Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 10: Eagrú

Má táthar chun acmhainní a eagrú agus a bhainistiú go héifeachtach, tá gá le comhaontú scríofa maidir le fealsúnacht agus, mar thaca leis sin, polasaithe agus nósanna imeachta, a chuirtear in iúl go soiléir, chun cleachtas a threorú agus a mhúnlú.

Comhpháirt 10.1 | Comhpháirt 10.2 | Comhpháirt 10.3 | Comhpháirt 10.4 | Comhpháirt 10.5 | Comhpháirt 10.6 | Comhpháirt 10.7

Comhpháirt 10.1 - Tá ráiteas nó sraith ráiteas cuimsitheach leagtha amach ag an suíomh a dhéanann cur síos go soiléir ar an bhfís, ar na luachanna agus ar na prionsabail atá ina mbunús don tseirbhís, agus ina n-inspioráid do gach gné dá cleachtas.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

10.1.1

Céard iad na gnéithe riachtanacha a chaithfear a áireamh i ráiteas fealsúnachta don suíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dearcadh leanaí agus forbairt leanaí a thugann treoir don chleachtas Féach 7.1
  • Na luachanna a bhíonn ag daoine fásta ag obair le leanaí Féach 11.2
  • An chaoi a sainmhíníonn tú an tseirbhís a chuireann tú ar fáil do leanaí agus dá dteaghlaigh
  • Cén peirspictíocht atá agat ar ról tuismitheoirí agus teaghlaigh i seachadadh na seirbhísí? Féach 3.2 / 3.3
  • Torthaí ar pháirtíocht leanaí agus a dteaghlaigh i do sheirbhís

Comhpháirt 10.2 - Tá réimse polasaithe agus nósanna imeachta taifeadta go soiléir ag an suíomh a chuimsíonn gach gné de chleachtas sa suíomh. Forbraítear iad seo agus cuirtear in iúl go cuí iad do na páirtithe leasmhara go léir.

Deis Mhachnaimh

10.2.1

Cé na polasaithe agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm i do shuíomh?


10.2.2

Cén chaoi a bhfaigheann tú tuairimí agus ionchur ó gach páirtí leasmhar cuí i bhforbairt polasaí agus nósanna imeachta? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ionchur a iarraidh ar do bheartas agus nósanna imeachta a scríobh/ullmhú
  • Páirtithe leasmhara bainteacha
  • Na tuairimí seo a bhailiú agus a chur sna cáipéisí polasaí
  • Comhaontú a fháil ar an ábhar

10.2.3

Cén tionchar a bhíonn ag do cháipéisí ar an gcleachtas i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eolas ag gach duine fásta i do shuíomh ar na cáipéisí seo
  • Iad a úsáid mar bhunús le gnáthaimh laethúla an tsuímh
  • Athbhreithniú rialta chun a chinntiú go mbeidh siad oiriúnach sa chleachtas Féach 8.4

Comhpháirt 10.3 - Láimhseáltar acmhainní airgeadais taobh istigh den suíomh go hábalta, éifeachtach agus ar chuma a dhéanann cinnte de go mbíonn an tseirbhís inmharthana.

Deis Mhachnaimh

10.3.1

Cé na córais atá i bhfeidhm agat chun a chinntiú go bhfuil taifid airgeadais cruinn agus coinnithe go maith?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leabharchoimeád, ioncam agus caiteachas agus admhálacha
  • Cáin, tuairisceáin ioncaim
  • Cuntais bhliantúla

10.3.2

Cé na próisis a úsáideann tú chun cúrsaí airgeadais do shuímh a athbhreithniú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Buiséid a ullmhú
  • Costais sa bhuiséad a réiteach go seachtainiúil, gach ráithe, gach bliain
  • Próisis chun buiséid a athbhreithniú nó a leasú

10.3.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach agus scileanna agat chun a chinntiú go mbeidh do shuíomh inmharthana ó thaobh airgeadais i gcónaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Do scileanna bainistíocht airgeadais
  • Comhairle agus tacaíocht ghairmiúil a fháil (m. sh. cuntasóir, iniúchóir)
  • Deiseanna chun maoiniú, cúnamh deontais agus fordheontais a rochtain

Comhpháirt 10.4 - All adults working in the setting are valued, supported and encouraged in their individual roles and responsibilities.

