An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Chun idirghníomhartha cuiditheacha (leanbh/leanbh, leanbh/duine fásta agus duine fásta/duine fásta) a chothú, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas soiléirithe a leagann béim ar luach an phróisis agus atá bunaithe ar mheas cómhalartach, páirtíocht chomhionann agus comhthuiscint.
Comhpháirt 5.1 | Comhpháirt 5.2 | Comhpháirt 5.3 | Comhpháirt 5.4 | Comhpháirt 5.5 | Comhpháirt 5.6
Comhpháirt 5.1 - Bíonn ar chumas gach pháiste idirghníomhú lena c(h)omhaoisigh agus le páistí nach bhfuil ar chomhaois léí/leis i mbeirteanna, i ngrúpaí beaga agus uaireanta i ngrúpaí móra.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.1.1Cén chaoi a léiríonn do phleanáil acmhainneacht an linbh chun foghlaim i gcomhar le daoine eile? Féach 6.6 Féach 7.4
Breith - 18 mí
5.1.2I do ghnáthaimh chúraim, cén chaoi a léiríonn tú mothálacht nuair a thugann leanaí comharthaí agus cén chaoi a dtugann tú freagra oiriúnach, leordhóthanach agus leanúnach?
Cén chaoi a bhfeabhsaíonn d'idirghníomhaíocht leis an leanbh a (h)acmhainnteacht a fheabhsú chun idirghníomhú go dearfach le leanaí eile?
Mínigh cén chaoi a gcothaíonn tú suim an linbh (lena n-áirítear an leanbh le riachtanais speisialta) i nithe, timpeall uirthi/air agus in idirghníomhaíochtaí sóisialta le daoine eile?
12 - 36 mí
5.1.5Mar an gcéanna le 5.1.2 - 5.1.4
Cén chaoi a dtugann na gnáthaimh ó lá go lá deiseanna do gach leanbh idirghníomhú le leanbh eile nó le grúpa beag leanaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na socruithe atá i bhfeidhm chun a chur ar chumas leanaí meascadh le leanaí eile ar chomhaois leo?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
12 - 36 mí
5.1.8Mar an gcéanna le 5.1.5 - 5.1.7
Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas an linbh cumas agus toilteanas labhairt agus comhoibriú le daoine eile a fhorbairt?
Comhpháirt 5.2 - Faigheann gach páiste tacaíocht chuí chun a chur ar a c(h)umas idirghníomhú go dearfach le páistí eile.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.2.1Cén ról atá agat maidir le tacú leis an leanbh idirghníomhú le leanaí eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén comhoibriú idir leanbh agus leanbh nó leanaí eile atá feicthe agat?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Breith - 18 mí
5.2.3Cé na socruithe atá i bhfeidhm agat don leanbh chun teagmháil a bheith acu le leanaí eile, go sábháilte, i do choimhdeachta? Féach 9.6
12 - 36 mí
5.2.4Mar an gcéanna le 5.2.3
Cé na straitéisí atá i bhfeidhm chun coimhlintí idir leanaí a bhainistiú?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
2 1/2 - 6 bliana
5.2.6Mar an gcéanna le 5.2.4 - 5.2.5
Cén chaoi a spreagfaidh tú an leanbh a bhíonn i gcónaí ag spraoi aisti/as féin idirghníomhú le leanaí eile?
Nuair a bhaineann, cén chaoi a n-éascaítear leanaí chun oibriú le chéile i ngrúpaí beaga?
Comhpháirt 5.3 - Úsáideann an duine fásta gach gné de ghnáthaimh an lae (gnáthaimh fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon) chun idirghníomhú go tuisceanach agus go measúil leis an páiste.
Deis Mhachnaimh - Birth - 18mí
5.3.1Cén idirghníomhú a bhíonn agat leis an leanbh i rith do ghnáthaimh laethúla?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na deiseanna eile a thapaíonn tú gach lá chun idirghníomhú le caint nó ar bhealach eile leis an leanbh?
Cén chaoi a léiríonn tú don leanbh gur maith leat an caidreamh léi/leis a fhorbairt trí spraoi idirghníomhach mothálach agus freagrach? Féach 6.6
Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbraitheann an páiste sábháilte i do theach? Féach 9.6
12 - 36 mí
5.3.5Mar an gcéanna le 5.3.1 - 5.3.4
Cé na deiseanna a bhíonn agat chun idirghníomhú go dearfach leis an leanbh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a n-úsáideann tú na deiseanna leanúnacha seo?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a léiríonn idirghníomhú neamhbhriathartha cairdeas agus tacaíocht?
