Comhpháirt 2.1 - Tá an timpeallacht laistigh agus lasmuigh
pleanáilte go maith agus leagtha amach chun
freastal ar riachtanais na bpáistí agus na
ndaoine fásta go léir sa suíomh.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.1.1Cén chaoi a gcomhlíonann leagan amach na
timpeallachta laistigh riachtanais na bpáistí agus na
ndaoine fásta laistigh den suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Sábháilteacht
- Príobháideachas (m. sh., seomra foirne, &rl.) Féach 9.5
- Riachtanais chúramí pearsanta
- Áiseanna codlata agus scíthe
- Teas/soilsiú/feistiú
- Eagrú spás foghlama
- Éascu saor-ghluaiseacht
2.1.2Cén bealach a sholáthraítear do ghiúirléidí gach pháiste
laistigh den suíomh? Féach 1.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Málaí le haghaidh athraithe
- Bugaithe
- Earraí maisíochta
- Crúcaí cótaí ag airde an pháiste
- Siombailí/pictiúir mar lipéid
- Caochóga /seilfeanna le haghaidh giúirléidí pearsanta
2.1.3Cén chaoi a stiúrtar cuairteoirí isteach agus timpeall an
suímh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Comhartha grúpa taobh amuigh
- Clog/intercom
- Fógra fáiltithe
- Comharthaí treo (i mBéarla, Gaeilge agus teangacha eile,
mar is cuí) Féach 14.2
- Comharthaíocht ag airde na bpáistí
- Comharthaí do dhaoine fásta a bhfuil deacrachtaí acu
léamh agus dóibh siúd le máchail amhairc
Breith - 18 mí
2.1.4
Céard iad na háiseanna atá ann i gcóir athrú clúidíní?
2.1.5
Céard iad na háiseanna atá agat chun naíonáin bheaga a
bheathú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Príobháideachas i gcóir máithreacha le naíonáin chíche
12 - 36 mí
2.1.6Mar an gcéanna le 2.1.4 - 2.1.5
2.1.7Cén chaoi a bhfuil an spás laistigh agus lasmuigh
deartha chun freastal a dhéanamh ar pháistí ar bhonn
indibhidiúil, i ngrúpaí beaga agus i ngrúpaí móra?
2.1.8
Cén chaoi a dtugann an timpeallacht taobh istigh
deiseanna do pháistí agus do dhaoine fásta gluaiseacht
go héasca?
2 1/2 - 6 years
2.1.9Mar an gcéanna le 2.1.7 - 2.1.8
Comhpháirt 2.2 - Tá an timpeallacht (trealamh agus ábhair san
áireamh) oiriúnach agus inrochtana do na páistí
agus do na daoine fásta go léir sa suíomh.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.2.1Cén chaoi a gceadaíonn pleanáil an tsuímh gluaiseacht
éasca ó limisteár amháin den suíomh go dtí limisteár eile?
2.2.2Más infheidhmithe, cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil an suíomh (laistigh agus lasmuigh) inrochtana do gach páiste agus duine fásta le riachtanais speisialta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Fánáin
- Doirse leithne
- Ráillí láimhe
- Áiseanna athraithe do gach páiste
- Limistéir stórála inrochtana
- Páirceáil
- Spásanna spraoi lasmuigh/laistigh
- Comharthaíocht
- Áiseanna súl
2.2.3
Cén chaoi a ndéantar na leithris/áiseanna athraithe
inrochtana do gach páiste agus duine fásta taobh istigh
den suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Líon sásúil leithreas
- Leithris atá oiriúnach do pháistí
- Áiseanna leithris ar leith do dhaoine fásta
- Rochtain dóibh siúd le míchumas
- Áiseanna athraithe do pháistí le míchumas
- Earraí seomra folctha (boscaí bruscair, tuaillí páipéir,
dáileoirí gallúnach leachtach, áit stórála d'earraí, earraí
maisíochta)
- Ballaí agus urláir in-nite
- Spás agus príobháideacht
2.2.4An mbeifeá in ann sampla a thabhairt faoin mbealach a
bhfuil an timpeallacht oiriúnach do riachtanais páistí a
bhfuil cumais agus cúlraí cultúrtha éagsúla acu? Féach 14.2 / 14.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag cur deiseanna ar fáil do gach páiste a bheith taobh amuigh
- Na critéir atá ann nuair atá ábhair agus earraí á gceannach chun a chinntiú go mbeidh siad inathraithe agus inrochtana do gach páiste
- Ag cinntiú go mbeidh gach páiste, naíonáin san áireamh, in ann rochtain a fháil ar ábhair nádúrtha agus ábhair a rinneadh sa bhaile (m. sh. boscaí cairtchlár, buaircíní giúise, duilleoga, taos spraoi atá déanta sa bhaile, &rl.)
