Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige

RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Standard 14: Identity and Belonging

Má táthar chun féiniúlachta dearfacha agus mothúchán láidir mhuintearais a chur chun cinn, is cóir go mbeadh polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtas ann atá sainmhínithe go soiléir. Cuireann siad seo ar chumas gach páiste agus duine fhásta féiniúlacht mhuiníneach maidir leo féin agus maidir leis an ngrúpa a fhorbairt agus tuiscint agus meas dearfach a bheith acu ar fhéiniúlacht agus ar chearta daoine eile.

Comhpháirt 14.1 | Comhpháirt 14.2 | Comhpháirt 14.3

Comhpháirt 14.1 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le feiniúlachtaí dhearfacha agus mothúchán láidir mhuintearais laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Féach 10.1

Deis Mhachnaimh

14.1.1

Cé na polasaithe agus nósanna imeachta a bhaineann le féiniúlacht dhearfach agus muintearas a chur chun cinn ar mhaithe le leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cuimsiú
  • Frithchlaontacht
  • Rochtain
  • Bulaíocht
  • Bainistiú iompair
  • Earcaíocht

14.1.2

Cén tionchar a bhíonn ag na polasaithe agus na nósanna imeachta seo ar chleachtas?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Réimse de pháirtithe leasmhara páirteach sa phróiseas maidir leis na polasaithe agus nósanna imeachta a chur le chéile Féach 4.1
  • Próisis chun na polasaithe agus nósanna imeachta seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta
  • A chinntiú go dtuigeann agus go leanann gach duine na polasaithe agus nósanna imeachta sin

Comhpháirt 14.2 - Cuireann an suíomh féiniúlacht mhuiníneach chun cinn sa dhuine aonar agus sa ghrúpa trí thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe oiriúnacha a sholáthar taobh istigh den suíomh.

Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5

Deis Mhachnaimh

14.2.1

Cén chaoi a léiríonn an timpeallacht baile cultúr agus cúlra gach linbh i láthair?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Íomhánna de shaol an teaghlaigh/phobail (m. sh., grianghraif, póstaeir, pictiúir leanaí, &rl.)
  • Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, bosca éadaí, bréagáin saoil bhig, &rl.)
  • Bogearraí ríomhaire
  • Leabhair agus ábhair
  • Rólchuspaí steiréitipiciúla íomhánna cultúrtha a sheachaint (m. sh., inscne, cultúr, aois, cumas, &rl.)
  • Idirdhealú a sheachaint (m. sh. inscne, dath, cine, creideamh, struchtúr teaghlaigh, stádas socheacnamaíoch &rl.) sna gníomhaíochtaí

14.2.2

Cén chaoi a gcuireann na heispéiris a thugann tú don leanbh féiniúlacht agus ionannas grúpa muiníneach chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Fios ar do chreideamh féin, do luachanna agus do mheonta i leith éagsúlachta Féach 5.5 Féach 11.2
  • Freagracht agus mothálacht d'fhéiniúlacht agus cearta na leanaí Féach 1.1 Féach 5.2
  • Teanga (an Ghaeilge, céad teanga an linbh, ábhar/faisnéis ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, cumarsáid a chur chun cinn idir leanaí a labhraíonn Béarla agus leanaí nach labhraíonn é, straitéisí chun leanaí a spreagadh iad féin a chur in iúl ó bhéal agus ar bhealaí eile, a chinntiú go mbeidh ainm gach linbh ar eolas agus á fhuaimniú i gceart) Féach 5.2
  • Straitéisí i bhfeidhm chun tacú le céad teanga an linbh agus í a chothú fad a bheidh sí/sé ag foghlaim teanga eile (m. sh., oiliúint, acmhainní/faisnéis a fháil, teagmháil le teaghlaigh, &rl.)
  • Feasacht a mhéadú ar bhealaí éagsúla an tsaoil (m. sh., déanamh an teaghlaigh, cineálacha tithíochta, suímh gheografacha, &rl.)
  • Ceiliúradh (m. sh. breithlaethanta, féilte, ócáidí tábhachtacha i saol an linbh, &rl.)
  • Tuismitheoirí a spreagadh agus a thacú chun gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt (m. sh., oideas bia, insint scéalta, nósanna agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
  • A chinntiú go bhfuil teicnící measúnachta saor ó chlaontacht chultúir agus inscne Féach 7.6

14.2.3

Cén chaoi a gcuireann tú ardmheas chun cinn i measc leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht i gcaidreamh Féach 9.6
  • Muintearas a chur chun cinn
  • Idirdhealú/bulaíocht a chosc Féach 5.6
  • Feidhm agus freagracht leanaí a thabhairt Féach 1.2
  • Inniúlacht a fhorbairt

