Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 12: Cumarsáid

Chun go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann ar mhaithe leis an pháiste, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus gnímh a chuireann roinnt eolais agus faisnéise chun cinn go gníomhach i measc páirtithe leasmhara cuí, le meas agus le rúndacht.

Comhpháirt 12.1 | Comhpháirt 12.2 | Comhpháirt 12.3 | Comhpháirt 12.4

Comhpháirt 12.1 - Bailíonn an suíomh faisnéis chuí, ábhartha ar gach pháiste agus stóráiltear ar bhealach sábháilte é.

Deis Mhachnaimh - Ginearálta

12.1.1

Cén chaoi a mbailíonn tú eolas ar leanaí aonair (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil)? Féach 3.1 Féach 7.6 Féach 10.6

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cineál faisnéise á lorg agus á stóráil ar leanaí
  • A chinntiú go bhfuil faisnéis taifeadta i gceart agus go cruinn
  • Áiseanna do stóráil shábháilte na faisnéise seo
  • Rochtain ar an bhfaisnéis seo
  • Rochtain ar thaifid i gcás éigeandála
  • A chinntiú go mbíonn an fhaisnéis a bhailítear athbhreithnithe go rialta agus coinnithe cothrom le dáta
  • Tuismitheoirí a chur san áireamh

Comhpháirt 12.2 - Tá an suíomh réamhghníomhach agus é ag roinnt faisnéise mar is cuí le páirtithe leasmhara eile ar mhaithe leis an bpáiste.

Deis Mhachnaimh

12.2.1

Cén chaoi a gcinntíonn tú cé aige a bhfuil fáil ar fhaisnéis agus cén chaoi a roinntear an fhaisnéis seo?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Rochtain tuismitheoirí ar fhaisnéis Féach 3.1 / 3.3
  • Faisnéis/páirtithe leasmhara ábhartha
  • Suimeanna an linbh
  • A bheith réamhghníomhach

12.2.2

Cén chaoi a roinntear an fhaisnéis?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Daoine fásta i do theach
  • Páirtithe leasmhara cuí taobh amuigh de do theach
  • Aiseolas rialta do thuismitheoirí maidir lena leanbh
  • Faisnéis a scaipeadh ar thuismitheoirí ó eagraíochtaí cuí eile Féach 16.1
  • Faisnéis a sholáthar chuig eagraíochtaí agus seirbhísí eile sa cheantar maidir leis na seirbhísí a chuireann tú ar fáil
  • Rochtain éasca do leanaí agus teaghlaigh ar sheirbhísí eile sa phobal a chur chun cinn
  • Eolas a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn teangacha eile (m. sh., tuismitheoirí le teanga dhúchais eile seachas ceann an tsuímh) nó ag a bhfuil míchumais (m. sh. tuismitheoirí atá bodhar nó a bhfuil deacracht éisteachta acu, tuismitheoirí atá caoch nó maolchaoch, tuismitheoirí ag a bhfuil míchumais eile a chuireann isteach ar a gcumas eolas a fháil nó a thuiscint) Féach 14.2

Comhpháirt 12.3 - Baineann rúndacht leis an gcaoi a dtaifeadann, a stórálann agus a roinneann an fhoireann faisnéis ar mhaithe leis na páistí.

Deis Mhachnaimh

12.3.1

Cén chaoi a roinntear faisnéis ar bhealach rúnda? Féach 14.3

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Tuismitheoirí a dheimhniú
  • Dul i gcomhairle le tuismitheoirí chun cead a fháil faisnéis a roinnt faoina leanbh/leanaí
  • Cén chaoi a gcuireann an córas stórála agus taifeadta rúndacht chun cinn
  • Áiseanna stórála sábháilte do na taifid

Comhpháirt 12.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le cumarsáid laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Deis Mhachnaimh

12.4.1

Cé na polasaithe i do shuíomh a bhaineann le taifeadadh agus roinnt faisnéise ar mhaithe leis na leanaí? Féach 10.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Cén chaoi a gcuireann na polasaithe agus na nósanna imeachta roinnt eolais agus faisnéise chun cinn ar mhaithe leis an leanbh
  • Polasaí a chur i bhfeidhm
  • Nósanna imeachta a dhoiciméadú