12 - 36 mí
2.2.5Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil páistí in ann an
trealamh agus na hábhair a úsáid go neamhspleách? Féach 6.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- pás stórála ar seilfeanna ísle
- Seilfeanna oscailte
- Lipéadú (m. sh., pictiúir, siombailí, &rl.)
2 1/2 - 6 years
2.2.6Mar an gcéanna le 2.2.5
Comhpháirt 2.3 Tá an comhshaol laistigh agus lasmuigh
coinnithe i ndeis mhaith agus cuireann sé
timpeallacht chompordach, shuáilceach ar fáil do
pháistí agus do dhaoine fásta.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.3.1Cén chaoi a ndéantar an timpeallacht compordach agus
taitneamach?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Timpeallacht gheal agus thaitneamach do pháistí agus do thuismitheoirí
- Soilsiú atá feiliúnach don raon gníomhaíochtaí
- Soláthar i gcóir aerú, sna limistéir shláintiúla ach go háirithe
- Suíocháin oiriúnacha do dhaoine fásta atá ag glacadh páirte i raon gníomhaíochtaí le páistí (m.sh., ag beathú le buidéil, ag roinnt leabhar, &rl)
- Tá smacht teirmeastatach ar an teas chun a chinntiú go gcoinneofar an teocht ag leibhéal cuí
- Cothabháil ar spás taobh istigh agus taobh amuigh
- Athbhreithniú rialta ar an timpeallacht
2.3.2Cén chaoi a n-eagraítear glanadh an tsuímh? Féach 9.1 / 9.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Uainchlár glanta ar taispeáint
- Seiceanna glanta déanta ag duine ainmnithe
- Nítear go rialta éadaí le haghaidh gléasadh suas
- Glantar/athraítear gaineamh go rialta
- Fógraí faoi lámha a ní ar taispeáint i ngach leithreas
- Tá gnáthaimh shláinteachais phearsanta i bhfeidhm do
gach ball foirne agus páiste
- Rialú péisteanna
- Diúscairt dramhaíola
- Níochán
Comhpháirt 2.4 Cuireann an timpeallacht le sábháilteacht na bpáistí agus na ndaoine fásta, laistigh agus lasmuigh.
Féach 9.1
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.4.1Céard iad na nósanna imeachta/gnáthaimh atá i bhfeidhm chun a chinntiú ar bhonn rialta go bhfuil an limistéar spraoi lasmuigh glan agus saor ó chontúirtí?
2.4.2Cén chaoi a gcinntítear slándáil agus cothabháil an
limistéir lasmuigh chun sábháilteacht na bpáistí a
chinntiú, mar aon lena gcosaint ó dhíobháil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Clúdach (m.sh., locháin, claiseanna, seideanna, &rl.)