Deis Mhachnaimh

10.4.1

Cé na próisis atá i bhfeidhm chun a chinntiú gur bhreathnaigh tú i ndiaidh do riachtanais agus cearta féin mar fhostaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Clárú féinfhostaithe, uaireanta oibre, saoire, tuarastal, íocaíochtaí RSI

10.4.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbeidh aon duine fásta eile a d'fhéadfadh cabhrú leat i do sheirbhís go hiomlán ar an eolas maidir lena rólanna agus freagrachtaí i do theach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Páirtíocht daltaí agus próisis mhaoirseachta
  • Ról agus maoirsiú oibrithe deonacha (m. sh. tuismitheoirí)

10.4.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfaigheann tú an tacaíocht chuí agus spreagadh don ról éilitheach atá agat?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Duine a fháil a bheadh toilteanach chun gníomhú mar mheantóir
  • Deiseanna a fháil chun smaointe, tuairimí agus faisnéis a roinnt trí ghrúpaí tacaíochta, eagraíocht ballraíochta gairmiúla, freastal ar cheardlanna, comhdhálacha, taispeántais, &rl.

10.4.4

An mbaineann tú tairbhe as deiseanna bheith páirteach in oideachas, oiliúint agus forbairt leanúnach gairmiúil? Féach 11.4


Comhpháirt 10.5 - Is léir go bhfuil spiorad an mheithil go láidir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

10.5.1

Cén chaoi a gcruthaíonn tú cultúr d'obair foirne i do shuíomh? (m. sh., le tuismitheoirí, leanaí, do theaghlach féin, daoine gairmiúla eile)


10.5.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbíonn siad siúd a idirghníomhaíonn go rialta le do sheirbhís páirteach san fhoireann?


10.5.3

Cén chaoi a roinneann tú faisnéis mar thacaíocht don fhoireann?


10.5.4

An léiríonn idirghníomhú duine fásta/duine fásta tacaíocht agus muinín ón dá thaobh? Féach 5.5


10.5.5

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbíonn meas ar rúndacht i measc daoine fásta i do sheirbhís? Féach 12.3


Comhpháirt 10.6 - Coinníonn an suíomh taifid chruinne riaracháin atá ábhartha chomh maith le caighdeáin chuí rúndachta a chaomhnú ag an am céanna.

Féach 12.3

Deis Mhachnaimh

10.6.1

Cén sórt taifead a choinníonn tú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leanaí, tinreamh, timpistí/eachtraí, coir leighis, riarachán, cead tuismitheora do thurais agus grianghraif, gnáthaimh ghlantacháin, druileanna dóiteáin
  • Rúndacht a chinntiú maidir le taifid atá mothálach nó a thagraíonn do shonraí pearsanta leanaí, teaghlach agus foirne
  • Taifid a stóráil
  • Rochtain ar thaifid Féach 15.1
  • Taifid a roinnt Féach 12.2
  • Cruinneas na dtaifead
  • Freagracht as taifid a choinneáil
  • Athbhreithniú rialta ar thaifid

Comhpháirt 10.7 - Tá struchtúir bhainistíochta agus próisis oibrithe ag an suíomh atá doiciméadaithe go soiléir, forbartha go maith agus ag feidhmiú go maith i dtreo is go gcuirtear fealsúnacht an tsuímh i bhfeidhm ar mhaithe le páistí, teaghlaigh agus lucht foirne.

Deis Mhachnaimh

10.7.1

An bhfuil struchtúir agus próisis i bhfeidhm agat a chabhraíonn leat do sheirbhís a bhainistiú go héifeachtach?


10.7.2

Cé na próisis atá i bhfeidhm chun tacú le pleanáil straitéiseach mheántéarmach agus fhadtéarmach chun do shuíomh a fhorbairt?