Caighdeán 14: Féiniúlacht agus Muintearas
Má táthar chun féiniúlachta dearfacha agus
mothúchán láidir mhuintearais a chur chun cinn, is
cóir go mbeadh polasaithe, nósanna imeachta agus
cleachtas ann atá sainmhínithe go soiléir. Cuireann
siad seo ar chumas gach páiste agus duine fhásta
féiniúlacht mhuiníneach maidir leo féin agus maidir
leis an ngrúpa a fhorbairt agus tuiscint agus meas
dearfach a bheith acu ar fhéiniúlacht agus ar
chearta daoine eile.
Comhpháirt 14.1 | Comhpháirt 14.2 | Comhpháirt 14.3
Comhpháirt 14.1 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe,
na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann
le feiniúlachtaí dhearfacha agus mothúchán láidir
mhuintearais laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil
do na páirtithe leasmhara ar fad iad.
Féach 10.1
Deis Mhachnaimh
14.1.1
Céard iad na polasaithe agus na nósanna imeachta laistigh
de do shuíomh a bhaineann le cur chun cinn ionannais
dhearfacha agus áit a ghlacadh ar leas na bpáistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Uilechuimsitheacht
- Frithidirdhealú/frithchlaonadh
- Rochtain
- Maistíneacht
- Bainistíocht iompair
- Earcú
14.1.2
Cén chaoi a n-imríonn na polasaithe agus na nósanna
imeachta seo tionchar ar chleachtas?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Raon páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu leis an
bpróiseas chun na polasaithe agus na nósanna imeachta
seo a chur i dtoll a chéile Féach 4.1
- Próisis chun na polasaithe agus na nósanna imeachta seo
a athbhreithniú agus a nuashonrú
- Ag cinntiú go dtuigeann agus go leanann gach duine na
polasaithe agus na nósanna imeachta seo
Comhpháirt 14.2 - Cuireann an suíomh féiniúlacht mhuiníneach
chun cinn sa dhuine aonar agus sa ghrúpa trí
thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe
oiriúnacha a sholáthar taobh istigh den suíomh.
Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5
Deis Mhachnaimh
14.2.1
Cén chaoi a dtugann an timpeallacht aitheantas agus a
gcuireann sé chun cinn cultúr agus cúlra na páistí ar fad
sa suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Íomhánna de shaol an teaghlaigh/an phobail (m. sh.,
grianghraif, postaeir, líníochtaí páistí, &rl.)
- Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, bosca gléasadh
suas, bréagáin an domhain bhig, &rl.)
- Bogábhar ríomhaireachta
- Leabhair agus ábhair
- Ag seachaint léiriú samhlacha saintréitheacha agus
íomhánna cultúrtha (m. sh., gnéas, cultúr, aois, ábaltacht,
&rl.)
- Ag seachaint claonta (m. sh., gnéas, dath, cine,
cleamhnacht chreidimh, struchtúr teaghlaigh, stádas
soch-eacnamaíoch, &rl.) laistigh de ghníomhaíochtaí
14.2.2
Cén chaoi a gcuireann na heachtraí atá curtha ar fáil
agat don pháiste féin-ionannas agus ionannas grúpa
muiníneach chun cinn?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag tabhairt spreagadh don fhoireann a bheith eolach ar
a gcreidimh féin, ar a luachanna agus ar a meonta i leith
ilghnéitheacht laistigh den suíomh Féach 5.5 Féach 11.2
- Sofhreagracht agus íogaireacht daoine fásta d'ionannas
agus cearta gach páiste laistigh den suíomh Féach 1.1 Féach 5.2
- Teanga (an teanga Ghaeilge, céad teanga an pháiste,
ábhair/eolas ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, ag cur
chun cinn cumarsáid idir páistí a labhraíonn Béarla agus
nach labhraíonn Béarla, straitéisí chun páistí a spreagadh
iad féin a chur in iúl i bhfocail agus trí bhealaí eile, ag
cinntiú go bhfuil ainm gach páiste ar eolas agus go
bhfuaimnítear i gceart é) Féach 5.2
- Straitéisí i bhfeidhm chun céad teanga an pháiste a
thacú agus a chothabháil fad is atá sí/sé ag foghlaim
teanga bhreise (m. sh., oiliúint/leabharlann acmhainní
foirne, comharthaí agus lipéid sa chéad teanga,
teagmháil le teaghlaigh, &rl.)
- Ag ardú feasachta i dtaobh bealaí éagsúla saoil (m. sh.,
fíoraíocht teaghlach, cineálacha tithíochta, suímh
gheografacha, &rl.)
- Ceiliúrtha (m. sh., laethanta breithe, féilte, eachtraí
tábhachtacha i saol an pháiste, &rl.)
