Caighdeán 9: Sláinte agus Leas
Chun sláinte agus leas an pháiste a chur chun cinn, is
gá í/é a shábháil ó dhochar, bia cothaitheach a
sholáthar di/dó, deis a thabhairt di/dó a scíth a
ligean mar is cuí, agus caidreamh muiníneach,
measúil a dhéanamh léi/leis.
Comhpháirt 9.1 | Comhpháirt 9.2 | Comhpháirt 9.3 | Comhpháirt 9.4 | Comhpháirt 9.5 | Comhpháirt 9.6 | Comhpháirt 9.7
Comhpháirt 9.1 - Tá réimse iomlán beartas agus nósanna
imeachta curtha i bhfeidhm ag an suíomh chun
scaipeadh tinneas galraithe a chosc, chun
contúirtí agus strus timpeallachta a sheachaint,
agus chun déileáil go héifeachtach le cásanna
leighis a d'fhéadfadh tarlú.
Féach 2.4
Deis Mhachnaimh
9.1.1
Cén chaoi a ndéileálann tú le tinneas, le galair
ionfhabhtaíocha agus eigeándálaí i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Polasaithe agus nósanna imeachta
- Ag cur tuismitheoirí agus teaghlaigh ar an eolas
- Ag cur daoine fásta ábhartha eile ar an eolas (m. sh.,
oibrithe deonacha, mic léinn, foireann leighis, &rl.)
- Leithlis/eisiamh/maoirseacht
- Suíomh ciúin compordach a chur ar fáil
9.1.2Céard iad na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun dul
i ngleic le héigeandálaí leighis?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Líon oiriúnach daoine fásta i do shuíomh atá incháilithe
gartharrtháil a thabhairt
- Líon oiriúnach boscaí gartharrthála a bhfuil fearas
iomlán iontu ar fáil agus rochtain éasca orthu
- Coimriú daoine fásta ar stórail agus dáileadh cuí leighis
- Socrú le dochtúir leighis nó duine proifisiúnta cáilithe
leighis eile comhairle agus tacaíocht a thabhairt don
suíomh
- Cumarsáid le tuismitheoirí i gcás tinnis nó éigeandála
leighis (m. sh., sonraí teagmhála inrochtana agus cruinn,
iad a chur ar an eolas faoi ghalair ionfhabhtaíocha sa
suíomh, iad a chur ar an eolas faoi bhealaí cuí réamhaireacha,
&rl.)
Comhpháirt 9.2 - Déanann an suíomh a dhícheall, trí réimse
polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha
a chur i bhfeidhm, sláinte gach páiste agus duine
fásta a chur chun cinn.
Féach 14.1
Deis Mhachnaimh
9.2.1
Céard iad na straitéisí atá i bhfeidhm chun a chinntiú go
bhfuil gach duine i do shuíomh ar an eolas go hiomlán
faoi gach gné de chothú sláinte? Féach 11.1 / 11.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag cur bileoga eolais ar fáil faoi vacsaínithe, sláinteachas
béil, an chaoi le galrú a chosc, &rl.
- Teagmháil rialta leis an altra sláinte poiblí agus daoine
proifisiúnta ábhartha eile a chur ar bun
- Tráthnónta eolais ar shaincheisteanna cothaithe sláinte a
reáchtáil do thuismitheoirí
- Ag tairiscint deiseanna do dhaoine fásta atá ag obair sa
suíomh páirt a ghlacadh in oiliúint ar ábhair a
bhaineann le cothú sláinte
- Cothú sláinte a fhí isteach i gcuraclam nó i gclár
gníomhaíochtaí do pháistí
- Oiliúint maidir le cosaint páistí, láimhseáil bia, &rl.
9.2.2
Cén chaoi a dtugtar tacaíocht do pháistí chun gnáthaimh
mhaithe shláinteachas phearsanta a fhorbairt? Féach 7.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Gnáthaimh a bhunú maidir le lámha a ní, fiacla a
scuabadh, an leithreas a ghlanadh tar éis é a úsáid, srón
a shéideadh, diúscairt dramhaíola, &rl.
