An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn chuile dhuine rannpháirteach i gcinneadh a ghlacadh, tá gá le comhairliúchán a chuireann rannpháirtíocht chun cinn, a lorgaíonn dearcaidh agus tuairimí páistí, tuismitheoirí, lucht foirne, agus páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí, a éisteann leo agus a ghníomhaíonn dá réir.
Comhpháirt 4.1 - Lorgaíonn foireann an tsuímh cabhair agus comhairle ó raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.1.1Cén chaoi a spreagann tú comhchomhairle le daoine fásta eile, tuismitheoirí, leanaí agus páirtithe leasmhara cuí eile?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén plean atá forbartha chun a chinntiú go spreagtar tuairimí agus go ndéantar iad a thaifeadadh? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na straitéisí a úsáideann daoine fásta chun cumas leanaí a spreagadh chun a ndearcaí agus a dtuairimí a roinnt ar shaincheisteanna maidir lena n-eispéiris laethúla? Féach 5.4
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na deiseanna atá ar fáil do leanaí chun pleananna a dhéanamh agus iad a insint duit? Féach 7.3
Cén chaoi a léiríonn tusa/do shuíomh meas ar spriocanna na dtuismitheoirí dá leanaí? Féach 3.3
Cén chaoi a ndéantar ionchur leanaí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus páirtithe leasmhara cuí eile a thaifeadadh do na próisis chinnteoireachta?
Cén chaoi a dtugann tú aiseolas do na rannpháirtithe?
Comhpháirt 4.2 - Cuireann foireann an tsuímh i bhfeidhm, de réir mar is cuí, comhairle an raon leathan páirtithe leasmhara maidir le próisis déanta cinnidh agus straitéisí ar mhaithe le forbairt agus soláthar na seirbhíse.
Deis Mhachnaimh
4.2.1Cén chaoi a ndéantar tuairimí páirtithe leasmhara a bhailítear trí chomhchomhairle a úsáid chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar gach gné de do chleachtas?
Cén chaoi a gcoinníonn tú taifead ar do pholasaithe agus nósanna imeachta?
Cén chaoi a gcinntíonn tú go gcuirtear na polasaithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm agus go ndéantar athbhreithniú orthu go rialta? Féach 8.1
Cén chaoi a roinneann tú na polasaithe agus nósanna imeachta le tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile agus, nuair is cuí, na leanaí sa suíomh?