Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 3: Tuismitheoirí agus Teaghlaigh

Chun meas a léiriú ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh agus chun ról a thabhairt dóibh, is cóir go mbeadh cur chuige gníomhach comhpháirtíochta ann agus, mar fhianaise air sin, go mbeadh raon próiseas, polasaithe agus nósanna imeachta ann atá fógraithe go soiléir agus fáil orthu go héasca, agus atá curtha i bhfeidhm.

Comhpháirt 3.1 | Comhpháirt 3.2 | Comhpháirt 3.3 | Comhpháirt 3.4

Comhpháirt 3.1 - Tá deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla cumarsáide ag an bhfoireann agus ag tuismitheoirí sa chaoi gur féidir leo eolas a roinnt faoin bpáiste.

Deis Mhachnaimh

3.1.1

Cén cineál socruithe atá i bhfeidhm chun cruinnithe foirmiúla rialta a éascú idir tuismitheoirí agus an fhoireann?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineálacha cruinnithe á n-eagrú do thuismitheoirí ag an suíomh
  • Páirt ag an mbeirt thuismitheoirí (sa chás gur cuí)
  • Minicíocht na gcruinnithe
  • Ag tabhairt freagra d'iarratais ó thuismitheoirí le haghaidh cruinnithe
  • Spás le haghaidh cruinnithe/ionad cruinnithe

3.1.2

An bhfuil córas príomh-oibrí á fheidhmiú ag do shuíomh chun cumarsáid éifeachtach le tuismitheoirí a chur chun cinn?


3.1.3

Cén chaoi a scaipeann tú eolas do thuismitheoirí? Féach 12.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cláir fhograí
  • Sceidil laethúla
  • Grianghraif d'eachtraí agus gníomhaíochtaí foirne/na bpáistí
  • Cumarsáid bhéil
  • Nuachtlitir
  • R-phost
  • Téacsáil

3.1.4

Cén cineál deiseanna atá i bhfeidhm le haghaidh comhráití rialta neamhfhoirmiúla le tuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag cruthú deiseanna le haghaidh idirghníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla le tuismitheoirí
  • Ag cur fáilte roimh thuismitheoirí laistigh den suíomh Féach 14.2

3.1.5

Cén chaoi a dtacaíonn na deiseanna cumarsáide foirmiúla agus neamhfoirmiúla le tuismitheoirí le foghlaim agus forbairt an pháiste?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag baint leasa as saineolas tuismitheoirí ar fhorbairt agus foghlaim a bpáiste
  • Ag tabhairt eolais do thuismitheoirí faoi fhorbairt agus foghlaim a bpáiste
  • Eolas tuismitheoirí a fhí isteach i bpleanáil/measúnú foghlaim na bpáistí
  • Ag tacú le tuismitheoirí foghlaim agus forbairt a bpáiste a thuiscint

Comhpháirt 3.2 - Tá éagsúlacht deiseanna do thuismitheoirí baint a bheith acu le gníomhaíochtaí laistigh de na timpeallachtaí, ag cur raon suimeanna na dtuismitheoirí san áireamh chomh maith leis na hiallacha ama a bhíonn orthu.

Deis Mhachnaimh

3.2.1

Cén chaoi a dtugtar tacaíocht do agus a spreagtar páirt na dtuismitheoirí laistigh de do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna do thuismitheoirí a bheith páirteach i mbainistíocht an tsuímh
  • Deiseanna do thuismitheoirí a gcuid scileanna agus acmhainní a thabhairt don suíomh Féach 16.4
  • Páirt a bheith ag thuismitheoirí bunaithe ar a spéiseanna, a gcumais agus a gcultúir a déanamh éasca dóibh Féach 14.2
  • A bheith gníomhach ó thaobh rannpháirtíocht tuismitheoirí a spreagadh

Comhpháirt 3.3 - Bíonn an foireann freagrúil, tuisceanach i soláthar eolais agus tacaíochta do thuismitheoirí sa ról bunúsach atá acu i bhfoghlaim agus i bhforbairt an pháiste.

Deis Mhachnaimh

3.3.1

Cén chaoi a gcuireann tú eolas ar fáil do thuismitheoirí? Féach 16.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Raon eolais
  • Athbhreithniú rialta ar an eolas atá curtha ar fáil do thuismitheoirí
  • Freagra d'iarratais shainiúla le haghaidh eolais
  • Ag cur tuismitheoirí ar an eolas faoin bhfaisnéis atá ábhartha dá ról lárnach
  • Ag tacú le tuismitheoirí in úsáid an eolais seo sa bhaile

3.3.2

An gcruthaíonn tú deiseanna do dhaoine proifisiúnta eile ón bpobal casadh le tuismitheoirí laistigh den suíomh? Féach 16.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Altra Sláinte Phoiblí
  • Garda
  • Oifigeach Sábháilteachta Tine
  • Daoine proifisiúnta eile

Comhpháirt 3.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe agus ar na gnásanna go léir a bhaineann le páirtíocht na dtuismitheoirí, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Féach 10.2 Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

3.4.1

Cén chaoi a mbaineann do shuíomh úsáid as a chuid polasaithe agus nósanna imeachta chun tacú le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cur chun cinn dearfach ról na dtuismitheoirí
  • Ag tabhairt ról do thuismitheoirí i mbainistíocht an tsuímh
  • Ag cinntiú gur léigh agus gur thuig tuismitheoirí polasaithe agus nósanna imeachta
  • Ag tabhairt ról do thuismitheoirí i gcur le chéile polasaithe don suíomh Féach 4.1
  • Próisis i gcóir athbhreithniú rialta agus nuashonrú polasaithe
  • Do pholasaí a chur i bhfeidhm Féach 4.2
  • Doiciméadú nósanna imeachta
  • Ag cinntiú go dtuigeann agus go leanann gach duine na nósanna imeachta seo