Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 2: Timpeallachtaí

Timpeallachtaí saibhre, lasmuigh agus laistigh (idir ábhair agus trealamh), bíonn siad dea-choimeádta, sábháilte, solúbtha agus oiriúnach ó thaobh forbartha de. Bíonn siad ar fáil don pháiste agus éasca le teacht orthu. Tairgeann siad réimse éagsúil eispéireas dúshlánach, spreagúil don pháiste.

Comhpháirt 2.1 | Comhpháirt 2.2 | Comhpháirt 2.3 | Comhpháirt 2.4 | Comhpháirt 2.5 | Comhpháirt 2.6 | Comhpháirt 2.7 | Comhpháirt 2.8


Comhpháirt 2.1 - Tá an timpeallacht laistigh agus lasmuigh pleanáilte go maith agus leagtha amach chun freastal ar riachtanais na bpáistí agus na ndaoine fásta go léir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

2.1.1

Cén chaoi a bhfuil an timpeallacht laistigh leagtha amach agat chun riachtanais na leanaí agus na ndaoine fásta i do theach a chomhlíonadh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Sábháilteacht
  • PríobháideachtFéach 9.5
  • Riachtanais maidir le cúram pearsanta
  • Áiseanna codlata agus scíthe
  • Teas/solas/maisiúchán
  • Spás foghlama
  • Gluaiseacht a éascú

2.1.2

An bhfuil spás tugtha agat do nithe gach linbh? Féach 1.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Málaí éadaí
  • Bugaithe
  • Earraí maisíochta
  • Crúcaí do chótaí ag leibhéal an linbh
  • Comharthaí/pictiúir mar lipéid
  • Boscaí bosca/seilfeanna do nithe pearsanta

Breith -18 mí

2.1.3

Cé na háiseanna atá ar fáil chun clúidíní a athrú?


2.1.4

Cé na háiseanna atá ar fáil chun páistí beaga a bheathú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Príobháideachas do mháithreacha ag cothú leis an gcíoch

12 - 36 mí

2.1.5

Mar an gcéanna le 2.1.3 - 2.1.4


2.1.6

Cén chaoi a bhfuil an spás laistigh agus lasmuigh deartha do leanaí aonair agus do ghrúpaí?


2.1.7

Cén chaoi a dtugann an timpeallacht laistigh deis do leanaí gluaiseacht?

21/2 - 6 bliana

2.1.8

Mar an gcéanna le 2.1.6 - 2.1.7


Comhpháirt 2.2 - Tá an timpeallacht (trealamh agus ábhair san áireamh) oiriúnach agus inrochtana do na páistí agus do na daoine fásta go léir sa suíomh.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

2.2.1

Cén chaoi a ngluaiseann leanaí ó áit go háit, agus seomraí na dteaghlach agus na nithe pearsanta a choinneáil príobháideach ag an am céanna?


2.2.2

Más gá, cén chaoi a gcinntíonn tú go mbeidh an suíomh (laistigh agus lasmuigh) inrochtana do gach leanbh agus duine fásta le riachtanais speisialta? Féach 14.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rampaí
  • Doirse leathana
  • Ráille láimhe
  • Áiseanna chun leanaí a athrú
  • Áiteanna stórála inrochtana
  • Páirceáil
  • Spásanna spraoi laistigh/lasmuigh

2.2.3

Cén chaoi a bhfuil an leithreas/áiseanna athraithe inrochtana do gach leanbh agus duine fásta sa teach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leithris oiriúnacha do leanaí
  • Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas
  • Áiseanna chun leanaí faoi mhíchumas a athrú
  • Soláthar do na seomraí folctha (m. sh., páipéar, boscaí bruscair, dáileoirí gallúnaigh, stóras do earraí maisíochta, &rl.)
  • Ballaí agus urláir éasca le ní
  • Spás agus príobháideachas

2.2.4

An bhféadfá sampla a thabhairt don chaoi a bhfuil an timpeallacht oiriúnach do riachtanais na leanaí ar chumas éagsúil agus le cúlraí éagsúla? Féach 14.2 / 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna a thabhairt do gach leanbh a bheith lasmuigh
  • Critéir agus ábhar agus trealamh á gceannach chun a chinntiú go mbeidh siad in oiriúint agus inrochtana do gach leanbh
  • A chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar ábhar nádúrtha agus déanta sa bhaile (m. sh., boscaí cairtchláir, cóin, duilleoga, taos déanta sa bhaile, &rl.)

