Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 11: Cleachtas Gairmiúil

Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.

Comhpháirt 11.1 | Comhpháirt 11.2 | Comhpháirt 11.3 | Comhpháirt 11.4 | Comhpháirt 11.5

Comhpháirt 11.1 - Is féidir leis na daoine fásta go léir atá ag obair sa suíomh fianaise a thabhairt go bhfuil leibhéil chuí scileanna agus eolais acu a oireann dá ról agus dá bhfreagrachtaí.

Deis Mhachnaimh

11.1.1

Cad iad na leibhéil cháilíochta atá sroichte ag na daoine fásta atá ag obair sa suíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eangach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann de Tháscairí Leibhéil
  • Riachtanais cháilíochta ghairmiúla

11.1.2

An féidir le daoine fásta atá ag obair go díreach le páistí sa suíomh a léiriú go bhfuil scileanna agus eolas acu i réimsí lárnacha a bhaineann lena ról agus a bhfreagrachtaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Riachtanais speisialta

11.1.3

An bhfuil siad siúd i rólanna bainistíochta cáilithe go leibhéal na bunchéime ar a laghad nó a chomhionann?


11.1.4

An bhfuil daoine fásta atá ag obair i bpoist neamhspleácha nó mhaoirseachta cáilithe ar a laghad go Comhairle na nDamhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna (FETAC) Leibhéal 6 nó a chomhionann?


11.1.5

An áirítear gach duine fásta d'fhonn coibhneasa de dhaoine fásta le páistí a oibriú amach sa suíomh cáilithe go Leibhéal 5 FETAC nó a chomhionann?


11.1.6

An gcaitear le gach duine fásta eile nach bhfuil cáilithe nó atá i mbun oiliúna agus cáilíochtaí mar dhaoine breise sa suíomh?


11.1.7

An bhfuil siad siúd atá ag obair i bpoist thacaíochta cáilithe go cuí?


11.1.8

Cén cruthúnas ar féidir le daoine fásta a chur ar fáil chun na leibhéil scileanna agus eolais atá bainte amach acu a léiriú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foghlaim fhoirmeálta (m. sh., cáilíochtaí, foghlaim dheimhnithe, &rl.)
  • Foghlaim neamhfhoirmeálta (m. sh., réimsí foghlama, taithí, &rl.)

Comhpháirt 11.2 - Glacann na daoine fásta go léir le prionsabail áirithe lárnacha a threoraíonn gach gné dá gcleachtas i suímh chúraim agus oideachais luath-óige.

Deis Mhachnaimh

11.2.1

Cad iad na prionsabail lárnacha a threoraíonn agus a thugann bonn don chleachtas i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ráiteas fealsúnachta
  • Cód gairmiúil eitice
  • Cód deonach cleachtais
  • Prionsabail/Caighdeáin Náisiúnta
  • Treoirlínte eagraíochtaí cleachtas náisiúnta
  • Treoirlínte idirnáisiúnta
  • Reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta Féach 15.1

11.2.2

Cad iad na próisis a léiríonn an tionchar atá ag do ráiteas prionsabal/físe ar chleachtais i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Próisis mheithleacha Féach 10.4
  • Próisis rannpháirtíocht thuismitheoirí Féach 3.2
  • Próisis chomhchomhairle Féach 4.1
  • Cleachtas bunaithe ar bhreathnóireacht Féach 7.6
  • Curaclam/clár
  • Próisis thaighde (m. sh., leabharlann, idirlíon, &rl.)

Comhpháirt 11.3 - Cuireann an suíomh deiseanna rialta ar fáil go fial do chleachtóirí machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas agus cuidiú le cleachtas atá ar ardchaighdeán a fhorbairt sa suíomh.

Féach 8.1

Deis Mhachnaimh

11.3.1

Cad iad na próisis atá i bhfeidhm chun am a thabhairt do chleachtóirí macnamh a dhéanamh ar a gcleachtas, d'fhonn na réimsí siúd ina bhfuil sé riachtanach breis eolais a fháil agus cur chuige difriúil a ghlacadh a aithint?


