Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 6: Súgradh

Chun súgradh a chur chun cinn, is cóir neart ama a bheith ag gach páiste chun dul i mbun an saol mórthimpeall uirthi/air a thriall, chun bheith cruthaitheach agus chun brí a bhaint as an saol, i gcuideachta páistí eile nó daoine fásta a ghlacann páirt i mbealach tacúil, nó ina (h)aonar mar is cuí. Ba chóir na deiseanna chuige seo a bheith le fáil go réidh, a bheith oiriúnach ó thaobh forbartha de agus ba chóir acmhainní maithe a bheith ann dóibh.

Comhpháirt 6.1 | Comhpháirt 6.2 | Comhpháirt 6.3 | Comhpháirt 6.4 | Comhpháirt 6.5 | Comhpháirt 6.6 | Comhpháirt 6.7

Comhpháirt 6.1 - Caitheann an páiste tréimhse shuntasach ag súgradh/ag taiscéal sa suíomh, agus bíonn siad seo agus gníomhaíochtaí spraoiúla eile lárnach sa ghnáthamh

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

6.1.1

Cén chuid den ghnáthamh laethúil a thugtar do spraoi, ó ghníomhaíochtaí struchtúrtha, ag daoine fásta nó leanaí, laistigh nó taobh amuigh, &rl? Féach 2.5/2.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spraoi le nithe coincréiteacha
  • Scéalta idirghníomhacha
  • Amhráin agus ranna
  • Damhsa agus ceol
  • Spraoi siombalach
  • Spraoi cruthaitheach
  • Cluichí (m. sh. cloisteála, amhairc, &rl.)
  • Gnáthaimh laethúla (m. sh. bácáil, ullmhú bia, an carr a ní, &rl.)
  • A chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr as spraoi i do ghnáthamh laethúil
  • Gníomhaíochtaí laethúla a d'fhéadfaí a dhéanamh go spraíúil (m. sh. am lóin, glanta, &rl.)

Breith - 18 mí

6.1.2

Do gach leanbh óg, cén chaoi a gcuireann tú gníomhaíochtaí spraíúla isteach sa ghnáthamh laethúil?


6.1.3

Cén chiall atá le spraoi do pháistí agus do leanaí óga?


Comhpháirt 6.2 - Nuair a bhíonn an páiste ag súgradh/ag taiscéal, bíonn an trealamh agus na h-ábhair a sholáthraítear ar fáil gan bhac agus iad inrochtana go héasca di/dó.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

6.2.1

Cén chaoi a socraíonn tú go mbeidh aon ní agus trealamh do ghníomhaíocht ar bith sách íseal don leanbh breith air? Féach 2.2


6.2.2

Nuair a chuireann tú trealamh agus ábhair ar fáil, an mbíonn siad ar fáil do na leanaí ar fad i gcónaí?


6.2.3

Nuair a chuireann tú an trealamh agus na hábhair ar fáil, an bhféadfaidh an leanbh iad a athrú ó chluiche amháin go cluiche eile (m. sh., na cupáin tae a thabhairt ag an doirteal, &rl.)?


6.2.4

Cé na socruithe a theastaíonn ón leanbh le riachtanais speisialta, go háirithe leanbh le míchumas fisiciúil, chun a chinntiú go mbeidh an trealamh agus na hábhair ar fáil dóibh?

Breith - 18 mí

6.2.5

Cén chaoi a bhfaigheann an leanbh, nach bhfuil in ann siúl, an trealamh agus na hábhair?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spórtlanna
  • Mataí spraoi
  • Ciseáin le bréagáin/ábhair chuí
  • Bréagáin ghluaisteacha le gnáthábhair Féach 2.2

Comhpháirt 6.3 - Bíonn na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste i gcomhréir lena a c(h)éim fhorbartha, fágann siad an páiste saor chun máistreacht agus bua a bhaint amach, agus tugann siad dúshlán don pháiste aistriú go céim nua foghlama agus forbartha.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

6.3.1

Cén sórt spraoi a bhíonn ar bun ag an leanbh/leanaí faoi láthair?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Spraoi feidhmiúil
  • Spraoi cruthaitheach
  • Spraoi siombalach
  • Spraoi samhlaíoch
  • Spraoi sochdhrámatúil

6.3.2

Cé na deiseanna atá á gcur ar fáil agat don leanbh sa chaoi go bhféadfaidh sí/sé an tairbhe is mó a bhaint as an gcineál sin spraoi? Féach 2.5/2.6 Féach 5.1 Féach 7.4


6.3.3

Cén chaoi a dtugann na deiseanna seo le fios don leanbh go bhfuil sí/sé i gceannas agus cumasach? Féach 1.2


6.3.4

De réir forbairt reatha an linbh, cén feabhas a d'fhéadfaí a chur ar na deiseanna reatha chun forbairt agus foghlaim bhreise an linbh a éascú?


Comhpháirt 6.4 - Bíonn flúirse fearas agus ábhar don pháiste i ngach achar foghlama agus ag gach gníomhaíocht sa suíomh.

