Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 1: Cearta an Pháiste

Chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta gach páiste, is cóir go gcuirtear ar a c(h)umas roghanna a dhéanamh agus a bheith gníomhach as a stuaim féin mar rannpháirtí agus comhpháirtí ina c(h)uid forbartha agus foghlama féin.

Comhpháirt 1.1 | Comhpháirt 1.2 | Comhpháirt 1.3



Comhpháirt 1.1 Bíonn deis ag gach páiste roghanna a dhéanamh, cuirtear ar chumas gach páiste cinnidh a dhéanamh, agus bíonn meas ar na roghanna agus ar na cinnidh sin.

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

1.1.1

Cén chaoi a dtagann do ghnáthaimh chúraim féin le gnáthaimh agus riachtanais an linbh?


1.1.2

Cén chaoi a n-insíonn tú roghanna an linbh do dhaoine eile? Féach 13.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Roghanna an linbh a aithint/a thaifead/a athbhreithniú
  • Roghanna an linbh maidir le rudaí shóláis, scíth a ligean, rudaí le breathnú air, rudaí a tharraingíonn a (h)aird, &rl.
  • Roghanna oiriúnacha a d'fhéadfadh an leanbh a dhéanamh agus í/é ag fáil níos sine - m. sh., am bia agus béile, sneaic, roghnú idir dhá bhréagán, &rl.

Signposts 12 - 36 mí

1.1.3

How do you foster each child's sense of control over her/his daily experiences and activities? Féach 5.3 / 5.4

  • Deiseanna don leanbh roghanna a bheith aici/aige agus cinntí a dhéanamh
  • Dúshláin duitse maidir le roghanna agus cinntí an linbh
  • Cothromaíocht a fháil idir gníomhaíocht roghnaithe ag an leanbh (ordaithe) agus roghnaithe ag an duine fásta (ordaithe)
  • A chinntiú go bhfuil an leibhéal roghanna oiriúnach don leanbh
  • Deiseanna don leanbh gníomhaíochtaí a phleanáil
  • Deis a thabhairt do leanbh le deacrachtaí teanga agus cumarsáide a bpleananna a roinnt
  • Dúshláin don duine fásta deis a thabhairt don leanbh le riachtanais speisialta (m. sh., cumarsáid, scileanna luaileacha, &rl.) roghanna a bheith acu agus cinntí a dhéanamh
  • Deiseanna don leanbh a p(h)leananna agus g(h)níomhaíochtaí a athbhreithniú
  • Freastal ar shuim an linbh sa ghnáthamh laethúil

21/2 - 6 bliana

1.1.4

> 1.1.3


Comhpháirt 1.2 Bíonn deiseanna ag gach páiste agus cuirtear ar chumas gach pháiste bheith ina cheannaire, tús a chur le gníomhaíocht, bheith neamhspleách mar is cuí, agus tacaítear le gach páiste fadhbanna a réiteach.

Deis Mhachnaimh Breith - 18 mí

1.2.1

Cén chaoi a gcinntíonn tú go mbreathnaítear i ndiaidh an linbh go sciobtha nuair a bhíonn sí/sé ag caoineadh nó nuair a léiríonn sí/sé go dteastaíonn rud éigin uaithi/uaidh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gnáthaimh a chinntíonn go bhfaigheann an leanbh aird rialta go minic aisti/as féin (seachas mar fhreagra ar iad a bheith ag caoineadh nó riachtanas cúraim)
  • Cúram aisti/as féin do gach leanbh

12 - 36 mí

1.2.2

< 1.2.1


1.2.3

Cén chaoi a dtugtar deiseanna don leanbh sa ghnáthamh laethúil a roghanna a úsáid agus a bheith neamhspleách mar is cuí? Féach 7.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Deiseanna don leanbh fadhb a réiteach i rith gníomhaíochtaí agus gnáthaimh an lae
  • Na dúshláin romhat, go laethúil, agus tú ag iarraidh go mbeidh an leibhéal oiriúnach neamhspleáchais ag an leanbh
  • Cás ina roghnaigh, inar eagraigh agus inar ghlac leanbh ceannas i ngníomhaíocht agus thacaigh tusa leis an bpróiseas agus chuir tú béim ar an gcaoi ar éirigh léi/leisFéach 7.3
  • Tacú le gníomhaíocht de rogha an linbh faoi mhíchumas
  • Deiseanna a thabhairt don leanbh aire a thabhairt dá stuif féin agus do rudaí sa bhaile
  • A chur ar chumas an linbh aire a thabhairt di/dó féin
  • É seo a chur i bhfeidhm trí spraoi taobh istigh agus taobh amuigh Féach 2.5 / 2.6 Féach 6.3
  • É seo a thabhairt isteach san am bia/sneaic agus glanta

2 1/2 - 6 bliana

1.2.4

Mar an gcéanna le 1.2.3


Comhpháirt 1.3 - Cuirtear ar chumas gach pháiste páirt ghníomhach a ghlacadh sa ghnáthamh laethúil, i ngníomhaíochtaí, i gcomhráite agus in imeachtaí ar bith eile de réir mar is cuí, agus tuigeann an duine fásta go bhfuil an páiste ina pháirtí aici/aige.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

1.3.1

Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas gach linbh (lena náirítear an leanbh le riachtanais speisialta) gníomhú lena c(h)omhbhádóirí? Féach 5.1


1.3.2

Cén chaoi a dtaispeánann tú sofhreagracht agus mothálacht don leanbh agus tú i mbun cumarsáide léi/leis? Féach 5.4

Breith -18 mí

1.3.3

Cén chaoi a gcinntíonn tú go dtugtar freagra mothálach le grá don leanbh?


1.3.4

An bhféadfá cur síos a dhéanamh ar fhreagra a thabhairt ar ghníomh an linbh (cosúil le plobaireacht, gluaiseacht, &rl.) le grá agus súgradh trí fhuaimeanna seafóideacha, amhráin, cluichí do pháistí beaga, barróga, &rl.?

12 - 36 mí

1.3.5

Cén chaoi a gcinntíonn tú go nglacann gach leanbh páirt i ngníomhaíochtaí roinnte ar bhealach a fheileann di/dó? Féach 5.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacú le páirt gach linbh i ngníomhaíochtaí grúpa
  • Déileáil le deacrachtaí i measc leanaí i ngníomhaíochtaí grúpa
  • A mheas cén uair ar chóir duit do ladar a chur isteach agus leanbh ag spraoi chun cúnamh a thairiscint Féach 6.6
  • A chinntiú go mbíonn an leanbh ina c(h)omhpháirtí agus í/é ag foghlaim i gcónaí
  • Dúshláin duitse breathnú ar an leanbh mar chomhpháirtí
  • An deis a thabhairt don leanbh tús a chur le gníomhaíocht agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile páirt a ghlacadh ann

21/2 - 6 bliana

1.3.6

Mar an gcéanna le 1.3.5