Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 16: Rannpháirteachas an Phobail

Chun rannpháirteachas an phobail a chur chun cinn, is gá gréasáin agus ceangail a chruthú agus, mar fhianaise air sin, polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a bheith ann a mhéadaíonn ar theagmháil gach duine fásta agus gach páiste leis an bpobal mór, agus a thacaíonn leis an dteagmháil sin.

Comhpháirt 16.1 | Comhpháirt 16.2 | Comhpháirt 16.3 | Comhpháirt 16.4

Comhpháirt 16.1 - Tá raon cuimsitheach faisnéise bailithe agus curtha ar fáil ag an suíomh maidir le hacmhainní ag leibhéil áitiúla, réigiúnda agus náisiúnta.

Féach 12.2

Deis Mhachnaimh

16.1.1

Cén t-eolas atá curtha ar fáil agat ar an raon áiseanna, seirbhísí agus deiseanna atá ann ag an leibhéal áitiúil, réigiúnda agus náisiúnta a fhéadfar a úsáid chun cuspóirí agus spriocanna do sheirbhís a thacú agus a chur chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht phroifisiúnta (m. sh., Coistí Cúraim Páistí Contae, ceardchumainn, eagraíochtaí an Lucht Siúil, Barnardos, eagraíochtaí ballraíochta [m. sh., National Children's Nurseries Association, Forbairt Naíonraí Teo, Bord Oideachais Montessori na hÉireann], líonraí eile cleachtóirí agus seirbhísí luath-óige [m. sh., Border Counties Childcare Network], &rl.) Féach 11.4
  • Seirbhísi sláinte (m. sh., dochtúir, clinic/altra sláinte phoiblí, oifigigh réamh-scolaíochta, teiripeoirí, fiaclóirí, Meitheal Luath-Idirghabhála, &rl.) Féach 9.2
  • Tacaíocht thuismitheoirí (m. sh., cláir thuismitheoirí, clubanna/cumainn shóisialta, grúpaí tacaíochta do theaghlaigh a bhfuil páiste le míchumas acu, &rl.) Féach 3.3
  • Seirbhísí eile COLO (m. sh., grúpaí tuismitheoirí agus lapadáin linbh, naíolanna, feighlithe páistí, bunscoileanna, cláir tar éis na scoile, iar-bhunscoileanna agus coláistí, &rl.)
  • Tacaíocht oideachasúil/foghlaimeora (m. sh., scoileanna, deiseanna aos-oideachais, eagraíochtaí oiliúna, &rl.)
  • Cultúrtha (m. sh., amharclainna, ionaid cheoil, musaeim, ionaid ealaíne, leabharlanna, ionaid oidhreachta, clubanna spóirt, grúpaí deonacha [m. sh., drámaíocht, damhsa], &rl.)
  • Sóisialta agus comhshaoil (m. sh., páirceanna agus gairdíní, saoráidí spóirt, staisiún dóiteáin, Gardaí, feirmeacha oscailte, gáirdín ainmhithe, pictiúrlann, &rl.)
  • Idirlíon/láithreáin ghréasáin

16.1.2

Cén chaoi a gcuireann tú an t-eolas seo ar fáil agus feasacht á tarraingt ar na hacmhainní seo?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Úsáid cláir fógraí, ceantar eolais/láithreán ghréasáin
  • Nuachtlitir/leabhráin do thuismitheoirí/r-phost
  • Seisiúin/tráthnónta roinnt eolais sa suíomh
  • Turais/turais pháirce/rannpháirtíocht in eachtraí pobail

16.1.3

Cén chaoi a chuireann tú an pobal ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí a sholáthraíonn do shuíomh chun tacaíocht a thabhairt do pháistí agus do theaghlaigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nuachtlitir
  • Láithreán ghréasáin
  • Cruinnithe eolais
  • Nasc leis na meáin áitiúla

Comhpháirt 16.2 - Tá ceangail curtha ar bun ag an suíomh a bhfuil sé de chumas acu rannpháirtíocht an tsuímh leis an bpobal mór a leathnú agus a fhorbairt.