Deis Mhachnaimh

6.4.1

Nuair a bhíonn leanbh/leanaí ag spraoi, cén chaoi a gcinntíonn tú go mbeidh neart ábhar spraoi ar fáil do gach leanbh? Féach 2.5/2.6/2.7

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Acmhainní nach gcaithfear a cheannach a aithint
  • Trealamh spraoi lasmuigh a chur ar fáil

Comhpháirt 6.5 - Spreagann na deiseanna súgartha a chuirtear ar fáil don pháiste í/é chun taiscéal, chun a bheith cruthaitheach agus chun a bhfuil foghlamtha aici/aige cheana a úsáid le bríonna nua a chrúthú.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

6.5.1

Cé na hábhair ghinearálta a chuireann tú ar fáil a thugann deis don leanbh nithe eile a fheiceáil sa timpeallacht, laistigh agus lasmuigh? Féach 2.5/2.6/2.7

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ról an spraoi ghinearálta i do chleachtas
  • An leanbh a spreagadh an fhoghlaim a tharlaíonn in áit amháin a úsáid in áit eile
  • An leanbh a spreagadh an méid a d'fhoghlaim sí/sé roimhe seo a úsáid i gcomhthéacs nua Féach 5.4
  • An méid a d'fhoghlaim an leanbh roimhe sin a fháil amach Féach 7.6

Breith - 18 mí

6.5.2

Cén cineál spreagadh céadfach a chuireann spraoi an linbh ar fáil?


6.5.3

Cén chaoi a bhfuil tú ag cur le hacmhainneacht foghlama an linbh sa chaoi a n-idirghníomhaíonn tú leis an leanbh? Féach 5.3/5.5


6.5.4

Cén ábhar oscailte (heorastúil), ceannaithe agus faighte sa timpeallacht, atá oiriúnach don leanbh?


6.5.5

Cén chaoi a bhféadfaidh an leanbh an timpeallacht lasmuigh a fhiosrú?

Deis Mhachnaimh - 12 - 36 mí

6.5.6

Mar an gcéanna le 6.5.2 - 6.5.5


Comhpháirt 6.6 - Bíonn deiseanna ag an bpáiste súgradh/taiscéal le páistí eile, nó le daoine fásta atá rannpháirteach, tacúil, nó ina (h)aonar de réir mar is cuí.

Féach 5.1/5.2/5.3/5.4

Deis Mhachnaimh

6.6.1

Cén chaoi a nglacann tú páirt sa spraoi leis an leanbh?


6.6.2

Cén pháirt a ghlacann tú?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Éisteacht
  • I ról
  • Breathnú
  • Comhaird
  • Aiseolas
  • Cumasú
  • Rogha a thairiscint
  • An leanbh a spreagadh chun tuilleadh smaoineamh a dhéanamh
  • Suim a spreagadh agus a chothú

6.6.3

Cé na straitéisí a d'fhéadfaí a úsáid chun tacú le leanbh/leanaí a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu tosú agus cloí le spraoi le leanaí eile, nó leanaí a d'fhéadfadh a bheith fágtha amach as an spraoi go leanúnach?


6.6.4

An cuimhin leat cás ina raibh leanbh ag iarraidh spraoi aisti/as féin?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An leanbh a éascú spraoi léi/leis féin, más cuí
  • Cásanna nach raibh oiriúnach le leanbh spraoi aisti/as féin

6.6.5

Má tá tú ag tabhairt aire do leanbh amháin, cén chaoi a gcruthaíonn tú deis di/dó spraoi le leanaí eile?


Comhpháirt 6.7 - Pleanáiltear deiseanna súgartha/taiscéalta i gcomhar le pleanáil don churaclam/clár a chur i bhfeidhm, agus athraítear agus oiriúnaítear iad d'fhonn riachtanais athraitheacha foghlama agus forbartha a shásamh.

Féach 7.1

Deis Mhachnaimh

6.7.1

Cén pleanáil a dhéanann tú chun a chinntiú go gcuirtear do churaclam/clár i bhfeidhm trí spraoi?


6.7.2

Cén fhad a thógann an phleanáil sin?


6.7.3

Cén chaoi a léiríonn na cáipéisí a bhaineann leis an bpleanáil sin na deiseanna spraoi?


6.7.4

An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar chás inar athraigh tú do chuid pleananna do ghníomhaíochtaí spraoi a bheadh níos oiriúnaí don leanbh?


6.7.5

Cén chaoi a n-ullmhaíonn pleanáil don fhoghlaim trí spraoi an linbh aonair, an suíomh, an comhthéacs áitiúil agus na riachtanais shonracha? Féach 7.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Riachtanais speisialta
  • Míbhuntáiste
  • Comhthéacs cultúrtha Féach 14.2/14.3
  • Riachtanais teanga

6.7.6

Cé chomh minic is a bpleanáiltear spraoi agus cur i bhfeidhm curaclaim/cláir? Féach 7.5

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gach lá/seachtain/coicís/mí
  • Sa téarma/séasúr/bhliain

6.7.7

Cén chaoi a mbainistítear cáipéisí agus athbhreithniú na pleanála? Féach 7.5

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Modhanna chun pleanáil a dhoiciméadú
  • Taifead a choinneáil ar athruithe mar gheall ar chleachtas/cur i bhfeidhm na ndeiseanna foghlama spontáineacha
  • Caidreamh idir pleanáil agus an méid a tharlaíonn i gcleachtas
  • Dúshláin maidir le pleanáil d'fhoghlaim agus d'fhorbairt an linbh óig
  • Comhtháthú an spraoi agus cur i bhfeidhm an churaclaim/chláir