- Scileanna féin-bhainistíochta a fhorbairt tríd an
gcuraclam/clár (m. sh., fáiscíní a oscailt/a dhúnadh, am
glanadh suas, &rl.)
- Dea-chleachtas a athneartú maidir leis an timpeallacht a
choinneáil glan agus sábháilte, (m. sh., doirteadh a
thriomú, cosa a ghlanadh, bróga taobh istigh a
chaitheamh, &rl.)
9.2.3
Cén chaoi a bhféadfaidh daoine fásta i do shuíomh cur
le cothú sláinte páistí go dearfach?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag múnlú dea-chleachtais sláinteachais
- Ag leanúint nósanna imeachta sábháilteachta
- Éadach feiliúnach taobh amuigh, scagaire gréine
- Gan a bheith ag caitheamh tobac
- A bheith aireach agus freagrach maidir le gnáthriachtanais
shláinteachais phearsanta páistí (m. sh.,
clúidíní a athrú, dul chuig an leithreas, &rl.)
- Ag íosmhéadú struis agus imní do pháistí trí ghníomhú
ar bhealach socair i gcónaí Féach 5.5
- Tacaíocht agus maoirseacht dhaoine fásta
- A bheith freagrach agus íogair do riachtanais páistí le
haghaidh athdhearbhú agus compoird
Comhpháirt 9.3 - Tá treoirlínte Children First agus Our Duty to
Care curtha i bhfeidhm ag an suíomh maidir le
cosaint páistí.
Deis Mhachnaimh
9.3.1
Cén chaoi a gcinntíonn do shuíomh go bhfuil lánchoimriú
faighte ag gach duine fásta maidir le treoirlínte
dea-chleachtais i ndáil le cosaint páistí? Féach 11.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Eolas ábhartha ar fáil agus inrochtana do gach duine
- Coimriú ar pholasaithe agus ar nósanna imeachta
cosanta páistí ar fáil i do phróiseas insealbhaithe do
dhaoine fásta atá ag obair sa suíomh
- Ag tabhairt ról do gach duine fásta ábhartha i
bhforbairt polasaí agus nósanna imeachta maidir le
cosaint pháistí
- An ról atá ag oiliúint in-seirbhíse chun tacú leis an duine
fásta atá ag tabhairt aghaidh ar pholasaithe agus
nósanna imeachta cosanta páistí
- Ag cinntiú go dtugtar eolas atá nua-shonraithe do gach
duine fásta go soiléir, de réir mar is cuí
- Ag cinntiú go dtéann tuismitheoirí i dtaithí ar
pholasaithe agus nósanna imeachta cosanta páistí
9.3.2
Céard iad na próisis atá i bhfeidhm i do shuíomh chun a
chinntiú go gcaithfear le gach páiste le meas agus le
dínit, go speisialta maidir le cúram pearsanta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag tacú le páistí ionchur a bheith acu i ndéanamh cinntí
- Ag cinntiú go gcomhlíontar cearta páistí ó thaobh
príobháideachais de
- Ag cinntiú go gcoinníonn próisis bhainistíochta iompair
meas ar dhínit agus cearta páistí Féach 1.3 Féach 5.6
- Ag cinntiú go ndéileáltar le gach gearán go híogaireach
agus go freagrach
- Ag cinntiú go bhfuil páistí in ann muinín a bheith acu
agus dul i gcomhairle go rúnda le daoine fásta i do
shuíomh
- Ag cinntiú nach bhfágfar daoine fásta riamh leo féin/gan
mhaoirseacht le páiste indibhidiúil
- Ag tacú leis an tuiscint atá ag páistí maidir lena ról féin
ó thaobh meas a thabhairt do chearta daoine eile Féach 14.3
9.3.3
Céard iad na nósanna imeachta atá agat chun déileáil le
mí-úsáid amhrasach nó mí-úsáid chorpartha páistí i do
shuíomh nó in áit eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Duine ainmnithe a ghlacann freagracht as
saincheisteanna maidir le cosaint pháistí
- Deis don duine ainmnithe na scileanna agus an t-eolas a
