An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Má táthar chun cleachtadh i slí ghairmiúil is cóir go mbeadh scileanna, eolas, luachanna agus meon ag lucht cleachtaithe a oireann dá ról agus dá bhfreagracht sa suíomh. Ina theannta sin, tá gá le machnamh rialta ar chleachtas agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le tacaíocht.
Comhpháirt 11.1 | Comhpháirt 11.2 | Comhpháirt 11.3 | Comhpháirt 11.4 | Comhpháirt 11.5
Comhpháirt 11.1 - Is féidir leis na daoine fásta go léir atá ag obair sa suíomh fianaise a thabhairt go bhfuil leibhéil chuí scileanna agus eolais acu a oireann dá ról agus dá bhfreagrachtaí.
Deis Mhachnaimh
11.1.1Cé na cáilíochtaí atá bainte amach agat?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhféadfá a léiriú go bhfuil scileanna agus eolas agat ar réimsí atá lárnach don ról agus freagracht atá agat?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cén fianaise atá ann a léiríonn na scileanna agus an teolas atá agat?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.2 - Glacann na daoine fásta go léir le prionsabail áirithe lárnacha a threoraíonn gach gné dá gcleachtas i suímh chúraim agus oideachais luath-óige.
Deis Mhachnaimh
11.2.1Céard iad na príomhphrionsabail a threoraíonn cleachtas i do theach?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Cé na próisis a chinneann an chaoi a dtéann do phrionsabail nó d'fhís i bhfeidhm ar chleachtas i do shuíomh?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
Comhpháirt 11.3 - Cuireann an suíomh deiseanna rialta ar fáil go fial do chleachtóirí machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas agus cuidiú le cleachtas atá ar ardchaighdeán a fhorbairt sa suíomh.
Deis Mhachnaimh
11.3.1An nglacann tú am chun do chleachtas a léiriú chun réimsí a aithint nuair is gá eolas breise a fháil nó cur chuige a athrú?
Cén chaoi a nascann tú le cleachtóirí eile chun do thaithí agus smaointe a roinnt maidir le cleachtas i do shuíomh? Féach 16.1
Comhpháirt 11.4 - Spreagtar daoine fásta laistigh den suíomh chun páirt a ghlacadh go fairsing agus go leanúnach i bhforbairt ghairmiúil agus cuirtear acmhainní chuí ar fáil dóibh chuige sin.
Deis Mhachnaimh
11.4.1Cén cineál gníomhaíocht ghairmiúil a nglacann tú páirt inti?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil plean inchomhlíonta, réalaíoch, gairmiúil forbartha agat?
Cén chaoi a n-úsáideann tú caidreamh comhoibríoch oibre le seirbhísí poiblí eile chun tacú le d'fhorbairt ghairmiúil féin? Féach 16.1 / 16.3
Comhpháirt 11.5 - Léiríonn daoine fásta go bhfuil tuiscint agus mothálacht acu do na paistí agus dá dteaghlaigh agus go bhfuil siad ceanúil orthu.
Deis Mhachnaimh
11.5.1Cén chaoi a mbíonn iarrachtaí agus smaointe an linbh aitheanta agus spreagtha? Féach 5.3 / 5.4
Cén chaoi a gcuireann tú é seo in iúl do thuismitheoirí agus do theaghlaigh? Féach 3.1
Cén chaoi a spreagann tú leanaí idirghníomhú le leanaí eile chun idirghníomhú lena chéile agus cúnamh a iarradh ar a chéile i rith an lae? Féach 5.1 / 5.2
Cén chaoi a dtugann tú freagra mothálach ar riachtanais leanaí faisnéis agus deimhniú a fháil faoi leas a linbh? Féach 3.3 Féach 12.2