Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 7: Curaclam

Chun forbairt agus foghlaim iomlánaíoch gach páiste a spreagadh, is cóir curaclam nó clár a chur i bhfeidhm atá infhíoraithe, solúbtha, a bhfuil cur chuige leathan aige agus cur síos scríofa le fáil air.

Comhpháirt 7.1 | Comhpháirt 7.2 | Comhpháirt 7.3 | Comhpháirt 7.4 | Comhpháirt 7.5 | Comhpháirt 7.6

Comhpháirt 7.1 - Is léir gur eispéiris agus próisis iomlánaíocha iad foghlaim agus forbairt an pháiste, agus go bhfuil an súgradh lárnach d'fhoghlaim agus d'fhorbairt chomhtháite agus do chur i bhfeidhm an churaclaim.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.1.1

Cén chiall atá le forbairt agus foghlaim iomlánaíoch i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Naisc idir réimsí forbraíochta
  • Próisis foghlama
  • Meonta foghlama
  • Comhthéacsanna foghlama
  • Comhtháthú
  • Caidreamh
  • Foghlaimeoirí inniúla

7.1.2

Ag smaoineamh ar leanbh i mbun gníomhaíochta áirithe, cé na gnéithe den fhoghlaim agus forbairt atá á gcomhtháthú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teanga
  • Sóisialú
  • Cruthaitheacht
  • Idirdhealú amhairc
  • Scileanna mínluaileacha agus oll-luaileacha
  • Rangú

7.1.3

An bhfuil cásanna ina gcuirtear béim ar ghné amháin d'fhorbairt nó d'fhoghlaim an linbh agus céard iad?


7.1.4

Agus cur síos á dhéanamh agat ar chás ina ndíríonn tú ar ghné amháin d'fhorbairt agus d'fhoghlaim, cén seans atá ann gnéithe eile d'fhoghlaim agus d'fhorbairt a thabhairt isteach?


7.1.5

Céard a deir an curaclam/clár atá á chur i bhfeidhm i do shuíomh faoi spraoi? Féach 6.1/6.3/6.5/6.7

Breith - 36mí

7.1.6

Cén soláthar a dhéanann do churaclam/clár do leanaí a fhaigheann formhór a dtaithí ó dhaoine fásta?

7.1.7

Cén treoir a thugann do churaclam/clár don chaidreamh atá agat leis an leanbh? Féach 5.3/5.4

12 - 36 mí

7.1.8

Mar an gcéanna le 7.1.6 - 7.1.7


7.1.9

An dtabharfaidh tú faoi foghlaim agus forbairt an linbh ó pheirspictíocht bunaithe ar 'ábhar' nó ó pheirspictíocht bunaithe ar 'théamaí' mar gheall ar an gcuraclam nó clár atá á chur i bhfeidhm agat?


7.1.10

I rith an ghnáthaimh laethúil, cé na deiseanna a bhféadfá a sholáthar go n-úsáidfidh an leanbh scileanna agus eolas i gcomhthéacsanna éagsúla?

2 1/2 - 6 years

7.1.11

Mar an gcéanna le 7.1.8 - 7.1.10


Comhpháirt 7.2 - Tá curaclam nó clár dea-thagraithe i bhfeidhm atá bunaithe ar phrionsabail infhíoraithe forbartha páistí a bhfuil glacadh leo go coitianta.

Deis Mhachnaimh

7.2.1

Cén chaoi a dtacaíonn an curaclam/clár le haidhmeannna agus cuspóirí do shuímh maidir le foghlaim agus forbairt?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Foinsí don churaclam/clár a úsáideann tú
  • An chaoi a d'fhorbair an curaclam/clár
  • An taighde don churaclam/clár atá á chur i bhfeidhm
  • Ábhar na litríochta/dtagairtí a úsáidtear i bhforbairt an churaclaim/chláir
  • An tionchar is mó ar an gcuraclam/clár a úsáideann tú i do shuíomh
  • Na teoiricí maidir le forbairt an linbh is mó a ndeachaigh i bhfeidhm ar an gcuraclam/clár a úsáideann tú
  • An chaoi a dtacaíonn na prionsabail a bhaineann le forbairt leanaí sa churaclam/clár leat an fhoghlaim agus fhorbairt a fheiceáil mar phróiseas iomlánaíoch Féach 7.1

Comhpháirt 7.3 - Léirítear an curaclam agus cuirtear i bhfeidhm é trí ghnáthamh laethúil an pháiste, trí dheiseanna foghlama uathspreagtha, trí ghníomhaíochtaí struchtúrtha agus trí ghníomhaíochtaí a gcuireann an páiste tús leo.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.3.1

Cén chaoi a n-úsáidtear an gnáthamh laethúil, agus na gnáthaimh chúraim san áireamh, chun an curaclam/clár a chur i bhfeidhm? Féach 5.3 Féach 6.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teacht isteach ar maidin
  • Am le socrú san áit
  • Am Spraoi
  • Amanna béilí/sneaiceanna
  • Turais
  • Gnáthaimh shláinteachais agus dul ag an leithreas
  • Aistrithe Féach 13.1

7.3.2

Cé na gnéithe den churaclam/clár a fhreagraíonn do dheiseamma foghlama a tharlaíonn go laethúil agus do nádúr athraitheach ghníomhaíochtaí an linbh? Féach 6.5/6.7 Féach 11.5


7.3.3

Cén chaoi a bhféadfaí an curaclam/clár a leasú chun tacú le foghlaim agus forbairt na leanaí ar fad, go háirithe leanaí le riachtanais speisialta? Féach 14.2/14.3