- Fálú
- Geata isteach nach bhfuil páistí in ann a oscailt
- Claí teorainn
- Laistí geata
2.4.3Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfanann do shuíomh saor
ó chontúirtí don tsláinte?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Stóráil ábhair glantacháin/ceimicí/nimheanna
- Stóráil ábhair dramhaíola
- Stóráil leighis
2.4.4
Céard iad na bealaí ina bhfuil an timpeallacht/trealamh
taobh istigh deartha chun go n-ísleofar an baol
gortuithe do pháistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Gan aon chúinní géara a bheith ar throscáin nó ar
fhearais
- Téiteoirí cosanta ó pháistí chun a chinntiú nach bhfuil
aon bhaol ann go ndóifear iad
- Teocht an uisce sna seomraí folctha coinnithe ag teocht
oiriúnach (faoi bhun 40° Celsius)
- Pasáistí saor ó chonstaicí
- Soicéid leictreacha clúdaithe/neamh-inrochtana
- Na clúdaigh urláir déanta slán
- Úsáidtear an geata staighre sa chás gur cuí
- Contúirtí tachtacha curtha as an tslí
- Gardaí méire ar dhoirse agus ar chófraí
- Urláir neamh-sleamhnacha
- Gléasanna sábháilteachta ar fhuinneoga agus ar dhoirse
- Gloine sábháilteachta
- Siombailí sábháilteachta cuí
- Seoláin atá ar bogadh a bhaint amach ó fhad láimhe
páistí
- Cordaí dallóga agus cuirtíní nach féidir greim a
fháil orthu
- Fáil réidh le trealamh briste nó trealamh a bhfuil
damáiste déanta dó
2.4.5An bhfuil gach bealach amach inrochtana agus ag
feidhmiú go hiomlán i gcás éigeandála?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Comharthaíocht dhátheangach (agus teangacha eile,
mar is cuí)
- Áiseanna súl
- Nósanna imeachta aslonnaitheFéach 9.7
2.4.6An bhfuil an foinse uisce deimhnithe sábháilte le n-ól?
2.4.7Céard é an bealach ina gcinntíonn tú stóráil ábhar agus
trealamh sábháilteachta taobh istigh den suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ionaid stórála le haghaidh trealamh taobh istigh
- Ionaid stórála le haghaidh trealamh taobh amuigh
- Ionaid stórála slán le hagaidh taifid na bpáistí Féach 10.5 Féach 12.1
- Cófra glasáilte le haghaidh stóráil ábháir
chontúirteacha/thocsaineacha
- Stór slán le haghaidh trealamh glantacháin
- Seilfeanna atá sách ard
- Tá seilfeanna atá barrthrom greamaithe don talamh/don
bhalla le boltaí nó slánaithe ar bhealach eile
2.4.8An bhfuil fearas garchabhair iomlán agat a bhfuil rochtain
éasca air agus é ar fáil i ngach achar de do shuíomh?
2.4.9Cén córas atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil
brathadóirí deataigh, múchtóirí dóiteáin, rabhcháin tine
agus pluideanna tine ag obair i gceart agus go ndéantar
seirbhís orthu go rialta?
Breith - 18 mí
2.4.10Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhful limistéir shábháilte
do naíonáin taobh amuigh?
12 - 36 mí
2.4.11Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil limistéir shábháilte
do lapadáin linbh taobh amuigh?
Comhpháirt 2.5 Cuireann an timpeallacht lasmuigh raon
eispéireas atá dúshlánach, éagsúil, cruithaitheach,
saibhir agus atá oiriúnach ó thaobh na forbartha
de, ar fáil do gach páiste.
