leis an bpáiste? Féach 5.3 / 5.4

12 - 36 mí

7.1.8

Mar an gcéanna le 7.1.6 - 7.1.7


7.1.9

An dóigh leat go mbeidh sé mar thoradh ar an gcuraclam nó ar an gclár atá á chur i bhfeidhm agat go dtabharfaidh tú aghaidh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste ó pheirspictíocht atá 'ábhar'-bhunaithe nó peirspictíocht atá 'téama'-bhunaithe?


7.1.10

I rith an ghnáthaimh laethúil, céard iad na deiseanna a d'fhéadfá a chur ar fáil don pháiste chun scileanna agus eolas a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla

2 1/2 - 6 years

7.1.11

Mar an gcéanna le 7.1.8 - 7.1.10


Comhpháirt 7.2 - Tá curaclam nó clár dea-thagraithe i bhfeidhm atá bunaithe ar phrionsabail infhíoraithe forbartha páistí a bhfuil glacadh leo go coitianta.

Deis Mhachnaimh

7.2.1

Cén chaoi a dtacaíonn do churaclam/clár le haidhmeanna agus cuspóirí do shuíomh maidir le foghlaim agus forbairt?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foinsí don churaclam/clár atá á úsáid agat
  • Cén chaoi a d'fhorbair an curaclam/clár
  • Bunús taighde an churaclaim/clár atá á chur i bhfeidhm
  • Ábhar na litríochta/na dtagairtí a úsáideadh i bhforbairt an churaclaim/an chláir
  • Na príomhthionchair ar an gcuraclam/clár atá á úsáid i do shuíomh
  • Na teoiricí forbartha páiste is mó tionchar sa churaclam/clár atá á úsáid agat
  • An chaoi a dtugann prionsabail forbartha páiste atá fite isteach sa churaclam/clár tacaíocht duit agus tú ag déanamh machnamh ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste mar phróiseas iomlanaíoch Féach 7.1

Comhpháirt 7.3 - Léirítear an curaclam agus cuirtear i bhfeidhm é trí ghnáthamh laethúil an pháiste, trí dheiseanna foghlama uathspreagtha, trí ghníomhaíochtaí struchtúrtha agus trí ghníomhaíochtaí a gcuireann an páiste tús leo.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.3.1

Cén chaoi a mbaintear úsáid as an gnáthamh laethúil, gnáthaimh chúraim san áireamh, chun an curaclam/clár seo a chur i bhfeidhm? Féach 5.3 Féach 6.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teacht ar maidin
  • Am socrú isteach
  • Am spraoi
  • Amanna béilí/mionbhéilí
  • Turais agus camchuairteanna
  • Gnáthaimh leithris agus shláinteachais
  • Aistrithe Féach 13.1

7.3.2

Céard iad na gnéithe den churaclam/clár atá oiriúnach do na deiseanna spontáineacha foghlamtha a tharlaíonn i rith an ghnáthaimh laethúil, agus do nádúr síorathraitheach gníomhaíochtaí an pháiste? Féach 6.5/6.7 Féach 11.5


7.3.3

Cén chaoi a bhféadfaí an curaclam/clár a mhionathrú chun tacú le foghlaim agus forbairt gach pháiste, ag smaoineamh go háirithe ar pháistí le riachtanais speisialta? Féach 14.2 / 14.3


7.3.4

Cén chaoi a bhféadfaí úsáid a bhaint as deiseanna spontáineacha foghlamtha chun gné den churaclam/clár a chur i bhfeidhm?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhar an churaclaim/an chláir
  • Téamaí agus topaicí
  • Ag leathnú foghlama
  • Miosúir fhorbartha
  • Breathnóireacht
  • Teanga
  • Spéiseanna an pháiste
  • 'Ag déanamh brí'

12 - 36 mí

7.3.5

An bhfuil tú in ann sampla a thabhairt ar ghníomhaíocht phleanáilte, struchtúrtha a bheartaigh tú, agus na gnéithe d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an pháiste a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa ghníomhaíocht seo? Féach 1.1 / 1.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gníomhaíochtaí cruthaitheacha
  • Grúpaí beaga/móra
  • Am glanadh suas
  • Gníomhaíochtaí boird
  • Spraoi/cluichí lasmuigh

7.3.6

Céard iad na gnéithe d'fhoghlaim agus d'fhorbairt an pháiste a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu sa ghníomhaíocht seo?