- Ag tabhairt spreagadh do agus ag tacú le tuismitheoirí
gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt le gach duine
laistigh den suíomh (m. sh., oidis, scéalaíocht, nósanna
agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
- Ag cinntiú go bhfuil teicnící measúnaithe saor ó
chlaonadh cultúrtha agus gnéis Féach 7.6
14.2.3
Céard iad na bealaí ina gcuireann an suíomh féin-mheas
láidir chun cinn i measc na bpáistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Slándáil i gcaidrimh Féach 9.6
- Ag cur chun cinn an chiall go bhfuil áit ag an duine sa
suíomh
- Ag cur cosc ar idirdhealú/maistíneacht Féach 5.6
- Ag cur cuspóir agus freagracht ar fáil do pháistí Féach 1.2
- Ag forbairt inniúlachta
- Ag cinntiú gur féidir le páistí idirghníomhú le samhlacha
dearfacha daoine fásta óna gcúlra cultúrtha, eitneach
féin nó ó chúlra eile Féach 5.5
14.2.4
Cén chaoi a n-oibríonn an suíomh i gcoinne focal nó
gníomhartha a léiríonn idirdhealú? Féach 5.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag aithint agus ag léiriú comhbhá le páistí agus le
daoine fásta a raibh éifeacht ag idirdhealú agus ag
ciníochas orthu
- Ag tabhairt spreagadh don fhoireann staideanna deacra
a phlé
- Ag tabhairt tacaíochta do dhaoine fásta agus do pháistí
droch-thaithí i ndáil le ciníochas agus le hidirdhealú
a shárú
- Forbairt leanúnach phroifisiúnta a chur ar fáil Féach 11.4
14.2.5
Céard iad na gnéithe de do chleachtas a chuireann meas
agus tuiscint ar ilghnéitheacht chun cinn sna réimsí seo
a leanas?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cine
- Eitníocht
- Ballraíocht den lucht siúil
- Cuma
- Creideamh
- Teanga
- Cúlra teaghlaigh
- Gnéas
- Aois
- Ábaltacht
Comhpháirt 14.3 - Cuireann an suíomh comhthuiscint dhearfach
agus meas ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile
chun cinn trí thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe
oiriúnacha a sholáthar taobh istigh
den suíomh.
Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5
Deis Mhachnaimh
14.3.1
Cén chaoi a sholáthraíonn an timpeallacht tuiscint
dhearfach agus meas ar ionannas agus cearta daoine
eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Íomhánna de shaol an teaghlaigh/an phobail (m. sh.,
grianghraif, postaeir, líníochtaí páistí, &rl.)
- Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, bosca gléasadh
suas, bréagáin an domhain bhig, &rl.)
- Bogábhar ríomhaireachta
- Leabhair agus ábhair
- Ag seachaint léiriú samhlacha saintréitheacha agus
íomhánna cultúrtha (m. sh., gnéas, cultúr, aois, ábaltacht,
&rl.)
- Ag seachaint claonta (m. sh., gnéas, dath, cine,
cleamhnacht chreidimh, struchtúr teaghlaigh, stádas
soch-eacnamaíoch, &rl.) laistigh de ghníomhaíochtaí
14.3.2
Cén chaoi a gcuireann taithí leanúnach an pháiste
laistigh den suíomh tuiscint dhearfach agus meas ar
ionannas agus ar chearta daoine eile chun cinn?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag tabhairt spreagadh don fhoireann a bheith eolach ar
a gcreidimh féin, ar a luachanna agus ar a meonta i leith
ilghnéitheacht laistigh den suíomh Féach 5.5 Féach 11.2
- Sofhreagracht agus íogaireacht daoine fásta d'ionannas
agus cearta gach páiste laistigh den suíomh Féach 1.1 Féach 5.2
- Teanga (an teanga Ghaeilge, céad teanga an pháiste,
ábhair/eolas ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, ag cur
chun cinn cumarsáid idir páistí a labhraíonn Béarla agus
nach labhraíonn Béarla, straitéisí chun páistí a spreagadh
iad féin a chur in iúl i bhfocail agus trí bhealaí eile, ag
cinntiú go bhfuil ainm gach páiste ar eolas agus go
bhfuaimnítear i gceart é)
- Straitéisí i bhfeidhm chun céad teanga an pháiste a
thacú agus a chothabháil fad is atá sí/sé ag foghlaim
teanga bhreise (m. sh., oiliúint/leabharlann acmhainní
foirne, comharthaí agus lipéid sa chéad teanga,
teagmháil le teaghlaigh, &rl.) Féach 5.2
- Ag ardú feasachta i dtaobh bealaí éagsúla saoil (m. sh.,
fíoraíocht teaghlach, cineálacha tithíochta, suímh
gheografacha, &rl.)
- Ceiliúrtha (m. sh., laethanta breithe, féilte, eachtraí
tábhachtacha i saol an pháiste, &rl.)
- Ag tabhairt spreagadh do agus ag tacú le tuismitheoirí
gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt le gach duine
laistigh den suíomh (m. sh., oidis, scéalaíocht, nósanna
agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
- Ag cinntiú go bhfuil teicnící measúnaithe saor ó
chlaonadh cultúrtha agus gnéis Féach 7.6
14.3.3
Céard iad na bealaí ina gcuireann an suíomh féin-mheas
láidir chun cinn i measc na bpáistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Slándáil i gcaidrimh Féach 9.6
- Ag cur chun cinn an chiall go bhfuil áit ag an duine
sa suíomh
- Ag cur cosc ar idirdhealú/maistíneacht Féach 5.6
- Ag cur cuspóir agus freagracht ar fáil do pháistí Féach 1.2
- Ag forbairt inniúlachta
- Ag cinntiú gur féidir le páistí idirghníomhú le samhlacha
dearfacha daoine fásta óna gcúlra cultúrtha, eitneach
féin nó ó chúlra eile Féach 5.5
14.3.4
Cén chaoi a n-oibríonn an suíomh i gcoinne focal nó
gníomhartha a léiríonn idirdhealú? Féach 5.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag aithint agus ag léiriú comhbhá le páistí agus le
daoine fásta a raibh éifeacht ag idirdhealú agus ag
ciníochas orthu
- Ag tabhairt spreagadh don fhoireann staideanna deacra
a phlé
- Ag tabhairt tacaíochta do dhaoine fásta agus do pháistí
droch-thaithí i ndáil le ciníochas agus le hidirdhealú a shárú
- Forbairt leanúnach phroifisiúnta a chur ar fáil Féach 11.4
14.3.5