Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Full > Part-time Day Care

Caighdeán 13: Aistrithe

Chun leanúnachas eispéireas a chinntiú do gach páiste, is gá polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais a bheith ann a bhfuil sé mar aidhm acu aistrithe a láimhseáil go comhthuisceanach. Is cóir go mbeadh na príomhchaidrimh buanseasmhach agus go mbeadh cumarsáid taobh istigh de shuímh agus ó shuíomh go suíomh. Is gá, chomh maith, eolas ábhartha a thaifeadadh agus a chur ar aghaidh (le cead na dtuismitheoirí), agus is gá na tuismitheoirí agus daoine gairmiúla cuí a bheith rannpháirteach go dlúth.

Comhpháirt 13.1 | Comhpháirt 13.2 | Comhpháirt 13.3 | Comhpháirt 13.4

Comhpháirt 13.1 - Déantar aistrithe réidhe a éascú agus a chur chun cinn trí bhuanchaidrimh lárnacha a sholáthar laistigh den suíomh.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

13.1.1

Cén chaoi a dtacaíonn an suíomh le buanchaidrimh lárnacha do pháistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Taithí na ndaoine fásta
  • Na daoine fásta céanna i rith na bliana Féach 5.6
  • Ag cinntiú íogaireacht do riachtanais an pháiste ag amanna aistrithe i rith an lae Féach 5.3
  • Ag soláthar caidrimh ceana daingean le daoine fásta sa suíomh Féach 14.2
  • An chaoi a n-éascaíonn na caidrimh daingne seo aistriú réidh páistí isteach/laistigh/amach ón suíomh
  • Córas príomhoibrithe i bhfeidhm

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

13.1.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú forbairt chaidreamh lárnach do naíonáin laistigh den suíomh?


13.1.3

Cén chaoi a láimhseálann tú aistriú an naíonáin isteach i do shuíomh?


Comhpháirt 13.2 - Déanann an suíomh aistrithe réidhe a chur chun cinn trí chomhoibriú cuí laistigh de na suímh agus idir na suímh a chinntiú.

Deis Mhachnaimh

13.2.1

Cén chaoi a dtacaíonn do shuíomh le haistriú an pháiste isteach sa/laistigh de/ón suíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bailiú faisnéise sula dtéann an páiste isteach sa suíomh Féach 12.1
  • Ag roinnt na faisnéise seo go cuí laistigh den suíomh Féach 12.2
  • Ag déanamh naisc le suímh/scoileanna/eagraíochtaí/daoine eile chun aistrithe réidhe a chur chun cinn Féach 16.4
  • Ag cur faisnéise agus comhairle ar fáil do shuímh/scoileanna/eagraíochtaí/daoine eile nuair atá an páiste ag aistriú ó do shuíomh

Comhpháirt 13.3 - Glactar comhairle ó thuismitheoirí, ó pháistí agus ó ghairmithe cuí agus bíonn siadsan ag obair chun a chinntiú go mbíonn na haistrithe chomh réidh agus is féidir do na páistí.

Deis Mhachnaimh

13.3.1

Cén chaoi a dtéitear i gcomhairle le agus a dtugtar ról do thuismitheoirí, páistí agus daoine proifisiúnta ábhartha in aistrithe páistí isteach/laistigh/amach ó do shuíomh? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Ag cur ar chumas na foirne agus na dtuismitheoirí casadh le chéile agus saincheisteanna a phlé sula gcuirtear an páiste ar an rolla Féach 3.1
  • Deiseanna cuairt a dhéanamh ar an suíomh sula gcuirtear an páiste ar an rolla
  • Páistí a insealbhú i ndiaidh a bheith curtha ar an rolla
  • Ag éascú agus ag tabhairt spreagadh do thuismitheoirí am a chaitheamh sa suíomh lena bpáiste tar éis di/dó a bheith curtha ar an rolla Féach 3.2
  • Ag fáil faisnéise faoin bpáiste ó thuismitheoirí/suímh ina mbíodh sí/sé
  • Faisnéis a chur ar fáil do shuímh eile, le cead tuismitheora Féach 12.2 / 12.3
  • An chaoi a dtacaíonn naisc fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla le heagraíochtaí ábhartha eile sa phobal le haistrithe Féach 16.3

Comhpháirt 13.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le haistrithe laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Deis Mhachnaimh

13.4.1

Cén chaoi a dtacaíonn do pholasaithe agus do nósanna imeachta le do ghníomhaíochtaí maidir le haistrithe na bpáistí? Féach 10.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Athbhreithniú agus nuashonrú polasaí
  • Ó pholasaí go cleachtas
  • Nósanna imeachta a dhoiciméadú
  • Ag cinntiú go dtuigeann agus go leanann baill foirne/daoine fásta na nósanna imeachta seo