12 - 36 mí

2.2.5

Cén chaoi a gcinntíonn tú go n-úsáideann leanaí an trealamh agus ábhar go neamhspleách? Féach 6.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Stóras ar sheilfeanna ísle
  • Seilfeanna oscailte
  • Lipéadú (m. sh., pictiúir, comharthaí, &rl.)

2 and a half - 6 bliana

2.2.6

Mar an gcéanna le 2.2.5


Comhpháirt 2.3 - Tá an comhshaol laistigh agus lasmuigh coinnithe i ndeis mhaith agus cuireann sé timpeallacht chompordach, shuáilceach ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta.

Deis Mhachnaimh

2.3.1

Cén chaoi a gcoinnítear an timpeallacht compordach agus sásúil?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Timpeallacht gheal, fháiltiúil do leanaí agus do thuismitheoirí
  • Soilse oiriúnach do réimse gníomhaíochtaí
  • Soláthar aeir, go háirithe in áiteanna sláintíocha
  • Áit oiriúnach suí do dhaoine fásta páirteach i réimse gníomhaíochtaí le leanaí (m. sh., beathú ó bhuidéal, roinnt leabhar, &rl.)
  • Teas smachtaithe chun a chinntiú go gcoinnítear an teas ceart
  • Spás laistigh agus lasmuigh coimeádta i gceart
  • Athbhreithniú rialta ar an timpeallacht

2.3.2

Cén chaoi a n-eagraítear glanadh an tí? Féach 9.1 / 9.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nítear éadaí stáitse go rialta
  • Gaineamh nite agus athnuaite go rialta
  • Fógraí maidir le lámha a ní crochta sna leithris agus san áit chun clúidíní a athrú
  • Gnáthaimh maidir le sláinteachas pearsanta i bhfeidhm do gach leanbh
  • Rialú lotnaidí
  • Diúscairt dramhaíola
  • Neachtlann

Comhpháirt 2.4 - Cuireann an timpeallacht le sábháilteacht na bpáistí agus na ndaoine fásta, laistigh agus lasmuigh.

Féach 9.1

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

2.4.1

Cé na nósanna/gnáthaimh atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil an áit spraoi laistigh agus lasmuigh nite go rialta?


2.4.2

Cén chaoi a mbíonn an áit lasmuigh coinnithe sábháilte agus glan chun go mbeidh leanaí in ann spraoi ann?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Clúdach (m. sh., lochán, díog, deis, &rl.)
  • Fál
  • Geata nach mbeadh leanaí in ann a oscailt
  • Fál ar an imeall
  • Glas ar gheataí

2.4.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbeidh do theach sábháilte ó thaobh sláinte de?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhar glantacháin/ceimicí/nimh a stóráil
  • Ábhar dramhaíola a stóráil
  • Cóir leighis a stóráil

2.4.4

Cén chaoi a bhfuil an timpeallacht/trealamh laistigh deartha sa dóigh nach mbeidh timpistí ag leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gan coirnéil ghéire ar throscán nó feistis
  • Téiteoirí clúdaithe ar leanaí sa chaoi nach ndófar iad
  • Teocht an uisce sna seomraí folctha coinnithe ag teochtoiriúnach (faoi 40° Celsius)
  • Pasáistí gan aon bhacainn
  • Soicéad leictreach as an mbealach/clúdaithe
  • Urláir clúdaithe i gceart
  • Geata ar an staighre nuair is gá
  • Gan aon seans ann go dtachtfar duine
  • Cosaint méaracha ar dhoirse agus cófraí
  • Urlár nach bhfuil sleamhain
  • Cosaint ar fhuinneoga agus doirse
  • Gloine shábháilte
  • Comharthaí oiriúnacha sábháilteachta
  • Fleisceanna sínteacha a choinneáil amach ó leanaí
  • Rópaí ó dhallóga agus cuirtíní a choinneáil amach ó leanaí
  • Trealamh briste a thógáil amach as an áit