7.3.4

Cén chaoi a bhféadfaí deiseanna foghlama a úsáid chun gné den churaclam/clár a chur i bhfeidhm?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ábhar an churaclaim/chláir
  • Téamaí agus topaicí
  • Foghlaim a leathnú
  • Gnéithe den fhorbairt
  • Breathnóireacht
  • Teanga
  • Suimeanna an linbh
  • Ciall a bhaint as nithe

12 - 36 mí

7.3.5

An bhféadfá sampla a thabhairt de ghníomhaíocht phleanáilte, struchtúrtha a chur tú le chéile, agus na gnéithe d'fhorbairt agus d'fhoghlaim an linbh atáthar ag dul i ngleic leo sa ghníomhaíocht seo? Féach 1.1/1.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gníomhaíochtaí cruthaitheacha
  • Grúpaí beaga/móra
  • An áit a ghlanadh
  • Gníomhaíochtaí barrboird
  • Spraoi/cluichí lasmuigh

7.3.6

Cé na gnéithe d'fhoghlaim agus d'fhorbairt an linbh atáthar ag tabhairt fúthu sa ghníomhaíocht seo?


7.3.7

I ngníomhaíochtaí a thosaíonn leanaí, cé na straitéisí a úsáideann tú chun spriocanna an churaclaim/chláir a bhaint amach? Féach 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Do thráchtanna
  • Teanga thuairisciúil/léiritheach
  • Ceisteanna
  • Páirt a ghlacadh i spraoi aisteoireachta

2 1/2 - 6 years

7.3.8

Mar an gcéanna le 7.3.5 - 7.3.7


Comhpháirt 7.4 - Cuirtear an curaclam/clár i bhfeidhm trí éagsúlacht straitéisí ag na daoine fásta, trí dhlúthchaidrimh thacúla sa suíomh agus trí raon leathan eispéireas a chuirtear ar fáil don pháiste.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

7.4.1

Cé na straitéisí a úsáideann tú i gcur i bhfeidhm an churaclaim/chláir? Féach 5.4

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Múnlú
  • Éascú
  • Teanga/comharthaíocht choirp
  • Cumasú
  • Spraoi
  • Breathnú agus éisteacht
  • Struchtúrú
  • Idirghníomhaíochtaí a chumasú idir leanaí

7.4.2

Cén chaoi a bhfuil tú réamhghníomhach ó thaobh foghlaim agus forbairt an linbh trí chur i bhfeidhm curaclaim/cláir? Féach 6.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Aird aonair
  • Láithreacht mhothúchánach
  • Idirghníomhartha
  • Páirtíocht
  • Suimeanna a roinnt
  • Comhthionscadail

7.4.3

Cén réimse d'eispéiris a thugtar don leanbh go laethúil? Féach 2.5/2.6/2.7 Féach 6.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spraoi lasmuigh
  • Réimsí gníomhaíochtaí
  • Rann, scéal agus amhrán
  • Cúram peataí
  • Gníomhaíocht fhisiciúil
  • Cruthaitheacht
  • Am ciúin

7.4.4

Cén tionchar a bhíonn ag an gcaidreamh a bhíonn agat le leanbh/leanaí ar fhoghlaim agus forbairt? Féach 5.4 Féach 9.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ceanúil
  • Freagairt
  • Mothálach
  • Tacúil

7.4.5

Cén réimse caidreamh i do theach a théann i bhfeidhm ar fhoghlaim agus forbairt an linbh/na leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tuismitheoirí
  • Teaghlach

Comhpháirt 7.5 - Tá doiciméadú déanta ar churaclam nó ar chlár na ngníomhaíochtaí atá á chur i bhfeidhm agus tá an doiciméadú ar fáil agus in úsáid.

Féach 6.7

Deis Mhachnaimh

7.5.1

Cén chaoi a dtacaíonn cáipéisí an churaclaim/chláir leis an gcur i bhfeidhm?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineál cáipéisí
  • A chinntiú gurb í an cháipéis an ceann is nuashonraithe ar fáil
  • Na cáipéisí ar fad a chur ar fáil do gach duine i do theach a idirghníomhaíonn leis an leanbh
  • Na cáipéisí a úsáid go minic
  • Cáipéisí breise a sholáthar chun tacú le cur i bhfeidhm curaclaim/cláir Féach 6.7
  • Cé chomh minic is a ndéanann tú taifead ar phleanáil churaclaim/chláir (m. sh., plean bliana; séasúrach/téarma; sa mhí/sa choicís/sa tseachtain/sa lá, &rl.)

Comhpháirt 7.6 - Tá pleanáil do chur i bhfeidhm churaclaim/cláir bunaithe ar phróifíl ar leith an pháiste a fhaightear trí bhreathnadóireacht agus measúnú córasach d'fhoghlaim.

Deis Mhachnaimh

7.6.1

Céard iad na gnéithe éagsúla de do chóras chun breathnú ar leanbh agus í/é a mheasúnú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Breathnóireacht
  • Tuismitheoirí
  • Féinmheasúnú an linbh
  • Páirt a ghlacadh sa spraoi
  • Idirghníomhartha
  • Éisteacht
  • Neamhfhoirmiúil
  • Machnamh
  • Timthriallacha leanúnacha

7.6.2

Cén chaoi a gcoinníonn tú taifead ar an bhfaisnéis a bhailíonn tú ón mbreathnóireacht agus measúnú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Leabhar laethúil nótaí
  • Teimpléid bhreathnóireachta
  • Punann an linbh
  • Grianghraif/téipeanna/fístéip, &rl.
  • Próiseas seachas toradh

7.6.3

Cén chaoi a n-aithníonn agus a mbailmheasann tú eispéiris agus eolas cultúrtha sa churaclam/clár? Féach 14.3