Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 9: Sláinte agus Leas

Chun sláinte agus leas an pháiste a chur chun cinn, is gá í/é a shábháil ó dhochar, bia cothaitheach a sholáthar di/dó, deis a thabhairt di/dó a scíth a ligean mar is cuí, agus caidreamh muiníneach, measúil a dhéanamh léi/leis.

Comhpháirt 9.1 | Comhpháirt 9.2 | Comhpháirt 9.3 | Comhpháirt 9.4 | Comhpháirt 9.5 | Comhpháirt 9.6 | Comhpháirt 9.7

Comhpháirt 9.1 - Tá réimse iomlán beartas agus nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an suíomh chun scaipeadh tinneas galraithe a chosc, chun contúirtí agus strus timpeallachta a sheachaint, agus chun déileáil go héifeachtach le cásanna leighis a

Féach 2.4

Deis Mhachnaimh

9.1.1

Cén chaoi a ndéileálann tú le galair ionfhabhtaíocha, tinnis agus cásanna éigeandála leighis i do theach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe agus Nósanna Imeachta
  • Tuismitheoirí agus teaghlaigh a chur ar an eolas
  • Daoine fásta cuí eile a chur ar an eolas (m. sh., oibrithe deonacha, mic léinn, pearsanra leighis, &rl.)
  • Imeallú/eisiamh/maoirsiú
  • Áit chiúin chompordach a sholáthar

9.1.2

Cé na nósanna imeachta atá ann chun freagra a thabhairt ar chásanna éigeandála leighis?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Líon oiriúnach daoine fásta i do shuíomh cáilithe chun garchabhair a thabhairt
  • Líon cuí boscaí garchabhrach lán ar fáil go héasca
  • Daoine fásta curtha ar an eolas faoi stóráil agus riaradh cuí an leighis
  • Socrú le dochtúir nó duine gairmiúil leighis eile chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don suíomh
  • Cumarsáid le tuismitheoirí i gcás tinnis nó cás éigeandála leighis (m. sh., mionsonraí teagmhála nuashonraithe agus inrochtana, iad a chur ar an eolas maidir tinnis ionfhabhtacha, ag cur comhairle orthu maidir le modhanna cuí réamhchúraim, &rl.)

Comhpháirt 9.2 - Déanann an suíomh a dhícheall, trí réimse polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a chur i bhfeidhm, sláinte gach páiste agus duine fásta a chur chun cinn.

Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

9.2.1

Cé na straitéisí atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil gach duine i do shuíomh go hiomlán ar an eolas maidir le gach gné de chur chun cinn na sláinte? Féach 11.1/11.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bileoga eolais a chur ar fáil ar vacsaíniú, sláinteachas béil, ionfhabhtú a chosc &rl.
  • Fáilte a chur roimh theagmháil rialta leis an altra sláinte poiblí agus gairmithe sláinte ábhartha eile
  • Cothú sláinte a chur isteach sa churaclam nó i gclár gníomhaíochtaí na leanaí
  • Oiliúint maidir le cosaint leanaí, bia a láimhseáil, &rl.

9.2.2

Cén chaoi a dtacaítear le leanaí gnáthaimh shláinteachais phearsanta a fhorbairt? Féach 7.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gnáthaimh a thosú maidir le lámha a ní, fiacla a ní, níochán i ndiaidh an leithreas a úsáid, srón a shéideadh, fáil réidh le dramhaíl, &rl.
  • Scileanna féinbhainisteoireachta a fhorbairt tríd an gcuraclam/clár (m. sh. sipeanna a oscailt/a dhúnadh, an áit a ghlanadh &rl.)
  • Dea-chleachtas a láidriú maidir leis an timpeallacht a choinneáil glan agus sábháilte (m. sh. aon cheo a dhoirtear a thriomú, bróga a thriomú, bróga a chaitheamh taobh istigh, &rl.)

9.2.3

Cén chaoi a gcuireann daoine fásta i do theach go dearfach le sláinte leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Eisimláiriú a dhéanamh ar shláinteachas maith
  • Éadaí oiriúnacha lasmuigh, grianscagaire a úsáid
  • Gan a bheith ag caitheamh tabac
  • A bheith airdeallach agus freagrach maidir le riachtanais sláinteachais phearsanta leanaí (m. sh., athrú clúidíní, an leithreas a úsáid, &rl.)
  • Strus agus imní leanaí a laghdú tríd a bheith ciúin i gcónaí Féach 5.5
  • A bheith freagrach agus mothálach maidir le gá leanaí le hathdheimhniú agus sólás a fháil

Comhpháirt 9.3 - Tá treoirlínte Children First agus Our Duty to Care curtha i bhfeidhm ag an suíomh maidir le cosaint páistí.