2.4.5

An bhfuil gach bealach amach inrochtana agus ag feidhmiú i gceart i gcás éigeandála?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Áiseanna amhairc
  • Nósanna i gcás AslonnaitheFéach 9.7

2.4.6

An bhfuil an t-uisce sábháilte le hól?


2.4.7

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbíonn ábhar agus trealamh stóráilte go sábháilte?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spás stórála don trealamh laistigh
  • Spás stórála don trealamh lasmuigh
  • Áit shábháilte storála do thaifid na leanaíFéach 10.6 Féach 12.1
  • Cófra faoi ghlas d'ábhar contúirteach
  • Stóras sábháilte d'ábhar glantacháin
  • Seilfeanna sách ard
  • Seilfeanna troma i bhfostú i gceart leis an talamh/balla

2.4.8

An bhfuil bosca garchabhrach lán agat, atá éasca teacht air i do theach?


2.4.9

Cén córas atá i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil aláraim deataigh, múchtóirí dóiteáin, aláraim tine agus pluideanna tine ag feidhmiú i gceart agus ag fáil seirbhíse go rialta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cócaireacht shábháilte
  • Cosaint tine

Breith - 18 mí

2.4.10

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil áiteanna sábháilte ann do leanaí óga lasmuigh?

12 - 36 mí

2.4.11

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil áiteanna sábháilte ann do naíonáin bheaga lasmuigh?


Comhpháirt 2.5 - Cuireann an timpeallacht lasmuigh raon eispéireas atá dúshlánach, éagsúil, cruithaitheach, saibhir agus atá oiriúnach ó thaobh na forbartha de, ar fáil do gach páiste.

Féach 14.2

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

2.5.1

Cén chaoi a dtugann an teach deiseanna do leanaí taithí a fháil ar an timpeallacht lasmuigh? Féach 6.3 / 6.5 Féach 7.3 / 7.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spás lasmuigh a sholáthar
  • Rochtain rialta ar an spás seo
  • Neart deiseanna do leanaí a bheith lasmuigh
  • Dúshláin agus bacanna maidir le rochtain lasmuigh
  • Straitéisí chun na dúshláin seo a shárú
  • Úsáid den timpeallacht lasmuigh a spreagadh ar feadh na bliana
  • Réimse deiseanna lasmuigh
  • Deiseanna do dhúshláin agus 'riosca sábháilte'
  • An timpeallacht a eagrú chun go mbeidh radharc ar leanaí i gcónaí
  • Réimse dromchla chun taithí an linbh lasmuigh a fheabhsú
  • Deiseanna do leanaí cuairt a thabhairt ar thimpeallachtaí eile lasmuigh, seachas ag do theachsa (m. sh., páirceanna, clós spraoi, siopaí, &rl.) Féach 16.3
2.5.2

Cén chaoi a dtagann an réimse trealamh lasmuigh le riachtanais agus cumas an linbh atá ag forbairt?

Smaoinigh ar: (m. sh.)


Breith - 18 mí

2.5.3

Cén réimse taithí a thugann an trealamh lasmuigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spreagadh céadfach
  • Lámhacán
  • Dreapadóireacht

12 - 36 mí

2.5.4

Mar an gcéanna le 2.5.3


2.5.5

An bhfuil fáil ag gach leanbh ar leithreas agus iad lasmuigh?