Féach 14.2
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.5.1Cén chaoi a sholáthraíonn agus a gcuireann do shuíomh
chun cinn deiseanna don pháiste dul i dtaithí ar an
timpeallacht lasmuigh? Féach 6.3 / 6.5 Féach 7.3 / 7.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Soláthar spáis lasmuigh
- Rochtain rialta don spás seo
- Na deiseanna do gach pháiste a bheith sa spás lasmuigh
a uasmhéadú
- Na dúshláin agus na constaicí a bhfuil tú ag tabhairt
aghaidh orthu i dtaobh rochtain a chur ar fáil don
timpeallacht lasmuigh
- Straitéisí chun roinnt/gach ceann de na dushláin seo a
shárú
- Úsáid na timpeallachta lasmuigh i rith na bliain ar fad a
chur chun cinn
- Réimse taithí na timpeallachta lasmuigh curtha ar fáil
- Deiseanna do dhushlán agus 'riosca sábháilte'
- Socrú na timpeallachta chun go mbeidh páistí le feiceáil i
gcónaí
- Réimse éagsúil dromchlaí chun cur le taithí an pháiste sa
timpeallacht lasmuigh
- Deiseanna do gach páiste cuairt a thabhairt ar
thimpeallachtaí eile taobh amuigh nach bhfuil ar fáil sa
suíomh féin (m. sh., páirceanna, áiteanna súgartha,
siopaí, &rl.) Féach 16.3
2.5.2Cén chaoi a ndéanann an raon trealaimh taobh amuigh
meaitseáil le riachtanais agus cumais an pháiste atá ag
forbairt?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Breith - 18 mí
2.5.3Céard é an raon taithí a chuireann an trealamh taobh
amuigh chun cinn do naíonáin?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Spreagadh céadfach
- Lámhacán
- Dreapadóireacht
12 - 36 mí
2.5.4Mar an gcéanna le 2.5.3
2.5.5An bhfuil rochtain ag gach páiste ar na háiseanna
leithris ón limistéar lasmuigh?
2.5.6Céard é an raon taithí a chuireann an trealamh taobh
amuigh chun cinn?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cruthaitheacht agus réiteach fadhbanna
- Rith
- Dreapadóireacht
- Cothromú
- Marcaíocht
- Léim
- Doirteadh
- Luascadh
- Spraoi dramatúil
- Tógáil le blocanna
- Spraoi láimhsitheach
- Gníomhaíochtaí ealaíne
- Lámhacán
- Scútáil
- Rómhar agus plandáil
2.5.7Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil dóthain spáis taobh
amuigh ag an bpáiste chun go gcothófar fiosracht agus
taiscéaladh agus chun solúbthacht spraoi aonair nó
spraoi grúpa a cheadú? Féach 6.6
2 1/2 - 6 years
2.5.8Mar an gcéanna le 2.5.5 - 2.5.7
Comhpháirt 2.6 Cuireann an timpeallacht laistigh raon eispéireas
ar fáil do gach páiste atá oiriúnach ó thaobh na
forbartha de chomh maith le bheith dúshlánach,
éagsúil, cruthaitheach, saibhir.
Féach 14.2
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
2.6.1Cén chaoi a sholáthraíonn tú le haghaidh taispeántais súl?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Clár fógraí
- Limistéir/boird taispeántais
- Limistéar tionscnaimh
- Taispeántais ar airde an pháiste
- Postaeir/ pictiúir/grianghraif
- Íomhanna ón saol réalaíoch
- Saothar na bpáistí (m. sh., péinteáil, tarraingt, tógáil,
&rl.)
- Stóráil saothar na bpáistí go dtí go bhfuil sé in am é a
thabhairt abhaile
- Taispeántais súl a athrú
2.6.2Cén chaoi a n-éascaíonn agus a dtacaíonn an
timpeallacht le forbairt ghníomhaíochtaí sóisialta agus le
hidirghníomhaíocht? Féach 5.1
Breith - 18 mí
2.6.3Céard iad na limistéir/spásanna éagsúla laistigh den
suíomh atá á dtairiscint don pháiste? Féach 6.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Limistéar urláir (m. sh., an chuid a bhfuil cairpéad air,
dóthain stórála le haghaidh trealaimh [m. sh., bréagáin
bhoga, bréagáin naíonán, linn liathróide, leoraithe,
ainmhithe feirme, traenacha, blocanna, &rl.])
- Limistéar leabhar (m. sh., cuid chiúin den seomra, solas
nádúrtha, suíocháin chompordacha, codanna a bhfuil
cairpéad orthu, cúisíní, aonaid taispeántais, puipéid le
haghaidh scéalaíochta, leabhair ar fáil i réimse
teangacha, leabhair mhóra i réimse leaganacha, córas
iasachta, cairtchlár agus leabhair eile buanseasmhacha,
nascanna don leabharlann áitiúil, &rl.)