Deis Mhachnaimh

9.3.1

An bhfuil tú eolach go hiomlán ar dhea-chleachtas treoirlínte i ndáil le cosaint leanaí? Féach 11.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An fhaisnéis chuí a chur ar fáil agus a bheith inrochtana do dhaoine fásta eile atá bainteach le do sheirbhís
  • Úsáid a bhaint as deiseanna oiliúna chun tacú le do pháirt i bpolasaithe agus nósanna imeachta ar bhealach dearfach
  • A chinntiú go n-insítear an fhaisnéis is deireanaí go soiléir do gach duine fásta, mar is cuí
  • An chaoi a dtacaíonn oiliúint inseirbhíse le do bhainteacht le polasaithe agus nósanna imeachta cosanta leanaí

9.3.2

Cé na próisis atá i bhfeidhm i do shuíomh chun a chinntiú go gcaitear le leanaí ar bhealach a léiríonn meas agus urraim, go háirithe maidir le cúram pearsanta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacú le leanaí tuairim a bheith acu sa chinnteoireacht
  • A chinntiú go mbíonn meas ar chearta leanaí príobháideacht a bheith acu
  • A chinntiú go gcoinníonn próisis bhainistithe iompar meas ar dhinit agus chearta leanaí Féach 1.3 Féach 5.6
  • A chinntiú go ndéileáiltear i gceart le gach gearán
  • A chinntiú go bhfuil leanaí in ann muinín a bheith acu as daoine fásta ag obair i do shuíomh agus a bheith in ann labhairt leo faoi rudaí
  • A chinntiú nach mbíonn daoine fásta riamh leo féin le leanbh amháin
  • Tacú le tuiscint leanaí ar a ról féin maidir le cearta daoine eile Féach 14.3

9.3.3

Cé na nósanna imeachta atá agat chun déileáil le míúsáid nó amhras faoi mhí-úsáid leanaí i do shuíomh nó in áit éigin eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Duine ainmnithe chun a bheith freagrach as cosaint leanaí
  • Deis don duine sin scileanna agus eolas riachtanach a fháil don ról seo
  • Aitheantas agus freagairt ar mhí-úsáid
  • Mí-úsáid amhrasach a thuairisciú
  • Tacú leis an leanbh mí-iompar a thuairisciú
  • Tacaíocht a thabhairt don leanbh nuair a aithnítear míúsáid
  • Dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí eile, daoine a d'fhéadfadh cúnamh a thabhairt agus/nó tacú leat chun déileáil leis an gceist seo

Comhpháirt 9.4 - Tá an suíomh réamhghníomhach maidir le nósanna sláintiúla ite a bhunú i measc na bpáistí agus cabhrú leo ag an am céanna taitneamh agus sásamh a bhaint as bheith ag ithe mar eispéireas dearfach sóisialta.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

9.4.1

Cén chaoi a gcuireann tú le nósanna sláintiúla ithe a chur chun cinn i leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leanaí a chur ar an eolas faoi bhia sláintiúil
  • Tuismitheoirí agus teaghlaigh a chur ar an eolas maidir le bia sláintiúil
  • Foinsí faisnéise faoi ithe go sláintiúil ar fáil sa suíomh (m. sh. bileoga eolais/póstaeir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, An Bord Bia, cuideachtaí bia, ailt in irisleabhair &rl.)
  • Eispéireas a thabhairt do leanaí ar bhia éagsúil Féach 7.3
  • Leanaí a bheith páirteach sa díospóireacht faoi ithe sláintiúil
  • Tuismitheoirí agus teaghlaigh a spreagadh chun tacú le do bheartais maidir le hithe sláintiúil
  • Freagairt a thabhairt ar riachtanais leanaí áirithe ó thaobh aiste bia agus cothabháil
  • A chinntiú go bhfuil saor-rochtain i gcónaí ag gach leanbh ar uisce glan le hól

9.4.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú:

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Go mbíonn béile agus sneaiceanna ar fáil a fheileann do riachtanais an linbh?
  • Go roinntear bia de réir aois an linbh agus ar bhealach a thugann deis don leanbh cinneadh a dhéanamh de réir aoise?
  • Gach lá, go gcuirtear bia ó gach grúpa bia ar fáil?
  • Go n-athraítear saibhreas an bhia de réir aois an linbh?
  • Go mbíonn an bia a chuirtear ar fáil mealltach don leanbh?
  • Go mbíonn leanaí le riachtanais speisialta cothaithe, ailléirgí nó cosc ar bhia áirithe ar chúis ar bith, m. sh. nós creidimh curtha san áireamh?
  • Go mbíonn an cineál bia a chuirtear ar fáil comhaontaithe le tuismitheoirí?

