Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 16: Rannpháirteachas an Phobail

Chun rannpháirteachas an phobail a chur chun cinn, is gá gréasáin agus ceangail a chruthú agus, mar fhianaise air sin, polasaithe, nósanna imeachta agus gníomhartha a bheith ann a mhéadaíonn ar theagmháil gach duine fásta agus gach páiste leis an bpobal mór, agus a thacaíonn leis an dteagmháil sin.

Comhpháirt 16.1 | Comhpháirt 16.2 | Comhpháirt 16.3 | Comhpháirt 16.4

Comhpháirt 16.1 - Tá raon cuimsitheach faisnéise bailithe agus curtha ar fáil ag an suíomh maidir le hacmhainní ag leibhéil áitiúla, réigiúnda agus náisiúnta.

Féach 12.2

Deis Mhachnaimh

16.1.1

Cén faisnéis atá ar fáil agat ar an réimse saoráidí, seirbhísí agus deiseanna ar fáil ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a d'fhéadfaí a úsáid chun tacú le spriocanna agus cuspóirí do sheirbhíse?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tacaíocht ghairmiúil (m. sh., Coistí Contae Cúram Leanaí, oifigigh chomhairleacha cúram leanaí, líonraí cúram leanaí, ceardchumainn, eagraíochtaí Lucht Siúil, Barnardos, eagraíochtaí ballraíochta [m. sh., Childminding Ireland, IPPA the Early Childhood Organisation, National Children's Nurseries Association, Forbairt Naíonraí Teo, Bord Oideachais Montessori na hÉireann],cleachtóirí luathóige agus líonraí seirbhísí eile [m. sh., Border Counties Childcare Network], &rl.) Féach 11.4
  • Seirbhísí sláinte (m. sh., dochtúir, clinic/altra sláinte poiblí, oifigigh réamhscoile, teiripeoirí, fiaclóirí, Foireann um Idirghabháil Luath, &rl.) Féach 9.2
  • Tacaíocht tuismitheora (m. sh., cláir tuismitheora, clubanna/cumainn shóisialta, grúpaí tacaíochta do theaghlaigh linbh faoi mhíchumas, &rl.) Féach 3.3
  • Seirbhísí eile COLO (m. sh., grúpaí tuismitheoirí agus lapadáin linbh, naíolanna, cúramóirí eile leanaí, bunscoileanna, cláir iarscoile, &rl.)
  • Tacaíocht oideachais/foghlama (m. sh., scoileanna, deiseanna oideachais aosta, eagraíochtaí oiliúna, &rl.)
  • Cultúrtha (m. sh., drámaí, ionaid cheoil, amharclanna, ionaid ealaíne, leabharlanna, ionaid oidhreachta, clubanna spóirt, grúpaí deonacha [m. sh., dráma, damhsa], &rl.)
  • Sochaí agus timpeallacht (m. sh., páirceanna agus gairdíní, áiseanna spóirt, stáisiún dóiteáin, Gardaí, feirmeacha oscailte, zú, cinema, &rl.)
  • Idirlíon/láithreáin ghréasáin

16.1.2

Cén chaoi a gcuireann tú an fhaisnéis seo ar fáil agus feasacht a mhéadú ar na hacmhainní seo?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nuachlitir/leabhráin do thuismitheoirí/ríomhphost
  • Turais allamuigh/páirt in imeachtaí pobail

16.1.3

Cén chaoi a gcuireann tú an pobal ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí agus seirbhísí a thugann do shuíomh chun tacú le leanaí agus teaghlaigh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Nuachtlitir
  • Láithreán Gréasáin
  • Cruinnithe faisnéise
  • Nasc leis na meáin áitiúla

Comhpháirt 16.2 - Tá ceangail curtha ar bun ag an suíomh a bhfuil sé de chumas acu rannpháirtíocht an tsuímh leis an bpobal mór a leathnú agus a fhorbairt.

Deis Mhachnaimh

16.2.1

Cén t-eolas atá agat ar rólanna, freagrachtaí, cláir agus seirbhísí eagraíochtaí eile bainteach le leanaí agus teaghlaigh sa phobal áitiúil?


16.2.2

Cén chaoi a n-úsáideann tú na háiseanna agus na seirbhísí seo chun eispéireas, feasacht agus meas na leanaí/na dtuismitheoirí ar a bpobal áitiúil féin a fheabhsú? Féach 2.5 Féach 7.4


Comhpháirt 16.3 - Tá an suíomh ceangailte, comhtháite leis an bpobal áitiúil, an pobal réigiúnda agus an pobal náisiúnta.

Deis Mhachnaimh

16.3.1

Cé chomh gníomhach agus atá tú i líonraí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a thacaíonn agus a fheabhsaíonn baint amach do spriocanna agus cuspóirí?


16.3.2

Cén comhpháirtíocht agus caidreamh gairmiúil a forbraíodh le heagraíochtaí pobail, seirbhísí agus daoine gairmiúla eile?


16.3.3

Cé na hacmhainní agus saoráidí i do phobal áitiúil a úsáideann tú go rialta chun eispéiris na leanaí i do theach agus ina mbainteacht leis an timpeallacht a shaibhriú agus a fheabhsú? Féach 7.4 Féach 14.2 / 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • An timpeallacht nádúrtha (m. sh., gairdíní, trá, coillte, sléibhte, &rl.)
  • Páirc, linn snámha, páirceanna spóirt
  • Pictiúrlann, amharclann, leabharlann
  • ollmhargadh, oifig an phoist, siopa bláthanna

Comhpháirt 16.4 - Cuireann an suíomh saoránacht páistí ina bpobal áitiúil, a bpobal réigiúnda agus a bpobal náisiúnta chun cinn go gníomhach.

Féach 14.2/14.3

Deis Mhachnaimh

16.4.1

Cén chaoi a gcinntíonn tú go bhfuil do sheirbhísí comhordaithe go rialta le gníomhaireachtaí pobail agus/nó scoileanna áitiúla?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Polasaí aistrithe Féach 13.2
  • Cumainn na nDaoine Áitiúla
  • Tionscnaimh phobail (m. sh., ionaid ealaíne, grúpaí óige, bailte slachtmhara, ionaid do sheandaoine, &rl.)
  • Grúpaí spóirt

16.4.2

Cén chaoi a gcuireann tú ar chumas leanaí a bheith i láthair nó páirt a ghlacadh in imeachtaí agus gníomhaíochtaí sa phobal?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Turais allamuigh
  • Páirt in imeachtaí pobail (m. sh., margadh, aonach scoile, paráid na Féile Pádraig, &rl.)
  • Cuairteanna ar do theach ó ionadaithe ó réimse acmhainní pobail a éascú (m. sh., Gardaí, oifigeach dóiteáin, siopadóir, leabharlann, ealaíontóir, scéalaí, &rl.) Féach 3.2 Féach 14.2
  • Leanaí a bheith páirteach i gcomhair le seirbhísí eile (m. sh., cuairt ar ionad áitiúil do sheandaoine, airgead a bhailiú do dhídean ainmhithe, tionscadail éiceolaíocha, &rl.)
  • Eolas áitiúil, gníomhaíochtaí timpeallachta agus cultúrtha a chomhtháthú sa churaclam/chlár Féach 7.3