- Limistéar spreagadh céadfaíoch (m. sh., réimse leathan
uirlisí ceoil, ag tabhairt aitheantais do réimse éagsúil
cultúir, trealamh [téip-thaifeadáin, téipeanna],
cineálacha éagsúla ceoil [clasaiceach, ceoldráma,
popcheoil, traidisiúnta], scatháin ar na ballaí, ciseáin óir,
ábhair cumhráin, stóráil oiriúnach, rainn pháistí
traidisiúnta, &rl.)
2.6.4Cén chaoi a bhfuiltear in ann na limistéir/na spásanna
seo a aithint go héasca trí, mar shampla, feisteas, maisiú
agus trealamh?
12 - 36 mí
2.6.5Céard iad na limistéir/spásanna éagsúla laistigh den
suíomh atá á dtairiscint don pháiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Limistéar uisce (m. sh., teocht oiriúnach, uirlisí agus
trealamh d'uisce, naprúin, an t-uisce a athrú go laethúil,
brat urláir cuí, &rl.)
- Limistéar gainimh (m. sh., cineálacha éagsúla gainimh
[gaineamh mín, gaineamh fluich/tirim], soithigh, uirlisí
agus trealamh le haghaidh gainimh, méisín deannaigh
agus scuab, naprúin, an gaineamh athlíonta agus
athraithe go rialta, &rl.)
- Limistéar péinteála (m. sh., saor-phéinteáil go laethúil,
boird, tacais, scuabanna, réimse dathanna, réimse páipéir
[dath, cruth, comhdhéanamh, méid], trealamh le
haghaidh gníomhaíochtaí grúpa [rolláin, spúinsí,
péinteanna méire], &rl.)
- Ábhair collage/ealaíon mangarae (m. sh., aonad stórála,
rogha mhór ábhair cruinnithe le chéile ag na páistí,
siosúir, gliú agus taosanna, scuabanna, stáplóirí, fáiscíní
páipéir, &rl.)
- Limistéar grafaicí/scríbhneoireachta (m. sh., rogha
páipéir, cailceanna, gualaigh, criáin, pinn luaidhe, pinn,
marcálaithe, samplaí ábhair scríofa, boird agus
cathaoireacha feiliúnacha, &rl.)
- Limistéar taos spraoi (m. sh., boird agus cathaoireacha,
réimse dathanna, trealamh agus uirlisí oiriúnacha agus
líonmhara, naprúin, &rl.)
- Limistéar do bhréagáin ar na boird (m. sh., boird agus
cathaoireacha ar mhéid an pháiste, achar stórála íseal,
réimse leathan trealaimh [míreanna mearaí, bréagáin
snáithe, bréagáin rangaithe, bréagáin sortáil cruthanna],
&rl.)
- Cúinne an bhaile (m. sh., sainmhínithe go maith ó na
limistéir eile, tarraingteach agus mealltach, troscáin íseal
[cócaire, uirlisí cócaireachta, cuisneoir, boird agus
cathaoireacha, éadaí gléasadh suas, leabhair agus
irisleabhair], cuireann an trealamh an saol atá ag na
páistí sa bhaile i gcuimhne [bábóga, foireann tae], &rl.)
- Spraoi ról (m. sh., gruaigeadóirí, oifig an phoist, Gardaí,
múinteoir, altra, fear dóiteáin, dochtúir, siopa, bialann,
leabharlann, &rl.)
- Limistéir eile do théamaí/spéiseanna ar leith (m. sh., cré,
limistéar ríomhaireachta, nádúr, eolaíocht,
adhmadóireacht, cócaireacht, &rl.)
2.6.6Cén chaoi a n-aithnítear na limistéir/spásanna seo go
héasca trí fheisteas, maisiú agus trealamh?
2 1/2 - 6 years
2.6.7Mar an gcéanna le 2.6.5 - 2.6.6
Comhpháirt 2.7 Tá leordhóthain trealaimh agus ábhar sa suíomh
(laistigh agus lasmuigh) le n-úsáid ag páistí ina
n-aonar agus ina ngrúpaí.
