Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 3: Tuismitheoirí agus Teaghlaigh

Chun meas a léiriú ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh agus chun ról a thabhairt dóibh, is cóir go mbeadh cur chuige gníomhach comhpháirtíochta ann agus, mar fhianaise air sin, go mbeadh raon próiseas, polasaithe agus nósanna imeachta ann atá fógartha go soiléir agus fáil orthu go héasca, agus atá curtha i bhfeidhm.

Comhpháirt 3.1 | Comhpháirt 3.2 | Comhpháirt 3.3 | Comhpháirt 3.4

Comhpháirt 3.1 - Tá deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla cumarsáide ag an bhfoireann agus ag tuismitheoirí sa chaoi gur féidir leo eolas a roinnt faoin bpáiste.

Deis Mhachnaimh

3.1.1

Cén sórt socruithe atá i bhfeidhm chun cruinnithe rialta a éasca idir tú féin agus na tuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cruinnithe eagraithe do thuismitheoirí
  • Beirt tuismitheoirí (nuair is cuí)
  • Cruinnithe rialta
  • Freagra ar iarratais ó thuismitheoirí ar chruinnithe
  • Spás do chruinnithe

3.1.2

Cén chaoi a ndáileann tú faisnéis ar thuismitheoirí? Féach 12.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cláir Fógraí
  • Sceidil
  • Grianghraif/imeachtaí agus gníomhaíochtaí leanaí
  • Cumarsáid ó bhéal
  • Nuachtlitir
  • Ríomhphost
  • Teachtaireachtaí téacs

3.1.3

Cén sórt deiseanna atá ar fáil do chomhráite rialta neamhfhoirmiúla le tuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna a chruthú d'idirghníomhaíocht neamhfhoirmiúil le tuismitheoirí
  • Fáilte a chur roimh tuismitheoirí i do theach Féach 14.2

3.1.4

Cén chaoi a dtacaíonn na deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla cumarsáide le tuismitheoirí le foghlaim agus forbairt an linbh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rochtain a fháil ar eolas na dtuismitheoirí ar fhorbairt agus foghlaim a leanaí
  • Eolas a thabhairt do thuismitheoirí ar fhoghlaim agus forbairt a leanaí
  • Eolas na dtuismitheoirí a úsáid sa phleanáil/measúnú ar fhoghlaim na leanaí
  • Tacú le tuismitheoirí tuiscint a fháil ar fhoghlaim agus forbairt na leanaí

Comhpháirt 3.2 - Tá éagsúlacht deiseanna do thuismitheoirí baint a bheith acu le gníomhaíochtaí laistigh de na timpeallachtaí, ag cur raon suimeanna na dtuismitheoirí san áireamh chomh maith leis na hiallacha ama a bhíonn orthu.

Deis Mhachnaimh

3.2.1

Cén chaoi a dtacaítear le páirt na dtuismitheoirí i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna do thuismitheoirí a scileanna agus a nacmhainní a roinnt Féach 16.4
  • Cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí páirt a ghlacadh de réir a suimeanna, a gcumas agus a gcultúr Féach 14.2
  • A bheith réamhghníomhach maidir le páirt na dtuismitheoirí a spreagadh

Comhpháirt 3.3 - Bíonn an foireann freagrúil, tuisceanach i soláthar eolais agus tacaíochta do thuismitheoirí sa ról bunúsach atá acu i bhfoghlaim agus i bhforbairt an pháiste.

Féach 12.2

Deis Mhachnaimh

3.3.1

Cén chaoi a dtugann tú faisnéis do thuismitheoirí? Féach 16.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Réimse faisnéise
  • Athbhreithniú rialta ar an bhfaisnéis ar fáil do thuismitheoirí
  • Freagra ar iarratais áirithe ar fhaisnéis
  • Tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir lena ról tábhachtach
  • Tacú le tuismitheoirí an fhaisnéis seo a úsáid sa bhaile

Comhpháirt 3.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe agus ar na gnásanna go léir a bhaineann le páirtíocht na dtuismitheoirí, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Féach 10.2 Féach 14.1

Deis Mhachnaimh

3.4.1

Cén chaoi a n-úsáideann do shuíomh polasaithe agus nósanna imeachta chun tacú le páirt na dtuismitheoirí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cur chun cinn dearfach ról na dtuismitheoirí
  • Tuismitheoirí páirteach i mbainistiú do shuímh
  • A chinntiú go léann agus go dtuigeann na tuismitheoirí na polasaithe agus nósanna imeachta
  • Tuismitheoirí páirteach sna polasaithe don suíomh Féach 4.1
  • Próisis d'athbhreithniú rialta agus nuashonrú ar pholasaithe
  • An polasaí a chur i bhfeidhm Féach 4.2
  • Doicéiméadú na nósanna imeachta
  • A chinntiú go dtuigeann agus go leanann gach duine na nósanna imeachta sin