2.5.6

Cén réimse taithí a thugann an trealamh lasmuigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cruthaíocht agus fadhbréiteach
  • Ag rith
  • Ag dreapadóireacht
  • Ag cothromú
  • Ag marcaíocht
  • Ag léim
  • Ag doirteadh
  • Ag luascadh
  • Spraoi drámatúil
  • Tógáil blocanna
  • Spraoi ionramhála
  • Ealaín
  • Ag lámhacán
  • Ag rith go sciobtha
  • Tochailt agus cur síolta
2.5.7

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil dóthain spáis ag an leanbh lasmuigh chun fiosracht a fhorbairt agus a bheith ina d(h)uine aonair nó ina ghrúpa? Féach 6.6

2 1/2 - 6 bliana

2.5.8

Mar an gcéanna le 2.5.5 - 2.5.7


Comhpháirt 2.6 - Cuireann an timpeallacht laistigh raon eispéireas ar fáil do gach páiste atá oiriúnach ó thaobh na forbartha de chomh maith le bheith dúshlánach, éagsúil, cruthaitheach, saibhir.

Féach 14.2

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

2.6.1

An bhfuil spás agat, ag airde oiriúnach do leanaí, chun a gcuid oibre a thaispeáint?


2.6.2

Cé na háiseanna atá ann chun obair na leanaí a stóráil go dtí go mbíonn sé críochnaithe agus réidh le tabhairt abhaile?


2.6.3

Cén chaoi a n-éascaíonn agus a dtugann an timpeallacht tacaíocht d'fhorbairt gníomhaíochta sóisialta? Féach 5.1


Breith - 18 mí

2.6.4

Cé na heispéiris éagsúla i do theach a thugtar don leanbh? Féach 6.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Urlár (m. sh., le cairpéad, dóthain stórais do threalamh [m. sh., mataí bóthair, carranna, carbháin, garáiste, linn liathróidí, trucailí, ainmhithe feirme, traenacha, bloic, &rl.])
  • Leabhair (m. sh., áit chiúin sa seomra, solas nádúrtha, suíocháin chompordacha, cairpéad, piliúir, aonaid taispeántais, puipéid chun scéalta a insint, leabhair mhóra ar fáil i dteangacha éagsúla, naisc chuig an leabharlann áitiúil, &rl.)
  • Spreagadh céadfach (m. sh., réimse leathan ionstraimí ceoil, a léiríonn réimse cultúr, trealamh [téipthaifeadáin, téipeanna], cineálacha éagsúla ceoil [claisiceach, ceoldráma, pop, traidisiúnta], scátháin ar an mballa, ciseán seodra, ábhar le boladh deas, stóras oiriúnach, ranna traidisiúnta do pháistí, &rl.)

12 - 36 mí

2.6.5

Cé na heispéiris éagsúla i do theach a thugtar don leanbh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • - 2.6.4
  • Uisce (m. sh., teocht oiriúnach, uirlisí agus trealamh uisce, naprúin, uisce a athrú gach lá, clúdach oiriúnach ar na hurláir, &rl.)
  • Gaineamh (m. sh., cineálacha éagsúla gainimh [gaineamh mín, gaineamh fliuch/tirim], ceapadáin, uirlisí agus trealamh gainimh, scuab agus bosca, naprúin agus caipíní, gaineamh nua go minic, &rl.)
  • Péint (m. sh., péinteáil gach lá, boird, cláir, scuaba, dathanna, páipéir [dath, cruth, tréithe, méid], trealamh grúpaí [rollóirí, spúinsí, péinteáil le méaracha], &rl.)
  • Colláis/ábhar ealaíne (m. sh., aonad storála, rogha leathan d'ábhair bailithe ag leanaí, siosúr, gliú, scuabanna, greamán, fáiscíní páipéir, &rl.)
  • Grafaic/scríbhneoireacht (m. sh., rogha páipéar, cailc, cailc ghualach, criáin, peann luaidhe, pinn, marcóirí, samplaí d'ábhar scríofa, boird agus cathaoireacha cuí, &rl.)
  • Taos spraoi (m. sh., éagsúlacht dathanna, trealamh agus uirlisí, naprúin, &rl.)
  • Bréagáin bharrbhoird (m. sh., áiseanna stórála ísle, réimse leathan trealaimh [míreanna mearaí, bréagáin, cruthanna], &rl.)
  • Rólghníomhaíocht (m. sh., gruagairí, oifig an phoist, Gardaí, múinteoir, altra, lucht dóiteáin, dochtúir, siopa, bialann, leabharlann, &rl.)
  • Téamaí/suimeanna speisialta eile (m. sh., marla, áit ríomhaireachta, nádúr, eolaíocht, adhmadóireacht, cócaireacht, &rl.)
  • Teach spraoi (potaí, éadaí, leabhair, irisí, babóga, &rl.)

