An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Is gá gach rialachán agus ceanglas reachtúil
ábhartha a chomhlíonadh, nó dul tharstu.
Comhpháirt 15.1 - Comhlíonann an suíomh gach reachtaíocht agus gach rialachán ábhartha nó téann sé tharstu.
Deis Mhachnaimh
15.1.1An gcomhlíonann do sheirbhís an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha atá liostáilte in Aguisín 2?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil duine (nó daoine) ainmnithe agat a thuigeann agus a ghlacann freagracht as cinntiú go gcomhlíonann an tseirbhís leis an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha atá faoi iamh in Aguisín 2?
Céard iad na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agat chun cinntiú go bhfanann an suíomh suas chun dáta le reachtaíocht agus le rialacháin nua?