fháil a bheidh riachtanach don ról tábhachtach seo
- Aithint agus freagra do mhí-úsáid
- Mí-úsáid amhrasach a thabhairt le fios
- Ag tacú leis an bpáiste mí-úsáid a thabhairt le fios
- Tacaíocht a chur ar fáil don pháiste sa chás go naithnítear
mí-usáid
- Ceangal le gníomhaireachtaí/daoine aonair eile a
d'fhéadfadh idirghabháil a dhéanamh agus/nó tacaíocht
a thabhairt duit i ndéileáil go cuí leis an gceist seo
Comhpháirt 9.4 - Tá an suíomh réamhghníomhach maidir le
nósanna sláintiúla ite a bhunú i measc na bpáistí
agus cabhrú leo ag an am céanna taitneamh
agus sásamh a bhaint as bheith ag ithe mar
eispéireas dearfach sóisialta.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
9.4.1
Cén chaoi a gcuireann do shuíomh forbairt nósanna ite
sláintiúla chun cinn i bpáistí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Ag cur páistí ar an eolas faoi ithe sláintiúil/roghanna
sláintiúla
- Ag ardú feasachta le tuismitheoirí agus teaghlaigh
maidir le hithe sláintiúil
- Foinsí eolais faoi ithe sláintiúil atá ar fáil sa suíomh
(m. sh., bileoga/postaeirí ó bhFheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte, An Bord Bia, comhlachtaí bia, altanna
irisleabhar, &rl.)
- Ag tairiscint taithí ar bhianna éagsúla do pháistí Féach 7.3
- Ag tarraingt páistí isteach i bplé agus díospóireacht faoi
ithe sláintiúil
- Ag tabhairt spreagadh do thuismitheoirí agus teaghlaigh
tacú le do pholasaithe um ithe sláintiúil
- Ag freagairt do riachtanais aistí bia páistí indibhidiúla
- Ag cinntiú go bhfuil rochtain saor i gcónaí ag gach
páiste ar uisce inólta sábháilte
9.4.2
Cén chaoi a gcinntíonn do shuíomh:
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Comhlíonann sé le 'Food and Nutrition Guidelines for
Preschools' de chuid na Roinne Sláinte agus Leanaí?'
- Tá biachláir laethúla scríofa ar fáil do thuismitheoirí?
- Tá béilí agus mionbhéilí ar fáil, ag cur riachtanais
indibhidiúla an pháiste san áireamh?
- Athraítear ranna bia de réir aois an pháiste agus freisin
ar bhealach a thugann deis don pháiste cinntí a
dhéanamh bunaithe ar aois
- Sa bhiachlár laethúil, soláthraítear bia as gach grúpa bia?
- Athraítear comhdhéanamh an bhia de réir aois
an pháiste?
- Tá an bia a dháiltear tarraingteach agus neamúil
don pháiste?
- Cinntíonn an suíomh go ndéantar riar ar pháistí le
riachtanais speisialta bia, le hailéirgí, nó bia a bhfuil cosc
air ar fháth ar bith (m. sh., nós creidimh)?
- Tá oiliúint chuí ag gach ball foirne i láimhseáil bia?
- Tá clár HACCP (Hazards Analysis Critical Control Point)
i bhfeidhm?
9.4.3
Cén chaoi a ndéantar forbairt ar thaitneamh/tuiscint
páistí ar ithe mar eispéireas sóisialta dearfach?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Amanna sosa agus mionbhéilí nach bhfuil deifrithe
- Ag suí le páistí ag amanna mionbhéilí chun samhlacha
dearfacha a sholáthar
- Ag tabhairt na deise do pháistí freagracht a ghlacadh as
amanna sosa/mionbhéilí a eagrú
Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí
9.4.4
Cén chaoi a ndéantar foráil ar leith do riachtanais
naíonán laistigh den suíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cén chaoi a ndéanann tú foráil do mhná a bhfuil
naíonáin chíche acu?
