Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Cúram Lae

Caighdeán 12: Cumarsáid

Chun go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann ar mhaithe leis an pháiste, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus gnímh a chuireann roinnt eolais agus faisnéise chun cinn go gníomhach i measc páirtithe leasmhara cuí, le meas agus le rúndacht.

Comhpháirt 12.1 | Comhpháirt 12.2 | Comhpháirt 12.3 | Comhpháirt 12.4

Comhpháirt 12.1 - Bailíonn an suíomh faisnéis chuí, ábhartha ar gach pháiste agus stóráiltear ar bhealach sábháilte é.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

12.1.1

Cén chaoi a mbailíonn do shuíomh faisnéis ar pháistí indibhidiúla (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil araon)? Féach 3.1 Féach 7.6 Féach 10.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nádúr na faisnéise a iarrtar agus a stóráltar
  • Ag cinntiú go dtaifeadtar faisnéis i gceart agus go cruinn
  • Áiseanna le haghaidh stóráil shábháilte na faisnéise seo
  • Rochtain ar an bhfaisnéis seo
  • Rochtain ar na taifid i staid éigeandála
  • Ag cinntiú go ndéantar athbhreithniú rialta ar an bhfaisnéis atá bailithe agus go gcoinnítear cruinn é
  • Ag roinnt faisnéise (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil) idir gach geallshealbhóir ábhartha
  • Úsáid agus taifid bhreathnóireacht pháiste
  • Ag tabhairt ról do thuismitheoirí

Comhpháirt 12.2 - Tá an suíomh réamhghníomhach agus é ag roinnt faisnéise mar is cuí le páirtithe leasmhara eile ar mhaithe leis an bpáiste.

Deis Mhachnaimh

12.2.1

Cén chaoi a ndéanann tú cinneadh cé aige nó aici a bheidh rochtain ar an bhfaisnéis agus cén chaoi a roinnfear é?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rochtain tuismitheoirí ar faisnéis Féach 3.1 / 3.3
  • Faisnéis ábhartha/gheallshealbhóirí
  • Leasa is fearr an pháiste
  • A bheith réamhghníomhach

12.2.2

Cén chaoi a stóráltar eolas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Daoine fásta laistigh den suíomh
  • Páirtithe leasmhara cuí lasmuigh den suíomh
  • Aischothú rialta do thuismitheoirí maidir lena bpáiste
  • Craobhscaoileadh faisnéise ó eagraíochtaí ábhartha eile do thuismitheoirí Féach 16.1
  • Faisnéis a chur ar fáil d'eagraíochtaí agus seirbhísí eile sa cheantar ar na seirbhísí atá curtha ar fáil ag an suíomh
  • Ag cur chun cinn rochtain éasca do pháistí agus do theaghlaigh ar sheirbhísí eile sa phobal
  • Eolas a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn teangacha eile (m. sh., tuismitheoirí le teanga dhúchais eile seachas ceann an tsuímh) nó ag a bhfuil míchumais (m. sh. tuismitheoirí atá bodhar nó a bhfuil deacracht éisteachta acu, tuismitheoirí atá caoch nó maolchaoch, tuismitheoirí ag a bhfuil míchumais eile a chuireann isteach ar a gcumas eolas a fháil nó a thuiscint) Féach 14.2

Comhpháirt 12.3 - Baineann rúndacht leis an gcaoi a dtaifeadann, a stórálann agus a roinneann an fhoireann faisnéis ar mhaithe leis na páistí..

Deis Mhachnaimh

12.3.1

Cén chaoi a roinntear faisnéis ar bhealach atá rúnda? Féach 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gealltanais do thuismitheoirí
  • Comhlíonadh le reachtaíocht maidir le cosaint sonraí ábhartha/
  • Dul i gcomhcomhairle le tuismitheoirí maidir le cead a fháil chun faisnéis faoin a bpáiste a roinnt
  • An chaoi a gcuireann an córas taifeadta agus stórála rúndacht chun cinn
  • Áiseanna sábhailte stórála do thaifid

Comhpháirt 12.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le cumarsáid laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Deis Mhachnaimh

12.4.1

Céard iad na polasaithe laistigh de do shuíomh a bhaineann le taifead agus roinnt faisnéise ar leas páistí? Féach 10.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An chaoi a gcuireann na polasaithe agus na nósanna imeachta chun cinn roinnt eolais agus fáisnéise ar leas an pháiste
  • An raon páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu leis na próisis chun polasaithe agus nósanna imeachta a bheartú, a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú Féach 4.1
  • Cur i bhfeidhm polasaí
  • Nósanna imeachta a dhoiciméadú
  • Ag cinntiú go duigeann agus go leanann baill foirne ábhartha/daoine fásta na nósanna imeachta seo