9.4.3

Cén chaoi a mbíonn taitneamh/meas na leanaí ar ithe forbartha mar eispéireas dearfach sóisialta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Am scíthe agus sneaiceanna réchúiseacha gan deifir
  • Suí le leanaí ag am sneaiceanna chun rólchuspaí dearfacha a sholáthar
  • Deiseanna a thabhairt do leanaí a bheith freagrach as amanna scíthe/sneaiceanna a eagrú

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

9.4.4

Cén chaoi a bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha páistí i do theach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cén chaoi a ndéantar soláthar do bheathú cíche?
  • An mbíonn beathú páistí ag brath ar riachtanais chothabhála an duine agus sceidil nó ar róta?
  • An bhfuil dóthain spás stórála agus ullmhaithe buidéal?
  • An mbeirtear i gcónaí ar pháistí agus an mbíonn aird duine ar dhuine acu agus iad á mbeathú le buidéal?
  • Cé na próisis a bhíonn i bhfeidhm chun tacú le páistí a bhaint den bhainne?
  • Cén chaoi a spreagtar neamhspleáchas i mbeathú?
  • Cén chaoi a mbíonn cathaoireacha arda leagtha amach chun idirghníomhú sóisialta le daoine eile a éascú?

Deis Mhachnaimh - 12 mí - 36 mí

9.4.5

Mar an gcéanna le 9.4.4


Comhpháirt 9.5 - Tá iarrachtaí fónta déanta ag an suíomh gá na bpáistí le scíth, tréimhse chiúin agus príobháideachas a aithint agus a shásamh.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

9.5.1

Cén chaoi a gcuirtear spás ar fáil do chodladh, am ciúin agus scíthe anuas ar ghníomhaíochtaí eile i do theach?


9.5.2

Cén chaoi a gcuirtear solúbthacht san áireamh i ndeiseanna scíthe ó lá go lá do leanaí i do theach?


9.5.3

Cén chaoi a spreagann tú leanaí chun scíth a ligean nuair is gá?


9.5.4

Cén chaoi a dtacaíonn tú riachtanais leanaí ar am príobháideach astu féin?

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

9.5.5

An bhfuil tocht sábháilteachta ag gach páistí faoi 12 mhí sa chliabhán, agus línéadach in áit the, chiúin, dhorcha?


9.5.6

Cé na réamhchúraimí atá i bhfeidhm agat chun Bás Tobann Naíonán a chosc (SIDS)?


Comhpháirt 9.6 - Tá soláthar déanta ag an suíomh chun a chinntiú gur féidir le páistí caidrimh bhuan a bhunú agus a choinneáil ar bun le daoine fásta, lena ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha, le daoine ar chomhaois leo, agus le páistí eile.

Féach 5.1/5.2/5.3 Féach 13.1 Féach 14.2

Deis Mhachnaimh

9.6.1

Cén chaoi a dtacaítear le leanaí caidreamh a bheith acu i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacú le caidrimh nua leanaí
  • Tacú le caidreamh leanaí le tuismitheoirí agus teaghlaigh

Comhpháirt 9.7 - The setting ensures that all adults and children are prepared for emergency situations.

Deis Mhachnaimh

9.7.1

Cén chaoi a ndéanann do shuíomh soláthar chun déileáil le cásanna éigeandála ina dteastaíonn díshealbhú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe agus Nósanna Imeachta Féach 10.2
  • Cumarsáid shoiléir le gach leanbh agus duine fásta cuí
  • Na leanaí agus daoine fásta i do shuíomh a ullmhú chun freagra a thabhairt ar chásanna éigeandála ar bhealach réidh, gan strus (m. sh., druil rialta dóiteáin, cleachtadh ar bhealaí éalaithe, cloigíní aláraim, &rl.)
  • Cúnamh seachtrach a fháil i gcás éigeandála