11.3.2

Cé chomh minic is a leagtar amach am i do shuíomh chun macnamh grúpa a dhéanamh agus plé a dhéanamh ar an gcleachtas?


11.3.3

Cén chaoi a spreagtar cleachtóirí a dtaithí agus a smaointe a roinnt maidir le cleachtas sa suíomh? Féach 16.1


Comhpháirt 11.4 - Spreagtar daoine fásta laistigh den suíomh chun páirt a ghlacadh go fairsing agus go leanúnach i bhforbairt ghairmiúil agus cuirtear acmhainní chuí ar fáil dóibh chuige sin.

Deis Mhachnaimh

11.4.1

Cén cineál gníomhaíochta um forbairt ghairmiúil ina nglacann na daoine fásta atá ag obair sa suíomh páirt?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhdhálacha
  • Ceardlanna
  • Grúpaí clochair
  • Cúrsaí agus seimineáir ag leibhéal coláiste
  • Cúrsaí ar an idirlíon agus acmhainní idirlín
  • Inseirbhís, cúrsaí samhraidh
  • Leabharlann acmhanní a thiomsú nó dul ina gcomhairle
  • Malairtí bhaill foirne
  • Breathnadóireacht ar chleactóirí/suímh eile
  • Comhairleoireacht agus traenáil

11.4.2

Cén chaoi a spreagtar cleachtóirí páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Plean forbartha gairmiúil atá réalaíoch agus ar féidir a bhaint amach
  • Forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú an phlean seo
  • Leibhéal na seisiún oiliúna in-seirbhíse atá ar fáil
  • Seisiúin atá sainiúil don luath-óige nó inar féidir feidhm a bhaint as prionsabail foghlama daoine fásta
  • Deis agus struchtúir chun comhairleoireacht a éascú do chleachtóirí
  • Ábhar gríosaithe chun cleachtóirí a spreagadh páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil
  • Dáileadh acmhainní (am, maoiniú, ábhair) i gcóir forbartha gairmiúla
  • Baill foirne thacaíochta (m. sh., cócaire, tiománaí bus, rúnaí, &rl.) agus oibrithe deonacha: insealbhú agus treorú cuí a thógann ar bhealach dearfach ar na leibhéil shaineolais atá acu cheana féin

11.4.3

Cé chomh minic is a dhéantar breathnóireacht rialta ar chleachtóirí sa suíomh agus a dtugtar aischothú dóibh ó dhuine atá cleachtaithe le spriocanna, cuspóirí agus modhanna oibre le páistí an churaclaim/an chláir


11.4.4

Cén chaoi a mbaintear úsáid as caidrimh oibre comhoibritheacha le seirbhísí eile sa phobal chun tacú le forbairt phroifisiúnta na gcleachtóirí? Féach 16.1 / 16.3


Comhpháirt 11.5 - Léiríonn daoine fásta go bhfuil tuiscint agus mothálacht acu do na paistí agus dá dteaghlaigh agus go bhfuil siad ceanúil orthu.

Féach 5.3 Féach 9.6

Deis Mhachnaimh

11.5.1

Cén chaoi a n-aithnítear iarrachtaí páistí indibhidiúla agus cén chaoi a dtugtar spreagadh dóibh? Féach 5.3 / 5.4


11.5.2

Cén chaoi a dtugann tú an t-eolas seo le fios do thuismitheoirí agus teaghlaigh? Féach 3.1


11.5.3

Cén chaoi a dtugann daoine fásta spreagadh do pháistí idirghníomhú le chéile, agus aghaidh a thabhairt ar a chéile le haghaidh cúnaimh i rith an lae? Féach 5.1 / 5.2


11.5.4

Cén chaoi a bhfreagraíonn daoine fásta go híogaireach do na riachtanais atá ag tuismitheoirí eolas agus athdhearbhú a fháil ar fholláine a bpáiste? Féach 3.3 Féach 12.2