An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a
shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta
breathnóireachta, pleanála, gnímh agus
meastóireachta a dhéanamh go rialta.
Comhpháirt 8.1 | Comhpháirt 8.2 | Comhpháirt 8.3 | Comhpháirt 8.4
Comhpháirt 8.1 - Déantar athbhreithniú rialta ar gach aon réimse Caighdeánach cleachtais trí phróisis oiriúnaithe cuí breathnadóireachta, pleanála, gníomhaíochta agus meastóireachta.
Deis Mhachnaimh
8.1.1Céard iad na cineálacha próiseas athbhreithnithe atá oiriúnach do gach ceann de na 16 caighdeán atá sonrach do Síolta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé chomh minic is a dtugann tú faoi athbhreithnithe laistigh de chatagóirí cleachtais na gCaighdeán?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard iad na gnéithe de na Caighdeáin a bhfuil athbhreithniú níos minicí ag teastáil uathu?
Comhpháirt 8.2 - Tá struchtúir athbhreithnithe aontaithe, a bhfuil fianaise scríofa orthu ag an suíomh.
Deis Mhachnaimh
8.2.1Céard iad na struchtúir athbhreithnithe atá i bhfeidhm i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 8.3 - Tá córas ann chun cinnte a dhéanamh de go dtagann athruithe i gcleachtas as na próisis athbhreithnithe.
Deis Mhachnaimh
8.3.1Nuair atá athruithe tugtha le fios ag an bpróiseas athbhreithnithe, cén chaoi a bhfítear na hathruithe sin isteach sa chleachtas?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 8.4 - Déantar taifeadadh, stóráil, agus roinnt ar thorthaí na struchtúr agus próiseas athbhreithnithe, mar is cuí.
Deis Mhachnaimh
8.4.1Cén chaoi a ndéanann tú doiciméadú ar do phróisis athbhreithnithe?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a gcinntíonn tú go gcoinnítear agus go roinntear taifid go cuí, agus go gcinntítear rúndacht? Féach 10.6 Féach 12.2 / 12.3