2 1/2 - 6 bliana
5.3.9Mar an gcéanna le 5.3.5 - 5.3.8
Comhpháirt 5.4 - Bíonn stíl idirghníomhaithe an duine fhásta dírithe ar phróiseas seachas ar fhorthorthaí agus tá cothromaíocht sa stíl sin idir labhairt agus éisteacht. Tugtar rogha freagraí don pháiste, agus mealltar an páiste chun úsáid níos leithne a bhaint as an teanga. Leantar tuairimí agus suimeanna an pháiste, agus cuirtear dúshláin chuí roimh an bpáiste.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
5.4.1Cén chaoi a gcinntíonn tú go maireann d'idirghníomhú leis an leanbh ar feadh achar réasúnach ama?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Agus idirghníomhú ag imeacht píosa maith ama, céard a thairgeann an próiseas don leanbh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Má bhaineann, cén chaoi a n-athraíonn tú do stíl idirghníomhaíochta le go dtiocfadh siad le gníomhaíochtaí an linbh le riachtanais speisialta?
Cén chaoi a dtacaíonn do fhreagraí le leanbh ciall a fháil ar rudaí agus rudaí nua a fhoghlaim?
Breith - 18 mí
5.4.5Cén chaoi a léiríonn tú gnéithe na Comhpháirte seo i d'idirghníomhú agus caidreamh leis an leanbh?
Nuair a bhíonn 'comhrá' agat leis an leanbh, cén chaoi a bhforbraítear an caidreamh idir an t-éisteoir agus an cainteoir?
Cén chaoi a léiríonn do fhreagraí don leanbh athchasadh agus patrúin i gcomhrá daoine fásta?
12 - 36 mí
5.4.8Mar an gcéanna le 5.4.5 - 5.4.7
5.4.9Cén chaoi a n-úsáideann tú an méid atá foghlamtha ag an leanbh cheana chun tacú le 'ciall a bhaint as rudaí'?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Ag idirghníomhú le leanbh aonair nó le grúpa leanaí, céard iad na dúshláin a bhaineann lena chinntiú gurb í/é an leanbh is mó a bheidh ag caint?
Cén tionchar a bhíonn ag comhrá duine ar dhuine nó i ngrúpa beag ar an méid cainte a chaithfidh tusa a dhéanamh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Céard a thugann tú faoi deara agus tú ag éisteacht leis na leanaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhféadfá sampla a thabhairt d'idirghníomhú le leanbh inar lean tú sampla an linbh?
An bhféadfá sampla a thabhairt d'idirghníomhú a chur tusa tús leis?
Nuair a dhéanann tú athbhreithniú ar idirghníomhú a bhí agat le leanbh/grúpa leanaí, cé na hathruithe, más ann, a dhéanfá ar do stíl?
2 1/2 - 6 bliana
5.4.16Mar an gcéanna le 5.4.8 - 5.4.15
I do chuid idirghníomhaíochta leis an leanbh, cé na tréithe den phróiseas a gcuireann tú béim orthu?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén cuspóir a bhíonn agat agus tú ag tabhairt freagra ar an leanbh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
I gcomhthéacs an dá chomhartha roimhe seo, cad iad na dúshláin a bhaineann le hidirghníomhú sa bhealach seo le leanbh nó grúpa leanaí?
Má tá dúshláin aitheanta, cé na straitéisí atá forbartha chun na dúshláin seo a chomhlíonadh?
Comhpháirt 5.5 - Bíonn idirghníomhaithe na ndaoine fásta atá laistigh den suíomh, nó a bhfuil baint acu leis an suíomh, ina sampla measa, tacaíochta agus chomhpháirtíochta don pháiste.
Deis Mhachnaimh
5.5.1Cén chaoi a léiríonn d'idirghníomhú le tuismitheoirí meas agus comhpháirtíocht? Féach 3.3 Féach 11.5
Ag breathnú go ginearálta ar fhoirne, cé na gnéithe dearfacha a bhaineann leis an gcaoi a oibríonn daoine i bhfoireann (m. sh., tuismitheoirí, altra sláinte poiblí, &rl.) le chéile? Féach 10.5
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén tionchar a bhíonn ag an idirghníomhú idir daoine fásta i do theach ar fhoghlaim agus forbairt an linbh?
An bhfuil deiseanna don leanbh/leanaí daoine fásta a fheiceáil i mbun idirghníomhaíocht dhearfach?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 5.6 - Tá beartas soiléir scríofa agus nósanna imeachta dá réir ann atá ina mbunús ag an gcleachtas idirghníomhaithe sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
5.6.1Céard a deir an polasaí faoi idirghníomhú idir leanaí agus daoine fásta?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén pháirt atá ag leanaí i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an bheartais ar iompar dearfach? Féach 4.1
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na nósanna imeachta atá curtha i bhfeidhm agat chun déileáil le hiompar do-ghlactha ón leanbh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na nósanna imeachta atá curtha i bhfeidhm agat chun déileáil le bulaíocht? Féach 14.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a gcuireann an polasaí síos ar idirghníomhú idir tú féin agus leanaí?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agat chun a chinntiú go bhfuil tú in ann idirghníomhú le leanaí de réir an bheartais?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén chaoi a léiríonn cleachtas i do shuíomh an polasaí agus cén chaoi a gcuireann sé nósanna imeachta i bhfeidhm?