Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Standard 13: Transitions

Ensuring continuity of experiences for children requires policies, procedures and practice that promote sensitive management of transitions, consistency in key relationships, liaison within and between settings, the keeping and transfer of relevant information (with parental consent), and the close involvement of parents and, where appropriate, relevant professionals.

Comhpháirt 13.1 | Comhpháirt 13.2 | Comhpháirt 13.3 | Comhpháirt 13.4

Comhpháirt 13.1 - Déantar aistrithe réidhe a éascú agus a chur chun cinn trí bhuanchaidrimh lárnacha a sholáthar laistigh den suíomh.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

13.1.1

Cén chaoi a dtacaíonn tú le caidrimh thábhachtacha leanúnacha do leanaí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Taithí na ndaoine fásta
  • Daoine fásta céanna i rith na bliana Féach 5.6
  • A chinntiú go mbeidh daoine mothálach do riachtanais an linbh ag amanna aistrithe i rith an lae Féach 5.3
  • Caidreamh sábháilte a chinntiú le daoine fásta Féach 14.2
  • Cén chaoi a n-éascaíonn na caidrimh seo an t-aistriú do leanaí isteach/taobh istigh/amach as do theach

Deis Mhachnaimh - Breith - 18 mí

13.1.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhforbróidh caidrimh do pháistí óga i do shuíomh?


13.1.3

Cén chaoi a ndéileálann tú leis an aistriú don leanbh isteach i do theach?


Comhpháirt 13.2 - Déanann an suíomh aistrithe réidhe a chur chun cinn trí chomhoibriú cuí laistigh de na suímh agus idir na suímh a chinntiú.

Deis Mhachnaimh

13.2.1

Cén chaoi a dtacaíonn tú leis an leanbh ag dul isteach/amach as do theach?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Faisnéis a bhailiú sula dtagann an leanbh isteach Féach 12.1
  • An fhaisnéis seo a roinnt mar is cuí Féach 12.2
  • Naisc a chruthú le suímh/scoileanna/eagraíochtaí/daoine eile chun aistriú éasca a chur chun cinn Féach 16.4
  • Faisnéis agus comhairle a sholáthar do shuímh/scoileanna/eagraíochtaí/daoine eile nuair a bheidh an leanbh ag fágáil do thí

Comhpháirt 13.3 - Glactar comhairle ó thuismitheoirí, ó pháistí agus ó ghairmithe cuí agus bíonn siadsan ag obair chun a chinntiú go mbíonn na haistrithe chomh réidh agus is féidir do na páistí.

Deis Mhachnaimh

13.3.1

Cén chaoi a dtéitear i gcomhairle le tuismitheoirí, leanaí agus daoine gairmiúla cuí maidir leis an aistriú isteach/amach as do theach agus cén bhaint a bhíonn acu leis? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cruinnithe le tuismitheoirí a chumasú chun saincheisteanna sula gcláraítear an leanbh a phlé Féach 3.1
  • Deiseanna chun cuairt a thabhairt ar do theach roimh chlárú
  • Leanaí a thabhairt isteach i do theach tar éis cláraithe
  • Tuismitheoirí a éascú agus a spreagadh chun am a chaitheamh i do theach leis an leanbh i ndiaidh cláraithe
  • Faisnéis a fháil faoin leanbh ó thuismitheoirí/suíomh roimhe sin
  • Faisnéis a thabhairt do shuímh eile le cead na dtuismitheoirí Féach 12.2 / 12.3
  • Cén chaoi a dtacaíonn naisc fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla le heagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eile cuí sa phobal chun aistriú a dhéanamh Féach 16.3

Comhpháirt 13.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le haistrithe laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Deis Mhachnaimh

13.4.1

Cén chaoi a dtacaíonn do pholasaithe agus nósanna imeachta le do ghníomhaíochtaí maidir le hathrú na leanaí? Féach 10.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaithe a athbhreithniú agus a nuashonrú
  • Cleachtas a dhéanamh as an bpolasaí
  • Nósanna imeachta a dhoiciméadú
  • A chinntiú go dtuigeann na daoine fásta cuí na nósanna imeachta seo agus go leanann siad iad