7.3.7

I ngníomhaíocht atá tionscnaithe ag an bpáiste, céard iad na straitéisí a mbaineann tú úsáid astu chun spriocanna an churaclaim/an chláir a fhí isteach? Féach 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Do bhreathnuithe
  • Teanga thuairisciúil/léiritheach
  • Ceisteanna
  • Ag glacadh páirte i spraoi i gcarachtar

2 1/2 - 6 years

7.3.8

Mar an gcéanna le 7.3.5 - 7.3.7


Comhpháirt 7.4 - Cuirtear an curaclam/clár i bhfeidhm trí éagsúlacht straitéisí ag na daoine fásta, trí dhlúthchaidrimh thacúla sa suíomh agus trí raon leathan eispéireas a chuirtear ar fáil don pháiste.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.4.1

Céard iad na straitéisí a mbaineann tú úsáid astu agus tú ag cur an churaclaim/chláir i bhfeidhm? Féach 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Múnlaíocht
  • Éascaíocht
  • Teanga/teanga an choirp
  • Cumasú
  • Súgradh
  • Breathnóireacht agus éisteacht
  • Struchtúrú
  • Idirghníomhaíochtaí idir pháistí a chumasú
  • Structuring
  • Enabling interactions between children

7.4.2

Cén chaoi a bhfuil tú gníomhach ó thaobh páirt a ghlacadh i bhfoghlaim agus forbairt an pháiste trí chur i bhfeidhm an churaclaim/an chláir? Féach 6.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Aire indibhidiúil
  • Láithreacht mhothaitheach
  • Idirghníomhaíochtaí
  • Dul i ngleic
  • Spéiseanna a roinnt
  • Comhthionscadail

7.4.3

Cad é an réimse taithí a sholáthraítear don pháiste i rith an ghnáthaimh laethúil? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7 Féach 6.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spraoi taobh amuigh
  • Limistéir ghníomhaíochta
  • Rím, scéal agus amhrán
  • Cúram peataí
  • Gníomhaíocht fhisiciúil
  • Cruthaitheacht
  • Am ciúin

7.4.4

Cén tionchar atá ag nádúr do chaidrimh leis an bpáiste ar a c(h)uid foghlama agus a c(h)uid forbartha? Féach 5.4 Féach 9.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineáltacht
  • Freagracht
  • Íogaireacht
  • Tacúil

7.4.5

Cén raon caidrimh laistigh den suíomh a bhfuil tionchar aige ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bainistíocht
  • Foireann
  • Tuismitheoirí

Comhpháirt 7.5 -Tá doiciméadú déanta ar churaclam nó ar chlár na ngníomhaíochtaí atá á chur i bhfeidhm agus tá an doiciméadú ar fáil agus in úsáid.

Féach 6.7

Deis Mhachnaimh

7.5.1

Cén chaoi a dtacaíonn doiciméadú an churaclaim/an chláir lena chur i bhfeidhm?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineál doiciméadú
  • Ag cinntiú go bhfuil an doiciméadú is nuaí dá bhfuil ann in úsáid
  • Ag cur an doiciméadú ar fáil do gach duine atá i mbun idirghníomhaíochta leis an bpáiste sa suíomh
  • An doiciméadú a úsáid go minic
  • Doiciméadú breise a ullmhaíonn tú féin chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim/an chláir Féach 6.7
  • Cé chomh minic is a dhéanann tú doiciméadú ar phleanáil do churaclaim/do chláir (m. sh., plean bliana; plean seasúir/téarma; plean míosúil/coicísiúil/ seachtainiúil/laethúil, &rl.)

Comhpháirt 7.6 - Tá pleanáil do chur i bhfeidhm churaclaim/cláir bunaithe ar phróifíl ar leith an pháiste a fhaightear trí bhreathnadóireacht agus measúnú córasach d'fhoghlaim.

Deis Mhachnaimh

7.6.1

Céard iad na gnéithe éagsúla de do chóras breathnóireachta agus measúnaithe páiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Breathnóireacht
  • Tuismitheoirí
  • Féin-mheasúnú an pháiste
  • Rannpháirtíocht i spraoi
  • Idirghníomhaíochtaí
  • Éisteacht
  • Neamhfhoirmiúil
  • Comhcomhairle le comhoibrithe
  • Machnamh
  • Timthriallta leanúnacha

7.6.2

Cén chaoi a ndéanann tú taifead ar an eolas a thagann ó do bhreathnóireacht agus do mheasúnú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leabhar nóta breathnóireachta laethúil
  • Teimpléid bhreathnóireachta
  • Punann an pháiste
  • Grianghraif/téipeanna/fístéipeanna, &rl.
  • An próiseas seachas an toradh
  • Pleananna Oideachais Indibhidiúla (IEPanna)

7.6.3

Cén chaoi a dtugann tú aitheantas agus a bhfíoraíonn tú taithí agus eolas cultúrtha sa churaclam/clár? Féach 14.3