An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Is gá gach rialachán agus ceanglas reachtúil ábhartha a chomhlíonadh, nó dul tharstu.
Comhpháirt 15.1 - Comhlíonann an suíomh gach reachtaíocht agus gach rialachán ábhartha nó téann sé tharstu.
Deis Mhachnaimh
15.1.1An gcomhlíonann do sheirbhís an reachtaíocht agus na rialacháin chuí liostaithe in Aguisín 2?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
An bhfuil duine ainmnithe agat (nó daoine) a thuigeann agus a ghlacann freagracht as a chinntiú go gcomhlíonann an tseirbhís an reachtaíocht chuí san áireamh in Aguisín 2?
Cé na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agat chun a chinntiú go mbíonn tú suas chun dáta le reachtaíocht agus rialacháin nua?