Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige



RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

Aonad Pholasaí an Luathoideachais, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Teach Haicín, Sráid Haicín, Baile Átha Cliath 2.

Fón: 01 674 3227/3228

Ranganna na Naíonán

Caighdeán 13: Aistrithe

Chun leanúnachas eispéireas a chinntiú do gach páiste, is gá polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais a bheith ann a bhfuil sé mar aidhm acu aistrithe a láimhseáil go comhthuisceanach. Is cóir go mbeadh na príomhchaidrimh buanseasmhach agus go mbeadh cumarsáid taobh istigh de shuímh agus ó shuíomh go suíomh. Is gá, chomh maith, eolas ábhartha a thaifeadadh agus a chur ar aghaidh (le cead na dtuismitheoirí), agus is gá na tuismitheoirí agus daoine gairmiúla cuí a bheith rannpháirteach go dlúth.

Comhpháirt 13.1 | Comhpháirt 13.2 | Comhpháirt 13.3 | Comhpháirt 13.4

Comhpháirt 13.1 - Déantar aistrithe réidhe a éascú agus a chur chun cinn trí bhuanchaidrimh lárnacha a sholáthar laistigh den suíomh.

Deis Mhachnaimh

13.1.1

Cén dóigh a dtacaíonn an scoil le buanchaidrimh lárnacha do pháistí?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Taithí an mhúinteora
  • An múinteoir céanna i rith na scoilbhlianaFéach 5.6
  • Íogair do riachtanais an pháiste a chinntiú ag amanna aistrithe le linn an lae Féach 5.3
  • Caidrimh ghaolachta atá daingean le múinteoirí/aosaigh sa scoil a sholáthar Féach 14.2
  • An dóigh a n-éascaíonn na caidrimh dhaingnithe seo aistriú éasca do pháistí go dtí an scoil/ laistigh den scoil/ón scoil

Comhpháirt 13.2 - Déanann an suíomh aistrithe réidhe a chur chun cinn trí chomhoibriú cuí laistigh de na suímh agus idir na suímh a chinntiú.

Deis Mhachnaimh

13.2.1

Cén dóigh a dtacaíonn do scoil le haistriú an pháiste isteach sa/laistigh de/ón seomra ranga na naíonán?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bailiúchán eolais sula dtagann an páiste isteach sa scoil Féach 12.1
  • An t-eolas seo a roinnt go cuí laistigh den scoil Féach 12.2
  • Naisc a dhéanamh le timpeallachtaí/scoileanna/eagraíochtaí/daoine aonair eile maidir le haistrithe réidhe a chur chun cinn Féach 16.4
  • Eolas agus comhairle a sholáthar do thimpeallachtaí/scoileanna/eagraíochtaí/daoine aonair eile nuair a bhíonn an páiste ag aistriú ó do sheomra ranga

Comhpháirt 13.3 - Glactar comhairle ó thuismitheoirí, ó pháistí agus ó ghairmithe cuí agus bíonn siadsan ag obair chun a chinntiú go mbíonn na haistrithe chomh réidh agus is féidir do na páistí.

Deis Mhachnaimh

13.3.1

Cén dóigh a ndéantar comhchomhairle le tuismitheoirí, páistí agus gairmithe cuí i gcás aistrithe páistí go dtí/ laistigh de/ó do scoil agus cén bhaint a bhíonn acu leis? Féach 4.1

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • A chur ar chumas foirne agus tuismitheoirí teacht le chéile agus ceisteanna a phlé roimh rollú an pháiste Féach 3.1
  • Deiseanna chun cuairt a thabhairt ar an scoil/seomra ranga roimh rollú
  • Páistí a insealbhú i ndiaidh a bheith curtha ar an rolla
  • Tuismitheoirí a éascú agus a spreagadh chun am a chaitheamh sa seomra ranga/scoil lena bpáiste i ndiaidh rollaithe Féach 3.2
  • Eolas a fháil faoin bpáiste ó thuismitheoirí/timpeallachtaí roimhe
  • Foráil eolais do thimpeallachtaí eile le cead ó thuismitheoirí Féach 12.2 /12.3
  • An dóigh a dtacaítear le haistrithe trí naisc fhoirmiúla, neamhfhoirmiúla le heagraíochtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile sa phobal Féach 16.3

Comhpháirt 13.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le haistrithe laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.

Deis Mhachnaimh

13.4.1

Cén dóigh a dtacaíonn polasaithe agus gnásanna le do ghníomhaíochtaí maidir le haistrithe na bpáistí? Féach 10.2

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Athbhreithniú agus nuashonrú an pholasaí
  • An polasaí i gcleachtas
  • Gnásanna a dhoiciméadú
  • A chinntiú go dtuigeann agus go leanann foireann/aosaigh na gnásanna seo