Féach 6.4
Deis Mhachnaimh
2.7.1Céard é an réimse trealaimh agus ábhair atá cuí ó thaobh
na forbartha de atá ar fáil do gach páiste laistigh den
suíomh chun tacú le foghlaim agus forbairt an pháiste?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ábhair chéadfaíocha (m. sh., gaineamh, uisce, taos
spraoi, péint [neamh-thocsaíneach], blocanna, &rl.)
- Gníomhaíochtaí fisiciúla (m. sh., siúl ar aghaidh,
dreapadóireacht, bogadh tríd, brú, tarraingt &rl.)
- Soithigh lán le nithe le haghaidh taiscéaladh, folmhú
agus athlíonadh
- Troscáin (m. sh., boird, cathaoireachta, mataí codlata,
&rl.)
2.7.2Cén chaoi a gcinntíonn an trealamh agus na hábhair go
bhfuil riachtanais foghlamtha athraitheacha gach páiste
á gcomhlíonadh? Féach 7.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Méid leordhóthain trealaimh agus ábhair
- Déantar cigireacht rialta air agus athraítear/deisítear é
nuair is gá
- An chaoi a dtacaíonn an trealamh agus na hábhair le cur
i bhfeidhm an churaclaim nó an chláir ghníomhaíochtaí
- Trealamh agus ábhair a chur ar fáil do pháistí le
riachtanais speisialta chun a chinntiú go mbeidh rochtain
acu ar an gcuraclam/clár gníomhaíochtaí
- Úsáid a bhaint as
teilifíseán/físteipeanna/DVDanna/ríomhairí chun suim a
spreagadh, tuairimí a fhorbairt agus foghlaim a leathnú
- Ag tabhairt aitheantais d'éagsúlacht shochaí níos leithne
laistigh den suíomh Féach 14.2
2.7.3Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil an troscán ag airde
atá compordach do gach páiste laistigh den suíomh?
2.7.4Cén chaoi a mbaineann tú úsáid as teilifíseán/
físteipeanna/DVDanna/ríomhairí chun suim a spreagadh,
tuairimí a fhorbairt agus foghlaim a leathnú?
2.7.5Cén chaoi a dtéann an trealamh agus na hábhair i
bhfeidhm ar na céadfaí agus an bhfuil siad comhdhéanta
as táirgí nádúrtha agus saorga?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Comhdhéanamh crua agus bog
- Rudaí a bhféadfar blas agus boladh a fháil uathu
- Rudaí déanta as admhad, éadach, miotal, páipéar, leacht,
&rl. Féach 6.5
Comhpháirt 2.8 Déanann an timpeallacht foráil do bhainistíocht
shábháilte chaitheamh bhia.
Féach 9.4
Deis Mhachnaimh
2.8.1Cén chaoi a gcinntíonn tú dea-chleachtas sláinteachais i
ngach áit a bhfuil bia á stóráil, a ullmhú agus á ithe?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Tá dromchlaí glan
- Baintear úsáid as ceirteanna sláintiúla
- Coinnítear na hurláir glan-scuabtha
2.8.2Cén chaoi a gcoinnítear an chistin, an limistéar
ullmhaithe bia agus an limistéar stórála mar limistéar
glan agus sláintiúil laistigh den suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Bainne cíche tálta
- Buidéil
- Foirmle agus bia naíonáin
- Tá an chuisneoir glan, coinnithe go maith agus tá an
teocht ceart
- Tá na cófraí bia agus stórala fionnuar, aeraithe, glan
agus sláinteach
- Tá lipéid curtha ar bhia go cúramach
- Nitear agus stóráiltear na soithigh go sláinteach
- Stóráiltear dramhaíl i soithigh le claibíní luiteacha agus
faightear réidh leis go rialta
- Inrochtanacht ag páistí gan mhaoirseacht
- Garda cócaire agus citil
- Coinnítear sceana agus rudaí géara eile ó fhad láimhe
páistí
- Stóráil sábháilte d'ábhair ghlantacháin
- Ballaí agus dromchlaí so-nite
- Córais chun fáil réidh le sreabháin coirp agus ábhair
dhramhaíola