14.2.4

Cén chaoi a ndéileálann tú le focail mhaslacha nó le gníomhaíochtaí? Féach 5.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dul i ngleic le leanaí agus daoine fásta ar chur idirdhealú agus ciníochas isteach orthu
  • Plé cásanna éigeandála a spreagadh
  • Tacú le leanaí chun dul i ngleic le heispéiris dheacra i ndáil le ciníochas agus idirdhealú
  • Dul i ngleic le forbairt leanúnach ghairmiúil Féach 11.4

14.2.5

Cé na gnéithe de do chleachtas a chuireann meas agus tuiscint ar dhifríocht sna réimsí seo a leanas chun cinn?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cine
  • Eitneachas
  • Duine den Lucht Siúil
  • Cuma
  • Creideamh
  • Teanga
  • Cúlra teaghlaigh
  • Inscne
  • Aois
  • Cumas

Comhpháirt 14.3 - Cuireann an suíomh comhthuiscint dhearfach agus meas ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile chun cinn trí thimpeallacht, eispéiris agus idirghníomhaithe oiriúnacha a sholáthar taobh istigh den suíomh.

Féach 2.5 / 2.6 Féach 5.5

Deis Mhachnaimh

14.3.1

Cén chaoi a gcuireann do thimpeallacht baile tuiscint dhearfach chun cinn ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Íomhánna de shaol an teaghlaigh/phobail (m. sh., grianghraif, póstaeir, pictiúir leanaí, &rl.)
  • Bréagáin (m. sh., uirlisí cócaireachta, bosca éadaí, bréagáin saoil bhig, &rl.)
  • Bogearraí ríomhaire
  • Leabhair agus ábhair
  • Rólchuspaí steiréitipiciúla íomhánna cultúrtha a sheachaint (m. sh., inscne, cultúr, aois, cumas, &rl.)
  • Idirdhealú a sheachaint (m. sh. inscne, dath, cine, creideamh, struchtúr teaghlaigh, stádas socheacnamaíoch &rl.) sna gníomhaíochtaí

14.3.2

Cén chaoi a gcuireann na heispéiris leanúnach a thugann tú don leanbh tuiscint dhearfach chun cinn ar fhéiniúlacht agus cearta daoine eile?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Fios ar do chreideamh féin, do luachanna agus do meonta i leith éagsúlachta Féach 5.5 Féach 11.2
  • Freagracht agus mothálacht d'fhéiniúlacht agus cearta gach linbh Féach 1.1 Féach 5.2
  • Teanga (m. sh. an Ghaeilge, céad teanga an linbh, ábhar/faisnéis ar fáil i gcéad teanga an teaghlaigh, cumarsáid a chur chun cinn idir leanaí a labhraíonn Béarla agus leanaí nach labhraíonn é, straitéisí chun leanaí a spreagadh iad féin a chur in iúl ó bhéal agus ar bhealaí eile, a chinntiú go mbeidh ainm gach linbh ar eolas agus á fhuaimniú i gceart) Féach 5.2
  • Straitéisí i bhfeidhm chun tacú le céad teanga an linbh agus í a chothú fad a bheidh sí/sé ag foghlaim teanga eile (m. sh., oiliúint, acmhainní/faisnéis a fháil, teagmháil le teaghlaigh, &rl.)
  • Feasacht a mhéadú ar bhealaí éagsúla an tsaoil (m. sh., déanamh an teaghlaigh, cineálacha tithíochta, suímh gheografacha, &rl.)
  • Ceiliúradh (m. sh. breithlaethanta, féilte, ócáidí tábhachtacha i saol an linbh, &rl.)
  • Tuismitheoirí a spreagadh agus a thacú chun gnéithe dá gcultúr nó dá gcúlra a roinnt (m. sh., oideas bia, insint scéalta, nósanna agus cultúr, &rl.) Féach 3.2
  • A chinntiú go bhfuil teicnící measúnachta saor ó chlaontacht chultúir agus inscne Féach 3.2
  • Ensuring that assessment techniques are free from cultural and gender bias Féach 7.6

14.3.3

Cén chaoi a gcuireann tú ardmheas chun cinn i measc leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht i gcaidreamh Féach 9.6
  • Muintearas a chur chun cinn
  • Leatrom/bulaíocht a chosc Féach 5.6
  • Feidhm agus freagracht leanaí a thabhairt Féach 1.2
  • Inniúlacht a fhorbairt

14.3.4

Cén chaoi a ndéileálann tú le focail mhaslacha nó le gníomhaíochtaí? Féach 5.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Dul i ngleic le leanaí ar chur leatrom agus ciníochas isteach orthu
  • Plé cásanna éigeandála a spreagadh
  • Tacú le leanaí chun dul i ngleic le taithí deacra i ndáil le ciníochas agus idirdhealú
  • Dul i ngleic le forbairt leanúnach ghairmiúil Féach 11.4

14.3.5