- An bhfuil beathú bunaithe ar riachtanais indibhidiúla
chothaithe agus ar sceidil bheathaithe, agus ní de réir
róta?
- An bhfuil limistéir stórála agus ullmhúcháin do bhuidéil
atá sách oiriúnach?
- An mbeirtear ar naíonáin i gcónaí agus an dtugtar aire
indibhidiúil dóibh agus iad á mbeathú le buidéal?
- Céard iad na próisis atá i bhfeidhm chun tacú le naíonáin
atá á mbaint ón gcíoch?
- Cén chaoi a gcuireann tú chun cinn neamhspleáchas ó
thaobh beathú de?
- Cén chaoi a shocraítear na suíocháin chun go dtacófar le
hidirghníomhaíocht shóisialta le daoine eile?
Deis Mhachnaimh - 12 mí - 36 mí
9.4.5
Mar an gcéanna le 9.4.4
Comhpháirt 9.5 - Tá iarrachtaí fónta déanta ag an suíomh gá na
bpáistí le scíth, tréimhse chiúin agus
príobháideachas a aithint agus a shásamh.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
9.5.1
Cén chaoi a gcuireann tü spás cuí ar fáil le haghaidh am
ciúin agus ligint scíthe, scoite amach ó na
gníonmaíochtaí eile i do shuíomh?
9.5.2
Cén chaoi a fhíonn tú isteach solúbthacht maidir le
deiseanna scíthe i ngnáthamh laethúil na bpáistí i do
shuíomh?
9.5.3
Cén chaoi a dtugann tú spreagadh do pháistí sosanna
scíthe cuí a thógáil?
Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí
9.5.4
An bhfuil cliabhán le tocht sábháilteachta agus a c(h)uid
línéadach féin ag gach naíonán faoi bhun 12 mí i
limistéar ciúin, dorcha, teolaí?
9.5.5
Céard iad na réamh-airí atá i bhfeidhm chun Siondróm
Bás Tobann Naíonáin (SIDS) a chosc?
Comhpháirt 9.6 - Tá soláthar déanta ag an suíomh chun a chinntiú
gur féidir le páistí caidrimh bhuan a bhunú agus
a choinneáil ar bun le daoine fásta, lena
ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha, le daoine
ar chomhaois leo, agus le páistí eile.
Féach 5.1 / 5.2 / 5.3 Féach 13.1 Féach 14.2
Deis Mhachnaimh
9.6.1
Cén chaoi a dtugtar tacaíocht do pháistí caidrimh a
bhunú i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Deiseanna do dheartháireacha agus deirfiúracha casadh
le chéile agus idirghníomhú
- Tacaíocht ó dhaoine fásta a bhfuil taithí acu atá in ann
leanúnachas agus buanseasmhacht a thabhairt
- Ag tacú le páistí agus iad ag bunú cairdis
- Ag tacú le caidrimh pháistí le tuismitheoirí agus le
teaghlaigh níos leithne
- Oibriú chóras príomhoibrithe
Comhpháirt 9.7 - Cintíonn an suíomh go mbíonn gach duine fásta
agus gach páiste réidh i gcás éigeandála.
Deis Mhachnaimh
9.7.1
Cén chaoi a ndéanann do shuíomh foráil chun déileáil le
staideanna éigeandála a éilíonn aslonnú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Polasaithe agus nósanna imeachta Féach 10.2
- Iad seo a thabhairt le fios go soiléir do gach duine fásta
ábhartha agus do pháistí
- Ag ullmhú na bpáistí agus na ndaoine fásta i do shuíomh
freagairt do staideanna éigeandála i modh atá socair
agus stuama (m. sh., druil dóiteáin rialta, eolas a chur ar
fáil faoi bhealaí éalaithe, cloig rabhaidh, &rl.)
- Ag fáil cúnaimh sheachtrach i gcás éigeandálaí