Deis Mhachnaimh

16.2.1

Cé chomh heolasach atá tú faoi na rólanna, na freagrachtaí, na cláir agus na seirbhísí atá ag eagraíochtaí eile a bhfuil baint acu le páistí agus le teaghlaigh i do phobal áitiúil?


16.2.2

Cén chaoi a mbaineann tú úsáid as na háiseanna agus na seirbhísí seo chun cur le taithí, feasacht agus tuiscint na bpáistí agus na dtuismitheoirí ar a bpobal áitiúil féin? Féach 2.5 Féach 7.4


Comhpháirt 16.3 - Tá an suíomh ceangailte, comhtháite leis an bpobal áitiúil, an pobal réigiúnda agus an pobal náisiúnta.

Deis Mhachnaimh

16.3.1

Cé chomh mór is atá do shuíomh páirteach go gníomhach i líonraí ag an leibhéal áitiúil, réigiúnda agus náisiúnta a thugann tacaíocht agus a chuireann le baint amach do chuspóirí agus do spriocanna?


16.3.2

Céard iad na páirtnéireachtaí agus caidrimh phroifisiúnta atá forbartha le heagraíochtaí agus le seirbhísí pobail, agus le daoine proifisiúnta eile?


16.3.3

Céard iad na hacmhainní agus na háiseanna i do phobal áitiúil a mbaineann tú úsáid astu go rialta chun cur le taithí na bpáistí i do shuíomh agus chun í a shaibhriú, agus an méid a dtéann an timpeallacht i bhfeidhm orthu? Féach 7.4 Féach 14.2 / 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An timpeallacht nádúrtha (m. sh., páirceanna, trá, coillte, sléibhte, &rl.)
  • Páirc, linn snámha, fearainn spóirt
  • Pictiúrlann, amharclann, leabharlann
  • Ollmhargadh, oifig an phoist, bláthadóirí

Comhpháirt 16.4 - Cuireann an suíomh saoránacht páistí ina bpobal áitiúil, a bpobal réigiúnda agus a bpobal náisiúnta chun cinn go gníomhach.

Féach 14.2/14.3

Deis Mhachnaimh

16.4.1

Cén chaoi a ndéanann tú iarracht cinntiú go ndéantar co-ordú go rialta idir gníomhaíochtaí an tsuímh agus áiseanna pobail agus/nó scoileanna áitiúla?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaí aistrithe Féach 13.2
  • Cumainn Áitritheoirí
  • Tionscadail phobail (m. sh., ionaid ealaíne, grúpaí óige, bailte slachtmhara, áitribh seanóirí, &rl.
  • Grúpaí spóirt

16.4.2

Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas naíonán agus páistí óga a bheith i láthair/páirt a ghlacadh in eachtraí agus gníomhaíochtaí sa phobal?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Turais, turais pháirce
  • Rannpháirtíocht in eachtraí pobail (m. sh., lá an mhargaidh, aonaigh scoile, mórshiúil Lá Fhéile Pádraig, &rl.)
  • Ag éascú cuairteanna don suíomh ó ionadaithe ó raon acmhainní pobail (m. sh., Gardaí, oifigeach dóiteáin, siopadóir, leabharlannaí, ealaíontóir, scéalaí, &rl.) Féach 3.2 Féach 14.2
  • Ag tabhairt ról do pháistí i bpáirtnéireachtaí le seirbhísí eile (m. sh., ag tabhairt cuairte ar an teach altranais áitiúil, ag déanamh airgid ar son dídean na n-ainmhithe, tionscadail eiceolaíochta, &rl.)
  • Faisnéis áitiúil, gníomhaíochtaí timpeallachta agus cultúrtha a chomhtháthú isteach sa churaclam/clár Féach 7.3