An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun súgradh a chur chun cinn, is cóir neart ama a
bheith ag gach páiste chun dul i mbun an saol
mórthimpeall uirthi/air a thriall, chun bheith
cruthaitheach agus chun brí a bhaint as an saol, i
gcuideachta páistí eile nó daoine fásta a ghlacann
páirt i mbealach tacúil, nó ina (h)aonar mar is cuí. Ba
chóir na deiseanna chuige seo a bheith le fáil go
réidh, a bheith oiriúnach ó thaobh forbartha de
agus ba chóir acmhainní maithe a bheith ann dóibh.
Comhpháirt 6.1 | Comhpháirt 6.2 | Comhpháirt 6.3 | Comhpháirt 6.4 | Comhpháirt 6.5 | Comhpháirt 6.6 | Comhpháirt 6.7
Comhpháirt 6.1 - Caitheann an páiste tréimhse shuntasach ag súgradh/ag taiscéal sa suíomh, agus bíonn siad seo agus gníomhaíochtaí spraoiúla eile lárnach sa ghnáthamh laethúil.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
6.1.1Cén pháirt den ghnáthamh laethúil a thugtar do spraoi, bíodh sí i bhfoirm gníomhaíochtaí struchtúrtha, tionscnaithe ag an duine fásta nó ag an bpáiste, laistigh nó lasmuigh, &rl? Féach 2.5 / 2.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Breith - 18 mí
6.1.2Do naíonáin an-óga, cén chaoi a fhíonn tú gníomhaíochtaí sultmhara isteach i do ghnáthaimh cúram?
Cén bhrí atá ag spraoi do naíonáin agus do pháistí óga?
Comhpháirt 6.2 - Nuair a bhíonn an páiste ag súgradh/ag taiscéal, bíonn an trealamh agus na h-ábhair a sholáthraítear ar fáil gan bhac agus iad inrochtana go héasca di/dó.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
6.2.1Cén chaoi a réitíonn tú do chuid stórála ionas go mbeidh aon ábhar nó trealamh atá ag teastáil le haghaidh seisiún áirithe laistigh d'fhad láimhe an pháiste? Féach 2.2
Agus tacar ar leith trealaimh agus ábhar á chur ar fáil agat, an bhfuil sé ar fáil do gach páiste gan eisceacht?
Agus an trealamh agus ábhair curtha ar fáil agat, an bhfuil an páiste in ann aon rud in aon cheann de na réimsí gníomhaíochta a chuireann tú ar fáil a úsáid (m. sh., an fhoireann tae a thabhairt go dtí an doirteal, &rl.)?
Céard iad na socruithe sonracha atá ag teastáil ón bpáiste le riachtanais speisialta, an páiste le míchumas fisiciúil go háirithe, chun a chinntiú go mbeidh an trealamh agus ábhair atá ann ar fáil agus inrochtana?
Breith - 18 mí
6.2.5Cén chaoi a bhfaigheann an páiste nach bhfuil in ann bogadh rochtain ar an trealamh agus an t-ábhair atá ar fáil?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.3 - Bíonn na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste i gcomhréir lena a c(h)éim fhorbartha, fágann siad an páiste saor chun máistreacht agus bua a bhaint amach, agus tugann siad dúshlán don pháiste aistriú go céim nua foghlama agus forbartha.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
6.3.1Cén cineál spraoi atá ar siúl ag an bpáiste faoi láthair?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén raon deiseanna atá tú ag cur ar fáil don pháiste ionas go bhféadfaidh sí/sé fiosrú iomlán a dhéanamh ar an gcineál seo spraoi Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.1 Féach 7.4
Cén chaoi a bhfuil na deiseanna seo ag cothú mothúcháin smachta agus inniúlachta sa pháiste? Féach 1.2
Agus staid forbartha an pháiste á cur san áireamh, cad iad na mionathruithe a chaithfear a dhéanamh ar na deiseanna atá ann faoi láthair a thabharfaidh an seans don pháiste tuilleadh forbartha agus foghlamtha a bhaint amach?
Comhpháirt 6.4 - Bíonn flúirse fearas agus ábhar don pháiste i ngach achar foghlama agus ag gach gníomhaíocht sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
6.4.1Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil neart uirlisí ábhartha spraoi i ngach limistéar spraoi/taiscéala do gach páiste a bhfuil ann? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.5 - Spreagann na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste í/é chun taiscéal, chun a bheith cruthaitheach agus chun a bhfuil foghlamtha aici/aige cheana a úsáid le bríonna nua a chruthú.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
6.5.1Céard iad na bréagáin oscailte a sholathraíonn tú a threoraíonn an páiste i dtreo taiscéaladh a dhéanamh ar thréithe éagsúla sa timpeallacht, laistigh agus lasmuigh araon? Féach 2.5 / 2.6 / 2.7
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Breith - 18 mí
6.5.2Cad iad na cineálacha spreagadh céadaíofach a chuireann deiseanna spraoi an pháiste ar fáil?
Cén chaoi a gcuireann tú le cumas foghlamtha na ndeiseanna sin tríd an chaoi a mbíonn tú ag idirghníomhú leis an bpáiste? Féach 5.3 / 5.5
Cad iad na hábhair oscailte, réalaíocha (heuristic), bíodh siad ceannaithe nó faighte ón timpeallacht, atá feiliúnach don pháiste?
Cén chaoi a bhféadfar an páiste a chumasú chun an timpeallacht lasmuigh a thaiscéaladh?
Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí
6.5.6Mar an gcéanna le 6.5.2 - 6.5.5
Comhpháirt 6.6 - Bíonn deiseanna ag an bpáiste súgradh/taiscéal le páistí eile, nó le daoine fásta atá rannpháirteach, tacúil, nó ina (h)aonar de réir mar is cuí.
Deis Mhachnaimh
6.6.1Cé chomh minic is a ghlacann tú páirt i spraoi leis an bpáiste?
Cén cineál rannpháirtíochta atá ann?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cad iad na straitéisí a bhféadfar úsáid a bhaint astu chun tacaíocht a thabhairt don pháiste, agus chun í/é a chumasú, a bhfuil deacrachtaí aici/aige 'ag fáil isteach' agus ag coinneáil spraoi le páistí eile ar siúl, nó a d'fhéadfadh a bheith coinnithe amach ó spraoi ar bhonn rialta?
An bhfuil tú in ann smaoineamh ar staid inar mhian leis an bpáiste a bheith ag spraoi léi/leis féin?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 6.7 - Pleanáiltear deiseanna súgartha/taiscéalta i gcomhar le pleanáil don churaclam/clár a chur i bhfeidhm, agus athraítear agus oiriúnaítear iad d'fhonn riachtanais athraitheacha foghlama agus forbartha a shásamh.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
6.7.1Cén chaoi a ndéanann pleanáil i gcóir foghlamtha trí spraoi freastal ar an bpáiste indibhidiúil, suíomh, comhthéacs áitiúil agus riachtanais shonracha? Féach 7.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a dtugtar faoi pleanáil i gcóir spraoi agus cur i bhfeidhm curaclaim/cláir? Féach 7.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a láimhseáltar an doiciméadú agus an tathbhreithniú pleanála? Féach 7.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)