2 1/2 - 6 bliana

2.6.7

Mar an gcéanna le 2.6.5


Comhpháirt 2.7 - Tá leordhóthain trealaimh agus ábhar sa suíomh (laistigh agus lasmuigh) le n-úsáid ag páistí ina n-aonar agus ina ngrúpaí.

Féach 6.4

Deis Mhachnaimh

2.7.1

Cén réimse trealamh agus ábhar atá ar fáil do leanaí i do theach chun tacú le foghlaim agus forbairt an linbh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhair chéadfacha (m. sh., gaineamh, uisce, marla, péint [neamhthocsacach], bloic, &rl.)
  • Gníomhaíochtaí fisiceacha (m. sh. siúl, dreapadóireacht, gluaiseacht, brú, tarraingt, &rl.)
  • Coimeádáin chun ábhar a bhailiú, a fholmhú agus a líonadh arís
  • Troscán (m. sh. boird, cathaoireacha, cliabháin, &rl.)
2.7.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go gcomhlíontar an trealamh agus na hábhair a theastaíonn ó riachtanais foghlama gach linbh? Féach 7.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dóthain trealaimh agus ábhar
  • Imscrúdú rialta agus leasaithe/athchóirithe nuair is gá
  • Trealamh agus ábhar ag tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim nó chlár na ngníomhaíochtaí
  • Trealamh agus ábhair do leanaí le riachtanais speisialta chun rochtain ar an gcuraclam agus ar chlár na ngníomhaíochtaí a chinntiú
  • Úsáid teilifíse/físeáin/DVD/ríomhairí chun suim a spreagadh, smaointe a fhorbairt agus foghlaim a leathnú
  • Éagsúlacht sa tsochaí níos leithne a léiriú i do theach Féach 14.2

2.7.3

Cén chaoi a n-úsáideann an trealamh agus ábhair na céadfaí éagsúla agus ina bhfuil táirgí nádúrtha agus lámhdhéanta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Comhdhéanamh crua agus bog
  • Ábhair le boladh agus blas
  • Ábhair déanta as adhmad, éadach, miotal, páipéar, leacht, &rl. Féach 6.5

Comhpháirt 2.8 - Déanann an timpeallacht foráil do bhainistíocht shábháilte chaitheamh bhia.

Deis Mhachnaimh

2.8.1

Cén chaoi a gcinntíonn tú dea-chleachtas sláinteachais i ngach áit a mbíonn bia stóráilte, ullmhaithe agus ite?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dromchlaí glana
  • Éadach glan a úsáidtear
  • Urláir scuabtha

2.8.2

Cén chaoi a stórálann tú bia go sábháilte?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bainne cíche tálta
  • Buidéil
  • Púdar agus bia páiste
  • Cuisneoir glan agus cothaithe go maith
  • Cófraí bia agus stórála fuar agus aeráilte
  • Cófraí bia agus stórála glan agus sláintiúil
  • Bia lipéadaithe go cúramach
  • Áiseanna nite agus stóráilte go sláintiúil
  • Cuisneoir ag an teocht oiriúnach
  • Dramhaíl stóráilte i gcoimeádáin le claibíní